An litir dhearg
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.
Ó bhí 1998 ann, tá soláthar don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge geallta i gcomhaontuithe polaitíochta éagsúla. Táimid fós ag fanacht le go gcomhlíonfar na geallúintí sin.
Tá pobal bríomhar, glórach, cumasaithe againn a bhfuil obair na gcapall déanta acu chun cearta, cothromas agus cóir a bhaint amach don Ghaeilge. Is é gníomhachas an phobail an rud is mó a chuir le rath an fheachtais.
Tá cearta teanga i measc cearta an duine. Ní ghlacfaimid le séanadh na gceart sin a thuilleadh. Tá an lá tagtha nach gcaithfear linn níos mó mar shaoránaigh den dara grád. Anois an t-am le coimitmintí i leith na Gaeilge a chomhlíonadh. Acht Anois!
Cuirimid éilimh phobal na Gaeilge chun cinn. Téimid i ngleic leis an éagothroime. Leanfaimid orainn ag feachtasaíocht ar son chur i bhfeidhm iomlán gach coimitminte i leith na Gaeilge. Níl an obair ach ina thús.
Seasaimid an fód le grúpaí eile a ndéantar imeallú agus cos ar bolg orthu. Creidimid i gcearta do chách agus aithnímid an tábhacht agus an gá atá le sochaí cheartbhunaithe a chothú.
Is muid An Dream Dearg. Is sibh An Dream Dearg. Is cuid den Dream Dearg iad gach duine a chreideann i gcearta, cothromas agus cóir do chách. Bígí linn!
Cuir iarratas isteach le comhartha Gaeilge a chur suas ar do shráid.
Aimsigh do shráid anoisCuir ríomhphost chuig Rúnaí Buan na Roinne Oideachais, Mark Browne, ag impí air athmhachnamh a dhéanamh ar na ciorruithe atá beartaithe do sheirbhísí Gaeilge.
Déan anois éBí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.