Nuacht

Óráid Katie Ní hÉireamhoin (An Lá Dearg 2022)

Bhí mé páirteach san fheachtas mar pháiste agus ag an am bhí mé brónach go raibh mo sheirbhís i gcontúirt ach níor thuig mé cé chomh dí-mheasúil is a bhí na hionsaithe a thit amach.
Óráid Katie Ní hÉireamhoin (An Lá Dearg 2022)

Is mise Katie Ní hÉireamhoin. Tá mé seacht mbliana déag d’aois. Is Gael óg mé ón Uachtar Chlaunaí. Thosaigh m’aistear agus mé i mo dhuine óg ag freastal ar an ghaeloideachas agus ar an chumann óige agus mé mar pháiste. D’fhreastail mé ar an chumann óige ar feadh 9 mbliana agus anois ta mé mar oibrí deonach le Glór na móna. Is dalta me ar Choláiste Feirste chomh maith agus is ionadaí bródúil mé ar an Ghaeloideachas.

Le linn mo chuid ama sa chumann tá neart idirdhealaithe feicthe agam i gcomparáid le mo chairde nach bhfuil Gaeilge acu. In 2017 tharla an ghéarchéim óige, rinneadh slad ar mhaoiniú Ghlór na Móna agus cuireadh ár seirbhís óige Gaeilge i mbaol. Ba scannal iomlán seo agus throid pobal na Gaeilge ar ais. Agus bhain muid!

Bhí mé páirteach san fheachtas mar pháiste agus ag an am bhí mé brónach go raibh mo sheirbhís i gcontúirt ach níor thuig mé cé chomh dí-mheasúil is a bhí na hionsaithe a thit amach.

Anois mar dhéagóir atá iomlán tugtha don obair óige agus saol na Gaeilge, nuair a tharla seo arís dúinn i mbliana, cúig bliana ar aghaidh, rinne an EA iarracht slad a dhéanamh ar na seirbhísí arís, bhí fearg orm!!

Sheas mé le mo chairde agus na hoibrithe agus throid muid in éadan na ndaoine i gcumhacht, agus an bhfuil fhios agaibh a chairde cad é a tharla? Bhain muid arís. Bhain pobal na Gaeilge mar gur throid muid ar ais, mar gur sheas muid le chéile.

Mar ghaeil óg, ceistím an Rialtais  – CÁ BHFUIL MO CHEARTA?

Tá Acht Ghaeilge de dhíth orainn tríd reachtaíocht chun cosaint a dhéanamh ar ár seirbhísí, ár Oideachas agus ár teanga dhúchais chun stad a chuir leis an fháinne fí seo.

Beidh ár gcearta againn!

Acht Anois!!

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|