#AchtAnois

AchtAnois: campaigners AchtAnois: campaigners AchtAnois: campaigners

Tá feachtas an Dream Dearg ar son #AchtAnois fréamhaithe sna hidéalacha gurb ionann cearta teanga agus cearta daonna; éilímid Acht Gaeilge at cuimsitheach, neamhspleách agus ceart-bhunaithe, rud a gealladh dúinn i gComhaontú Chill Rímhinn 2006.

Thabharfadh Acht Gaeilge leibhéal cosanta don teanga, agus chinnteodh sé nach mbraitheann cur chun cinn na teanga ar dhearcadh pháirtí nó Aire áirithe. Bhí an tAcht Gaeilge a gealladh faoi Chomhaontú Chill Rímhinn le bheith bunaithe ar thaithí na Breataine Bige agus an deiscirt, dhá áit a bhfuil cosaint reachtach agus stádas oifigiúil ag an Bhreatnais agus an Ghaeilge faoi seach. Go fóill, fanaimid ar na cosaintí céanna.

Is muid an eisceacht.

B’iad blianta fada de choimitmintí neamhchomhlíonta, mar aon le hionsaithe polaitiúla ar an Ghaeilge a ba chúis le bunú an fheachtais #AchtAnois.

In éagmais na reachtaíochta Gaeilge, tugadh leithscéal, bíodh is gur leithscéal míréasúnta a bhí ann, dóibh siúd a chuireann i gcoinne na teanga chun imeallú agus neamhaird a dhéanamh ar ár bpobal. Bhí seo le sonrú in aineolas polaitiúil agus nuair a rinneadh ceap magaidh i leith phobal na Gaeilge.

De bhrí nach raibh reachtaíocht ann a chur cosc ar leithcheal ar bhonn teanga, glacadh leis go raibh ionsaithe ar an teanga nádúrtha. De bhrí nach raibh dlí ann a thug aitheantas don Ghaeilge, d’fhág sin go raibh cinntí tábhachtacha maidir leis an Ghaeilge ag braith ar thoil, no neamhthoil, pholaitiúil. Ní raibh freagracht dhlíthiúil ann má/nuair a rinneadh ionsaithe gangaideacha ar an teanga.

Chonacthas dúinn nach raibh an dara rogha againn ach dúshlán a thabhairt do chaimiléireacht an chórais.

B’iad blianta fada de choimitmintí neamhchomhlíonta, mar aon le hionsaithe polaitiúla ar an Ghaeilge a ba chúis le bunú an fheachtais #AchtAnois. Ní raibh Gaeilgeoirí sásta lena gcaitheamh mar shaoránaigh den dára ghrád a thuilleadh. Cuireadh tús leis an fheachtas trí léiriú ionsparáideach de ghníomhachas ag leibhéal an phobail. A bhuí le hobair dhíograiseach Dheargóirí fud fad na tíre, tá an Ghaeilge anois leabaithe mar chuid lárnach de dhioschúrsa polaitiúil an tuaiscirt.

Bhain muid úsáid as ár nguthanna chun athrú fiúntach a bhaint amach agus chun cur orthu siúd i gcumhacht seasamh linn inár n-éileamh ar son chearta, chothromas agus chóir don Ghaeilge.

Chuaigh muid chun sráide chun dúshlán poiblí a thabhairt don éagothroime a bhfuil ár bpobal thíos leis; léiríonn seo ann féin gur ligeadh síos muid.

Is ionann ceart moillithe agus ceart diúltaithe.

Leoga, thug dréacht-reachtaíocht a foilsíodh i mí Eanáir 2020 cearta bunúsacha do phobal na Gaeilge, agus fós féin, nuair a labhraímid faoi chur i bhfeidhm na reachtaíochta sin, cuireadh síos ar mar ‘ghéilleadh’. Is ionann ceart moillithe agus ceart diúltaithe, agus nuair atá moilleadóireacht déanta ar feadh chomh fada is atá, shílfeá go bhfuil cur i bhfeidhm na reachtaíochta réadúil mar éileamh.

2 bhliain níos moille, cuireadh tús le haistear reachtach na reachtaíochta teanga a gealladh i mí Eanáir 2020 ag Westminster; clochmhíle suntasach inár bhfeachtas agus d’ár bpobal. Ó shin, chuir an Rí a lámh leis agus foilsíodh na rialacháin tosaithe do cheapadh an Choimisinéara Gaeilge i mí an Mheithimh 2023. Go dtí seo, ní dhearnadh aon dul chun cinn sa phróiseas earcaíochta nó ceapacháin.

Cé go bhfuil pobal na Gaeilge ag súil go mór le cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga, ní mór dúinn bheith airdeallach nach bhfuil an reachtaíocht seo foirfe; titeann sé go mór faoin rud a gealladh dúinn sa bhliain 2006. B

Leanfaidh muid orainn ag eagrú ár bpobal glórach, gníomhach agus ag tabhairt dúshláin nuair nach gcomhlíontar cearta ár bpobail.

Leanfaidh muid orainn ar an aistear seo chun go bhfeicfidh muid cur i bhfeidhm iomlán gach uile choimitmint i leith na Gaeilge.

Bí linn. Bí páirteach. Bí glórach. #AchtAnois

|