Nuacht

'Nuair a lasadh bladhaire na Gaeilge ionam, níor amharc mé siar ariamh.'

Is fíor an scéal é gur tháinig deireadh le mo chuid Gaeilge nuair a d’fhág me slán le geataí na scoile, ach ní ormsa a bhí an locht; comhráití trí mheán an Bhéarla le mo chairde sa tsráid a threoraigh an rogha teanga i gcónaí. Cumann óige Béarla thart an coirnéal ó mo theach. An tsólann áitiúil a d’úsáid muid le haghaidh cheachtanna snámha ar scoil le comharthaíocht aonteangach Béarla. Bhí an Béarla thart timpeall orm in achan ghné de mo shaol.
'Nuair a lasadh bladhaire na Gaeilge ionam, níor amharc mé siar ariamh.'

Ar bhreathnú siar dom, ní raibh nasc i gcónaí agam leis an Ghaeilge mar atá agam anois. Bhí an Ghaeilge mar chéad teanga labhartha agam sa bhaile agus fuair mé m’oideachas bunscoile go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Aithním anois gur seoda iad seo ar cheart go raibh mé bródúil astu, ach i ndáiríre, a mhalairt a bhí fíor; ba thréithe iad seo a léirigh do dhaoine, lucht mo chomhaoise ach go háirithe, go raibh mé difriúil; cúis náire do dhuine óg ar bith atá ag fás aníos agus iad ag iarraidh a bheith mar chuid den slua.

“How do you say this in Irish? Why do you even speak Irish? Do you know any curse words in Irish?”

Bhí mé mar a bheadh taibheoir sorcais ann in amanna, nó is mar sin a mhothaigh mé ó am go chéile ar aon nós.

As an chúigear dlúthchairde a bhí agam agus mé ag fás aníos, ba mise an t-aon duine le Gaeilge. Is fíor an scéal é gur tháinig deireadh le mo chuid Gaeilge nuair a d’fhág me slán le geataí na scoile, ach ní ormsa a bhí an locht; comhráití trí mheán an Bhéarla le mo chairde sa tsráid a threoraigh an rogha teanga i gcónaí.

Cumann óige Béarla thart an coirnéal ó mo theach. An tsólann áitiúil a d’úsáid muid le haghaidh cheachtanna snámha ar scoil le comharthaíocht aonteangach Béarla.

An Béarla thart timpeall orm in achan ghné de mo shaol.

Thosaigh mé ag cur creidimh sa teachtaireacht a bhí á brú orm go fo-chomhfhiosach ón tsochaí thart timpeall orm; ní rud normálta é an Ghaeilge a labhairt go poiblí. Beidh tú i do chág i measc péacóg.

Ar bhealach cinéal ceannairceach, mar sin, chuir mé stop iomlán leis an Ghaeilge a labhairt go poiblí. Más rud é gur chuir mo dhaidí scairt orm agus dá labhródh sé i nGaeilge liom, d’fhreagróinn i mBéarla é.

Is maith is cuimhin liom go raibh mé cinéal maith ag an Ghaeilge ar scoil agus d’éirigh liom cúpla duais a bhaint amach ag leibhéal GCSE agus A Leibhéil.

Ach d’ainneoin mo ratha acadúil, bhí coimhlint inmheánach ag dul ar aghaidh ionam idir bhród agus náire.

“Obviously you did well in Irish. It’s easy for you.”

Ach i ndáiríre a mhalairt atá fíor. Cén dóigh a mbeadh sé furasta dom nuair nach bhfeicim an Ghaeilge thart orm?

Cén dóigh a mbeadh sé furasta dom nuair nach raibh deiseanna foghlama neamhfhoirmeálta trí mheán na Gaeilge ar fáil dom agus mé ag fás aníos?

Cén dóigh a mbeadh sé furasta domsa nuair atá cónaí orm in áit a dhéanann imeallú agus neamhaird ar an Ghaeilge?

Is ansin a bhuail splanc thuisceana mé; níor cothaíodh dearcadh s’agam, nó na dearcthaí sochaíocha thart timpeall orm de thaisme; is tionchar díreach iad ón domhan a mairim ann; toradh an choilíneachais, de neamhghníomh rialtais agus stáit agus ón imeallú leanúnach aonteangach.

Tá taithí fhada, phianmhar ag pobal na Gaeilge ó thuaidh de choimitmintí neamhchomhlíonta ón stát; tá sin soiléir. Rud nach bhfuil iomlán soiléir don phobal, áfach, ná na cearta a eascraíonn ó na coimitmintí sin, go háirithe nuair nár comhlíonadh iad ariamh.

Cosc agus bac curtha ar fheiceálacht na Gaeilge i spásanna roinnte mar gur gá 'dea-chaidrimh a chur chun cinn.’ Níor léiríodh ariamh cén dóigh a raibh drochthionchar ag an Ghaeilge taobh leis an Bhéarla ar chomharthaíocht ar dhea-chaidrimh.

Ní féidir úsáid na Gaeilge a shrianú go suíomhanna ar leith; chun go mairfidh agus go bhforbróidh an teanga, tá suíomhanna poiblí de dhíth a spreagann tuilleadh idirghnímh trí mheán na Gaeilge. Ní raibh sé i gcónaí soiléir domsa.

‘Call-in’ déanta ar bhearta i leith na Gaeilge mar tá seans ann go gcuirfidh sé olc ar dhaoine nach maith leo an teanga.

Ciorruithe suntasacha ar sheirbhísí riachtanacha luathbhlianta Gaeilge nuair nach bhfuil soláthar malartach ann agus an soláthar reatha teoranta go leor cheana féin.

Tugtar an t-údarás céanna d’argóintí i gcoinne na Gaeilge atá fréamhaithe go smior sa seicteachas is a thugtar dóibh siúd i bhfabhar, a bhfuil bunús soiléir taighde agus a dtacaíonn saineolaithe idirnáisiúnta leo.

Agus cé nach raibh an chosaint reachtúil riamh ag pobal na Gaeilge chun dúshlán a thabhairt do sháraithe ar a gcearta, níor fhan siad. Thuig siad nach ndéanfadh an stát rud ar bith as a stuaim féin; tarraingíodh iad go dtí an áit a bhfuil siad faoi láthair (nach bhfuil fiú thar mholadh beirte) go hiomlán in éadan a gcos.

Tá ról le himirt ag gach uile duine san fheachtas seo; úsáid do ghuth; cuirtear deireadh leis na laethanta de chur chun cinn éighníomhach agus cuirtear brú ar an stát an Ghaeilge a chosaint, a cheiliúradh agus a chaomhnú. Muna ndéanann tusa é, cé a dhéanfaidh?

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|