#Sráidainmneacha

Sráidainmneacha: campaigners Sráidainmneacha: campaigners Sráidainmneacha: campaigners

Tá a rialacha féin ag gach ceann de na 11 comhairle sa tuaisceart maidir le hiarratais le haghaidh chomharthaíocht sráide i nGaeilge.

Laistigh de na comhairlí, táthar ann:

  • A bhfuil polasaí sráidainmneacha fórasach acu
  • Le polasaí sráidainmneacha seanaimseartha
  • Gan pholasaí ar leith le haghaidh chomharthaíocht sráide

De bharr na difríochta idir pholasaithe na gcomhairlí, is féidir le cónaitheoirí i gcomhairle ceantair amháin an Ghaeilge a fheiceáil ar chomharthaíocht sráide, ach ní hamhlaidh an scéal i gcomhairlí eile. Fós féin, nuair a chuirtear comharthaí sráide dátheangacha in airde, is minic a dhéantar scrios orthu.

Is le gach duine an Ghaeilge; ba cheart go mbeadh gach cónaitheoir in achan comhairle ceantair in ann éileamh a léiriú ar son chomharthaí dátheangacha. Tá cur síos ar pholasaithe reatha na gcomhairlí ar fad thíos.

Comhairlí gan pholasaí sráidainmneacha ar bith

  • Comhairle Lár agus Oirthear Aontroma (gan aon rátáil)

De bhrí nach bhfuil polasaí ar leith ag an chomhairle ceantair seo, ní féidir le cónaitheoirí iarratas a dhéanamh le haghaidh chomhartha sráide dátheangach.

Tá iarracht déanta ag roinnt comhairlí an Ghaeilge a dhíothú go hiomlán; sa bhliain 2018, rinne Comhairle Ceantair Aontroma agus Bhaile Nua na Mainistreach iarracht polasaí sráidainmneacha ‘Béarla amháin’ a chur i bhfeidhm. Cuireadh an breithiúnas seo ar leataobh i ndiaidh do chónaitheoir dúshlán a thabhairt don chinneadh os comhair na hArd-Chúirte ar bhonn leithcheala.

Bliain ina dhaidh sin, i 2019, bhagair an Chomhairle ionchúiseamh ar bhean 85 bliain d’aois de bhrí go raibh comhartha Gaeilge féinchruthaithe in airde ar a réadmhaoin.

Ó shin, ghlac Comhairle Aontroma agus Bhaile Nua na Mainistreach le polasaí sráidainmneacha dátheangach i mí Iúil 2022, ach tá an polasaí féin sriantach agus ag teacht go hiomlán salach ar dhea-chleachtas na gcomhairlí eile.

Comhairlí le polasaí sráidainmneacha lag

Comhairle An Dúin Thuaidh agus na hArda (★)

  • Is gá do chónaitheoir ar mian leo iarratas a dhéanamh ar son chomhartha sráide dátheangach dul doras ar dhoras agus achainí a bhailiú ó 33% den tsráid chun tús a chur leis an phróiseas.
  • Má bhailítear an achainí, déanfaidh an Chomhairle suirbhé poist le cónaitheoirí na sráide atá ar an chlár toghthóir. Tá tacaíocht de dhíth ó 66% de chónaitheoirí chun go mbeidh rath ar an iarratas.
  • Muna dtugann cónaitheoir freagra ar an tsuirbhé sráide, glactar leis go bhfuil siad in éadan an chomhartha sráide dátheangach.

Comhairle Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte (★)

  • Muna n-éiríonn leis an iarratas, cuirfear cosc 5 bliana ar ath-iarratais don tsráid sin.

Comhairle Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh (★)

  • Is gá do chónaitheoir ar mian leo iarratas a dhéanamh ar son chomhartha sráide dátheangach dul doras ar dhoras agus achainí a bhailiú ó 33% den tsráid chun tús a chur leis an phróiseas.
  • Má bhailítear an achainí, déanfaidh an Chomhairle suirbhé poist le cónaitheoirí na sráide atá ar an chlár toghthóir. Tá tacaíocht de dhíth ó 66% de chónaitheoirí chun go mbeidh rath ar an iarratas.
  • Muna dtugann cónaitheoir freagra ar an tsuirbhé sráide, glactar leis go bhfuil siad in éadan an chomhartha sráide dátheangach.
  • Déanann an Coiste machnamh ar bharúlacha a chuireann i gcoinne an chomhartha dátheangach
  • Má éiríonn leis an iarratas, caithfidh aistriúchán ar bith ar an tsráidainm a bheith mar aistriúchán díreach den leagan Béarla agus gearrfar an costas seo ar an iarratasóir.
  • Muna n-éiríonn leis an iarratas, cuirfear cosc bliana ar ath-iarratais don tsráid sin.

Comhairle Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon (★)

  • Is gá do chónaitheoir ar mian leo iarratas a dhéanamh ar son chomhartha sráide dátheangach dul doras ar dhoras agus achainí a bhailiú ó 33% den tsráid chun tús a chur leis an phróiseas.
  • Má bhailítear an achainí, déanfaidh an Chomhairle suirbhé poist le cónaitheoirí na sráide atá ar an chlár toghthóir. Tá tacaíocht de dhíth ó 66% de chónaitheoirí chun go mbeidh rath ar an iarratas.
  • Muna dtugann cónaitheoir freagra ar an tsuirbhé sráide, glactar leis go bhfuil siad in éadan an chomhartha sráide dátheangach.
  • Muna n-éiríonn leis an iarratas, cuirfear cosc 2 bliana ar ath-iarratais don tsráid sin.

Chuir cónaitheoirí i gComhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon tús le hathbhreithniú breithiúnach mar gur dhiúltaigh an Chomairle d’iarratas ar chomhartha sráide dátheangach a sháraigh gach constaic agus a bhain gach tairseach amach. As an 95 cónaitheoir i gCnoc Chois Coille, bhí 64 ar son an iarratais agus 3 ina éadan agus d’úsáid an Chomhairle a discréid chun diúltú don iarratas.

Comhairle Aontroma agus Bhaile Nua na Mainistreach (★)

  • Is gá do chónaitheoir ar mian leo iarratas a dhéanamh ar son chomhartha sráide dátheangach dul doras ar dhoras agus achainí a bhailiú ó 33% den tsráid chun tús a chur leis an phróiseas.
  • Má bhailítear an achainí, déanfaidh an Chomhairle suirbhé poist le cónaitheoirí na sráide atá ar an chlár toghthóir. Tá tacaíocht de dhíth ó 66% de chónaitheoirí chun go mbeidh rath ar an iarratas.
  • Muna n-éiríonn leis an iarratas, cuirfear cosc 3 bliana ar ath-iarratais.
  • Ní ghlacann an Chomhairle ach le 3 iarratas in aghaidh na míosa.

D’éirigh le Comhairle Aontroma agus Bhaile Nua na Mainistreach na chéad chomharthaí dátheangacha a cheadú i mí Eanáir 2024.

Comhairlí le polasaí sráidainmneacha forásach

Comhairle Chathair Bhéal Feirste (★★★)

  • Is féidir le cónaitheoir aonair ón tsráid atá ar an chlár toghthóirí tús a chur leis an phróiseas trí theagmháil a dhéanamh leis an chomhairle.
  • Déanfaidh an chomhairle suirbhé poist le gach duine sa tsráid atá ar an chlár toghthóirí agus tá 15% de thacaíocht de dhíth chun go mbeidh rath ar an iarratas.
  • Glacann an chomhairle le 6 iarratas in aghaidh na míosa.

Ó ghlac an Chomhairle leis an pholasaí úr i mí Iúil 2022, tá breis is 1,000 iarratas faighte acu.

Comhairle Chathair Dhoire agus an Cheantar an tSrátha Báin (★★★)

  • Is féidir le cónaitheoir aonair ón tsráid atá ar an chlár toghthóirí tús a chur leis an phróiseas trí theagmháil a dhéanamh leis an chomhairle.
  • Faoi láthair, tá gá le tacaíocht ó 66% de chónaitheoirí sa tsráid chun go mbeidh rath ar an iarratas.
  • I mí Eanáir 2021, ghlac CCDSB le rún a ísleodh an tairseach tacaíochta do chomharthaí sráide dátheangacha ó 66% go dtí 15%. Tá an tuairisc a dhaingneoidh an cinneadh seo go hoifigiúil le dul faoi bhráid an Choiste Timpeallachta agus Athnuachana sna míonna amach romhainn. Go dtí sin, tá iarratais ag brath ar thacaíocht ó 66% de chónaitheoirí chun go mbeidh rath air.

Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí (★★★½)

  • Is féidir le cónaitheoir aonair ón tsráid atá ar an chlár toghthóirí tús a chur leis an phróiseas trí theagmháil a dhéanamh leis an chomhairle.
  • Déanfaidh an chomhairle suirbhé poist le gach duine sa tsráid atá ar an chlár toghthóirí agus tá 15% de thacaíocht de dhíth chun go mbeidh rath ar an iarratas.

Comhairle Ceantair Lár Uladh (★★★½)

  • Is féidir le cónaitheoir aonair ón tsráid atá ar an chlár toghthóirí tús a chur leis an phróiseas. Sin ráite, ní ghlacann an chomhairle le hiarratais má tá siad i gcoirp ríomhphoist. Is gá litir a sheoladh le síniú ón chónaitheoir.
  • Déanfaidh an chomhairle suirbhé poist le gach duine sa tsráid atá ar an chlár toghthóirí. Chun go mbeidh rath ar an iarratas, tá gá le tacaíocht ó 50(+1)% d’fhreagróirí.
  • Muna n-éiríonn leis an iarratas, cuirfear cosc bliana ar ath-iarratais don tsráid.

Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin (★★★½)

  • Is féidir le cónaitheoir aonair ón tsráid atá ar an chlár toghthóirí tús a chur leis an phróiseas.
  • Déanfaidh an chomhairle suirbhé poist le gach duine sa tsráid atá ar an chlár toghthóirí. Chun go mbeidh rath ar an iarratas, tá gá le tacaíocht ó 50(+1)% d’fhreagróirí.
|