Eolas

1998 Comhaontú Aoine an Chéasta

In 1998, gealladh ré úr chomhionannais do phobal na Gaeilge leis na coimitmintí uaillmhianacha i dtaca leis an teanga i gComhaontú Aoine an Chéasta. Gheall Rialtas na Breataine go ndéanfadh siad ‘gníomh diongbháilte’ chun an Ghaeilge a chur chun cinn.


2001 An Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh

Dhaingnigh Rialtas na Breataine an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh maidir leis an Ghaeilge sa bhliain 2001. Cuireadh dualgas orthu gealltanais éagsúla i leith na teanga a chur i bhfeidhm sa saol cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch, in údaráis riaracháin, sna meáin, i gcúrsaí oideachais agus i seirbhísí trasteorann.


2006 Comhaontú Chill Rìmhinn

Tháinig Comhaontú Chill Rìmhinn sna sála ar thréimhse ocht mbliana nár comhlíonadh geallúintí a rinneadh i gComhaontú Aoine an Chéasta lena linn.


2014 An Chéad Lá Dearg

In 2014, bhí neart cainte ann faoi choincheap an Achta Gaeilge. In éagmais reachtaíochta, léirigh Aontachtóirí áirithe dímheas agus aineolas i leith phobal na Gaeilge agus choinnigh siad ar an imeall sinn. 


2016 Toghcháin agus Scéim Sparánachtaí Líofa

I dtoghchán na bliana 2016, ceapadh comhalta tofa de chuid an DUP (Peter Weir) mar Aire Oideachais den chéad uair riamh. Díreach i ndiaidh dó theacht isteach sa ról, baineadh an téacs Gaeilge uilig ó shuíomh gréasáin na Roinne agus leanadh leis an chineál sin dímheasa ar an Ghaeilge agus ar lucht a labhartha an chuid eile den bhliain.


2017 Bunú An Dream Dearg

Níorbh aon timpiste é an dóigh ar fógraíodh giorruithe Líofa. Rinneadh é go díreach roimh bhriseadh na Nollag, leis an Roinn ag súil nach mbeadh raic ann faoi agus go ndéanfadh daoine dearmad air thar thréimhse na Nollag.


2020 Ré Nua Cur Chuige Nua

Ba dhul chun cinn suntasach é foilsiú na reachtaíochta ‘Ré Nua, Cur Chuige Nua’ i mí Eanáir 2020 agus ba thoradh é ar an fheachtasaíocht a bhí ag dul ar aghaidh ag leibhéal an ghnáthphobail ar feadh na mblianta.


2021 Coimitmint phoiblí ó Rialtas na Breataine

I mí an Mheithimh 2021, rinne Rialtas na Breataine coimitmint go poiblí go dtabharfar isteach an reachtaíocht teanga a gealladh i mí Eanáir 2020 tríd Westminster i mí Dheireadh Fómhair 2021 muna ndéanfaidh Feidhmeannas an Tuaiscirt amhlaidh fá mhí Mheán Fómhair 2021.


2022 2022

An reachtaíocht teanga os comhair Westminster


|