Cartlann na Meán

An Feachtas Comharthaíochta in Ollscoil na Ríona

Níor stop muid. Choinnigh muid ag obair, le cuidiú ó dhíograiseoirí agus ghrúpaí eile cosúil leis an Dream Dearg, chun aidhmeanna agus cearta s’againn a bhrú chun tosaigh san ollscoil.
An Feachtas Comharthaíochta in Ollscoil na Ríona

Tá An Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn is sine in Ollscoil na Ríona – é bunaithe in 1906. In ainneoin an dímheas a léiríodh inár n-aghaidh agus na céadta constaicí a cuireadh inár mbealach, tá muid go fóill ag troid ar son cearta teanga san ollscoil – cearta bunúsacha, cearta daonna.

Is fiú a lua go raibh comharthaíocht dhátheangach in úsáid san ollscoil suas go dtí an bhliain 1997 – an bhliain céanna a tháinig mé féin ar an tsaol, mar a tharlaíonn sé! Ach is cinnte go bhfuil an tsochaí bogaithe ar aghaidh ó shin, agus gan dabht, tá sé thar am don ollscoil feiceálacht don teanga a éascú, i bhfianaise an bhorrtha atá tagtha ar phobal na Gaeilge i mBéal Feirste, agus na gealltanais áitiúla agus idirnáisiúnta i leith na Gaeilge.

I gComhaontú Aoine an Chéasta in 1998, gealladh ré úr d’ár dteanga agus d’ár bpobal. I gComhaontú Chill Rimhín 2006, tugadh gealltanais idirnáisiúnta go mbeadh cearta agus cosaint oifigiúil ag an Ghaeilge sna Sé Chontae.

Dar ndóigh, le go díreach cúpla bliain anuas, tá sé rí-shoiléir go bhfuil éileamh mhór ar champas na hollscoile don Ghaeilge a bheith infheicthe – ní hamháin i measc baill an Chumainn Ghaelaigh, ach pobal na hollscoile ar fad. In 2017, ghlac Aontas na Mac Léinn Ollscoil na Ríona le rún chun tacaíocht a thabhairt d’Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm agus le tacaíocht a thabhairt don fheachtas atá bainteach leis.

I mí Feabhra 2018, scríobh an Cumann Gaelach litir oscailte chuig Leas-Seansailéir na hOllscoile, ar lorg cruinniú leis chun plé a dhéanamh ar chomharthaíocht dhátheangach agus ar an fheachtas bainte le hAcht Gaeilge ó thuaidh.

Mí ina dhiaidh sin, fuair muid freagra ar ais uaidh; ach ní an freagra a raibh muid ag dúil leis. Is é an rud a tháinig amach as an litir sin, ná nach mbeadh an ollscoil sásta tacú le teanga a bheadh “corraitheach, ionsaitheach, nó leatromach” (“provocative, offensive, discriminatory” a scríobhadh i mBéarla). Ní sháraíonn comharthaí dhátheangacha cearta dhuine ar bith eile, a mhalairt atá i gceist – cuireann siad le feiceálacht agus le normalú na teanga dúchais s’againn, agus ní mór don Ollscoil freastal ar mhianta a cuid mac léinn san am atá le teacht.

Níor stop muid ansin. Choinnigh muid ag obair, le cuidiú ó dhíograiseoirí agus ghrúpaí eile cosúil leis an Dream Dearg, chun aidhmeanna agus cearta s’againn a bhrú chun tosaigh san ollscoil.

I mí na Samhna 2018 chuir muid tús leis an fheactas chun Oifigeach Gaeilge a fháil in Aontas na Mac Léinn. I ndiaidh cuid mhór oibre agus stocaireachta, d’éirigh linn an chéad Oifigeach Gaeilge riamh in Ollscoil na Ríona a bhaint amach. Caitheadh na mílte vótaí sa reifreann agus sa toghchán ar son ball an Chumainn, Aodhán Ó Baoill, a bheith tofa mar an t-oifigeach.

Mar sin, anois agus an t-oifigeach Gaeilge ann mar ionadaí oifigiúil againn san Aontas, is é an chéad chéim eile ná comharthaíocht dhátheangach a bhaint amach.

Tá foirgneamh Aontas na Mac Léinn úrnua a thógáil faoi láthair ar champas na hollscoile – mar sin ní bheadh sé i gceist againn comhartha ar bith a scriosadh nó rud ar bith – beidh cinn nua ag dul in airde cibé ar bith. Mar sin, an deis foirfe chun na comharthaí dhátheangacha a chur in airde – chomh simplí, a shílfeá, mar dhea. Faraor, ’sé an port céanna, an seánscéal céanna i gcónaí bainteach le feiceálacht na Gaeilge sna 6 Chontae agus in institiúidí ar nós ollscoileanna – polaitiú á dhéanamh ar an scéal agus cur síos á dhéanamh ar an teanga mar rud contúirteach – ach tá muidinne ag obair sa Chumann chun tábhacht agus luach na teanga a léiriú don phobal ar fad.

Is é an áit ina bhfuil muid faoi láthair ná go bhfuil muid go fóill ag fanacht le torthaí le teacht amach as próiseas comhairliúcháin a tharla i mí na Bealtaine i mbliana. Is le hathruithe atá á dhéanamh ar an Pholasaí Chomhionnais agus Éagsúlachta san Ollscoil a bhaineann an próiseas comhairliúcháin seo. Cuireadh síneadh ama air níos mó ná uair amháin, agus achan uair a tugadh tréimhse ama eile dúinn, is nuair nach raibh na mic léinn thart ar an champas – é sin le rá, ag an Cháisc, agus i rith an tSamhraidh.

Is ar mo shon féin a labhraím nuair a deirim go bhfuil mé cinnte go raibh an Ollscoil ag iarraidh an dallamullóg a chuir orainn ar fad.

Mar a tharlaíonn sé, d’éirigh linn breis agus míle sínithe aighneachta a fháil taobh istigh de dhá lá i mí Bealtaine, ag tacú le hathrú a dhéanamh ar an pholasaí chomhionnais agus éagsúlachta, chun an Ghaeilge a chur chun tosaigh sa Ollscoil. Tháinig an tacaíocht sin ó mhic léinn le cúlraí agus creidimh éagsúla, grúpaí agus cumainn éagsúla, léachtóirí agus oibrithe éagsúla san ollscoil ag obair idir go pháirtaimseartha agus go lán-aimseartha.

Beidh le feiceáil sna míonna atá romhainn an éistfidh údaráis na hOllscoile linne, leis na mic léinn agus oibrithe ar fad atá míshásta faoin easpa measa don Ghaeilge san ollscoil.

Is cinnte go bhfuil go leor oibre go fóill le déanamh againn, ach níl muid ag dul áit ar bith. Tá An Cumann Gaelach in Ollscoil na Ríona anois níos tiomanta ná riamh!

Ní ghlacfaidh muid níos mó lenár gcaitheamh mar shaoránaigh den darna grad – nó mar a dúirt mo chara Pádraig Ó Tiarnaigh: “being invisible is no longer an option”.

Tá muid beo, tá muid múscailte, tá muid eagraithe, agus tá muid réidh.

Ach tá tacaíocht de dhíth orainn – ó fud fad na tíre - tacaíocht de dhíth ó ollscoileanna eile, ó eagraíochtaí eile, agus ar na meáin shóisialta - caithfidh muid an oiread brú agus is féidir a chur ar an Ollscoil. Caithfidh muid léiriú go bhfuil éileamh leathan ar na cearta seo a bhfuil na mic léinn ina dteidil, tá na comharthaí seo tábhachtach fosta agus muid ag iarraidh Acht Gaeilge neamhspleách a bhaint amach sna Sé Chontae.

Baineann sé le cearta, gan amhras, ach chomh maith leis sin, baineann sé cothú agus caomhnú teanga ár sinsir – agus tá sé rí-thábhachtach go seasann muid le chéile, mar thír, chun an teanga agus cearta daonna s’againn ar fad a chosaint.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|