#Óige

Óige: campaigners Óige: campaigners Óige: campaigners

Ní thagann deireadh le taithí foghlama pháiste ag deireadh an lá scoile. Tá deiseanna seachtracha, neamhfhoiremeálta de dhíth orthu chun an teanga a úsáid agus a chleachtadh; déanann seo normálú ar an teanga taobh amuigh de thimpeallacht an tseomra ranga.

2009:

I measc an 18 moladh a tháinig ón Tuairisc Athbhreithnithe ar an Ghaeloideachas, dúradh gur ceart don Údaras Oideachais deiseanna foghlama neamhfhoirmeálta a ghríosú, mar aon leis an dualgas atá orthu an Gaeloideachas a éascú.

D’ainneoin seo, go fóill tá difríocht shuntasach idir an maoiniú a chuirtear ar fáil do sheirbhísí óige Gaeilge i gcomparáid leis na seibhísí Béarla; tá bunús na seirbhísí, nó fiú na seirbhísí óige Béarla ar fad, maoinithe le bheith oscailte idir 5-7 lá in aghaidh na seachtaine. Do sheirbhísí óige Gaeilge, áfach, de bharr srianta maoinithe, ní osclaíonn siad ach 1-3 lá in aghaidh na seachtaine.

Ciallaíonn seo nach bhfuil deiseanna sásúla ann an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh d’uaireanta na scoile do pháistí nach bhfuil Gaeilge sa bhaile acu; bíonn tionchar dochrach aige seo ní hamháin ar a gcaidreamh leis an teanga, ach fosta, ar fhorbairt na teanga.

Chomh maith leis seo, bagraíodh druidim na gcumann óige Gaeilge roinnt uaireanta. Gach uair, sheas muid, An Dream Dearg, lenár ngníomhaithe óga ionsparáideacha, a thug dúshlán arís agus arís eile do laige an Údarais Oideachais seirbhísí óige Gaeilge a ghríosú agus a éascú.

2017:

Bhí sé mar aidhm ag Clár Óige Breisithe an Údarais Oideachais cumainn óige sna ceantair is díothaí a dhéanamh níos inrochtana; bronnadh maoiniú ar 4 chumann óige Gaeilge faoin scéim seo, ach diúltaíodh an maoiniú dóibh sa bhliain 2017. Chiallaigh seo go raibh todhchaí na gcumann i mbaol, agus go mbeadh páistí Gaelscoile fágtha gan rochtain ar chumann óige Gaeilge.

Spreag an cinneadh seo léiriú de ghníomh ag leibhéal phobal na Gaeilge. D’eagraigh na daoine a bhí thíos leis an chinneadh ágóid phoiblí laistigh de Cheanncheathrú an Údarais Oideachais, leis na céadta duine ag bailiú taobh amuigh den fhoirgneamh, agus daoine eile i mbun agóide suí laistigh den fhoirgneamh. B’é toradh na hágóide seo ná gur tugadh an maoiniú ar ais do na cumainn óige.

2019:

Bhí ar chumann óige Ghlór an Ghleanna, atá suite in ionad pobail i Léana an Dúin in Iarthar Bhéal Feirste, a ndoirse a dhruidim de bharr bhuairimh maidir le sábhailteacht. Dúnadh an foirgneamh, ach ní dhearna an tÚdaras Oideachais aon iarracht lárionad malartach a chur ar fáil, nó dul i ngleic leis an fhadhb.

Ní go dtí gur eagraigh gníomhaithe teanga, oibrithe óige agus daoine a bhí thíos leis an druidim, a d’aontaigh an tÚdaras Oideachais lárionad malartach sealadach a sholáthar don chumann óige.

2021:

Chuir an tÚdaras Oideachais áiseanna oideachais breise ar fáil in 10 dteanga; b’iarracht é chun nasc na bpáistí a choinneáil i rith thréimhse dhruidim na scoileanna de bharr na paindéime Covid-19. Níor dhearnadh aistriúchán ar bith ar an ábhar go Gaeilge. Rinneadh neamhaird iomlán ar an 7,000 páiste a bhí ag freastal ar Ghaelscoil sa tuaisceart.

2022

Chuir an tÚdarás Oideachais in iúl don earnáil óige Ghaeilge ó thuaidh nach raibh siad in ann cloí le maoiniú faoi leith don earnáil sin. Chuir an cinneadh seo deireadh le maoiniú stairiúil a cuireadh ar fáil don 24 cumann óige Gaeilge ó thuaidh. I measc na gcumann a mbeidh tionchar suntasach ag an chinneadh seo orthu, bhí eagras óige Gaeilge an Uachtar Chluanaí, Glór na Móna, eagras atá aitheanta mar an cumann óige is mó rath in Éirinn, chun 98% dá mhaoiniú a chailleadh.

Dá seasfadh cinneadh an Údaráis Oideachais, bheadh 200+ páiste san Uachtar Chluanaí gan cumann óige malartach; ní bheadh deiseanna foghlama neamhfhoirmeálta acu, rud a léiríonn neamhaird an Údaráis Oideachais ar chearta ár ndaoine óga. Chuige sin, d’eagraigh foireann Ghlór na Móna cruinniú poiblí agus ágóid taobh amuigh d’oifigí an Údaráis Oideachais chun dúshlán a thabhairt don chinneadh. I measc lucht freastail na hágóide, bhí na hoibrithe agus na daoine óga a rachadh an cinneadh i bhfeidhm orthu.

Tar éis na hágóide, tugadh cuireadh d’ionadaithe ó Ghlór na Móna freastal ar chruinniú leis an Údarás Oideachais agus chuir seo tús le próiseas úr comhoibrithe idir an dá eagraíocht. Thánagthas chun réiteach a shábháil todhchaí an chumainn; chuir an eagraíocht fáilte mhór roimh an chinnidh.

|