Nuacht

Mo chnó beag ag bun chnoc an tí

Cé nach raibh an Ghaeilge ag an mhórchuid dár gcairde, chuala siad muidinne ag caint lenár bpáistí féin agus ár neachta i nGaeilge, ach níos tábhachtaí arís, chuala a gcuid páistí í á labhairt go flúirseach agus go nádúrtha eadrainn.
Mo chnó beag ag bun chnoc an tí

Is mise Breanda Uí Chléirigh. Is múinteoir meánscoile mé, ball de Laochra Loch Lao agus múinteoir le Glór na Móna. Tá mé pósta agus tá beirt iníonacha againn atá muid ag tógáil le Gaeilge.

Nuair a bhí m’iníon is óige, Fódhla, ag tarraingt ar bhliain d’aois, cheannaigh muid ár gcnó beag ag bun chnoc an tí, i Rann na Feirste, i nGaeltacht Thír Chonaill. Teach Mhary Phádraig mar is fearr aithne air. Is é ceann de na rudaí a mheall chuig an teach muid ná, ní amháin an áit ina bhfuil sé suite, nó go dtig leat barr an Earagail a fheiceáil ó fhuinneog na cistine ach go raibh neart spáis ann le go dtiocfadh le scaifte stopadh ann.

Leis an fhírinne a rá, bhí sprioc eile againn nuair a cheannaigh muid an teach. Bhí muid ag iarraidh ár ngrá don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a roinnt lenár muintir agus lenár gcairde.

Is cuimhin liom ár gcéad samhradh ann. Creidim gur chuntas muid duine is fiche ag stopadh ann ag pointe amháin. Bhí daoine ina luí ar na hurláir, sa scioból, ar na toilg.

Is iomaí lá fada samhraidh a chaith muid ar thrá na Carraige Finne, ag siúl cois farraige thart ar Ghaoth Dobhair, ag iascaireacht agus ag snámh, ag dreapadh na gcarraigeacha agus na gcnoc. Is fíor go raibh craic agus ceol ann thart ar an tine sna hoícheanta te teolaí, díreach mar a tharla sa teach cheánna san am a chuaigh thart.

Níl aon amhras orm gur thit siad i ngrá leis an teanga agus leis an chultúr sna laethanta sin a chaith siad linn agus gur imir Teach Mhary Phádraig tionchar nach beag ar an Ghaelghrá sin.

Cé nach raibh an Ghaeilge ag an mhórchuid dár gcairde, chuala siad muidinne ag caint lenár bpáistí féin agus ár neachta i nGaeilge, ach níos tábhachtaí arís, chuala a gcuid páistí í á labhairt go flúirseach agus go nádúrtha eadrainn.

Is cinnte go ndeachaigh sin i bhfeidhm ar roinnt mhaith acu a lean ar aghaidh leis an Ghaeilge ag an ardleibhéal ar scoil agus tá duine amháin fiú anois ag freastail ar an ollscoil le bheith ina múinteoir Gaeilge. Níl aon amhras orm gur thit siad i ngrá leis an teanga agus leis an chultúr sna laethanta sin a chaith siad linn agus gur imir Teach Mhary Phádraig tionchar nach beag ar an Ghaelghrá sin.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|