Nuacht

Humans of an Dream Dearg: Conchúr Ó Muadaigh

Scéalta ó na haghaidheanna sin atá taobh thiar den Dream Dearg.
Humans of an Dream Dearg: Conchúr Ó Muadaigh

Is mise Conchúr Ó Muadaigh. Tá mé mar bhainisteoir ar Chumann Óige lán-Ghaeilge, Cumann Óige Uachtar Chluanaí. Cuirimid deiseanna oideachasúla, neamhfhóirmealta ar fáil do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge, taobh amuigh de thimpeallacht na scoile.

Is iomaí bac a bhíonn os ár gcomhair agus muid ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar earnáil na Gaeilge. Sa lá atá inniu ann, bímid fós thíos le heisiamh, leithcheal i soláthar na n-áiseanna do chumann óige trí mheán na Gaeilge.

Dhéanfadh Acht Gaeilge difear mór domsa, mar oibrí óige, mar chiallódh sé go mbeadh soláthar cothrom ar áiseanna, agus chuirfeadh seo go mór le heispéaras oideachais ár ndaoine óige.

I ndiaidh na coimitmintí idirnáisiúnta a tugadh sa bhliain 2006, tá sé thar am go gcuirtear cosaint reachtach agus straitéis teanga i bhfeidhm do phobal na Gaeilge atá go mór faoi bhláth anseo sa Tuaisceart.” #AchtAnois #DeargInniuDeargGoDeo

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|