Nuacht

Súil siar ar an chéad Lá Dearg

Amharcann muid siar deich mbliana agus is ríshoiléir dúinn na fréamhacha don Dream Dearg a aimsiú, ach is fiú cuimhneamh ar an inspioráid a thug pobail na Gaeltachta dúinn.
Súil siar ar an chéad Lá Dearg

12ú Aibreán 2014 – an chéad Lá Dearg nuair a shiúil na mílte daoine ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Cearnóg Theach an Chustaim i lár Bhéal Feirste ag éileamh cearta, cothromas agus cóir.

Tháinig an lá seo i gcomharba ar Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra na bliana sin. Bhí feachtas náisiúnta a thógáil an tráth sin le cinntiú go mbeadh todhchaí ann don Ghaeilge, go mairfeadh sí sa Ghaeltacht agus go mbeadh na deiseanna agus an ceart ag pobal na teanga san iarGhaeltacht, idir thuaidh agus theas, lena saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.

Ba é éirí as an chéad Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a spreag na Gaeil i dtreo gnímh. Dúirt Ó Cuirreáin ag an am:

“D’ainneoin tacaíocht ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír don teanga, tá sí á ruaigeadh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán phoiblí […]. An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.”

Díreach roimh an Lá Mór, fuair muid scéal ó chairde i nGaoth Dobhair agus Conamara go mbeadh siad ag caitheamh éadaí dearga agus go mbeadh ‘Dearg le Fearg’ mar mhana acu. Thóg gach duine seo ar bord go gasta agus bhí an dath dearg suntasach in imeachtaí an lae.

Agus í ag labhairt ar an ardán, d’fhógair Caoimhe Ní Chathail go mbeadh mórshiúl i mBéal Feirste i mí Aibreáin, chun tús a chur tús le feachtas a dhíreodh ar chúinsí sna sé chontae. Ag an am seo d’fhoilsigh Comex tuairisc a chuir locht ar fheidhmeannas Stormont as easpa dul chun cinn ó thaobh na Gaeilge de. D’fhógair Foras na Gaeilge an cinneadh s’acu faoin Samhail Nua Maoinithe, a d’athraigh an córas mhaoinithe d’eagraíochta Gaeilge ó bhun go barr, agus d’fhág seo roinnt ghrúpaí ó thuaidh i ndrochriocht. Bhí ciorruithe eile ag cur isteach ar earnálacha éagsúla agus bhí fadhb an easpa cosanta reachtúil i mbéal an phobail.

Chomh maith leis seo, bhí feachtas tosaithe leis an dara meánscoil Ghaeilge a bhunú ó thuaidh, bhí feachtas ag Coláiste Feirste fá choinne sheirbhís bus dá ndaltaí, agus bhí go leor leor eile ag titim amach le pobal a bhí fós ag fás in ainneoin na gconstaicí agus na ndeacrachtaí uilig. Beartaíodh trí éileamh le bheith mar bhunchlochanna don fheachtas nua:

  • Go ritear Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe
  • Go gcomhlíonann an stát ó thuaidh a ndualgas reachtúil le go bhforbrófar córas Gaeloideachais
  • Go gcuirfear acmhainní cuí ar fáil ar son fhorbairt phobal na Gaeilge

Ar dtús ní raibh teideal ceart againn don ócáid – thug muid ‘An Lá Mór’ nó ‘An Lá Mór 2’ air go neamhoifigiúil go dtí gur moladh dul leis An Lá Dearg agus an mana sin ó phobail na Gaeltachta a shú isteach i gcroílár an fheachtais.

Tháinig an lá agus tháinig na sluaite ó gach cearn den tír. I gCearnóg Theach an Chustaim, bhí béim mhór ar an ghlúin óg agus ar an todhchaí. Bhí buíon cheoltóirí ó Choláiste Feirste ag bualadh leo nuair a tháinig an slua chuig an cheann scríbe. Labhair na déagóirí Cassie Ní Chatháin agus Tigernach Ní Chasaide ansin faoi chúrsaí oideachais.

Labhair Móna Uí Dhochartaigh faoi chlann óg a thógáil trí Ghaeilge agus na deacrachtaí a bhain le seirbhísí a fháil. Labhair Sara Ní Chuireáin ó Ghaeltacht Thír Chonaill faoin streachailt leis an Ghaeltacht a shábháil, agus chan Aodh Óg Ó Gairbheith, gasúr Gaeltachta trí bliana d’aois, chan sé dán don slua a bhí lán le greann agus le cumhacht.

Bhí ceol chomh maith ó J.J. Ó Dochartaigh agus ó Éamonn Mór Ó Faogáin ag cur deireadh leis an imeacht.

Amharcann muid siar deich mbliana agus is ríshoiléir dúinn na fréamhacha don Dream Dearg a aimsiú, ach is fiú cuimhneamh ar an inspioráid a thug pobail na Gaeltachta dúinn.

Is fiú cuimhneamh fosta ar an dul chun cinn atá déanta – ní aithnítear i gcónaí é nuair atá muid i lár troda – agus ar na dúshláin fós os ár gcomhair, chomh maith leis na feachtais agus éilimh le teacht.

Tá an dara meánscoil Ghaeilge ann ó thuaidh, anois tá trácht ar an ghéarghá leis an dara meánscoil i mBéal Feirste. Tá Conradh na Gaeilge ag díriú airde faoi láthair ar na fadhbanna le struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge. Agus tá an tAcht Gaeilge le cur i bhfeidhm go fóill, agus súil ghéar againn ar cad é tharlóidh leis an chéad Choimisinéir Teanga do na sé chontae.

Ag caitheamh súil siar deich mbliana, is fiú cuimhneamh fosta ar na bealaí éagsúla a thugann an ghluaiseacht s’againn spreagadh dá chéile. Bíonn feachtais áitiúla ann ach tá muid mar chuid de rud atá i bhfad Éireann níos mó agus níos fairsinge ná muid féin. Thig linn ceachtanna a roinnt agus dlúthpháirtíocht a léiriú agus muid ag obair i dtreo athbheochan na Gaeilge agus athghabháil na hÉireann.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|