Cartlann na Meán

Comharthaíocht Dhátheangach / Bilingual Signage at QUB

D’ainneoin gur tháinig dlús lenár bhfeachtas sa Chumann Gaelach le cúpla bliain anuas, is féidir a rá gur thosaigh sé nuair a baineadh síos an chomharthaíocht dhátheangach a bhí ann i bhfoirgneamh Aontas na Mac Léinn in 1997.
Comharthaíocht Dhátheangach / Bilingual Signage at QUB

Tá bliain chinniúnach romhainn anseo in Ollscoil na Banríona ó thaobh cearta teanga de, go háirithe i leith chomharthaíocht dhátheangach.  Ach ní gan dua a tharla seo.  D’ainneoin gur tháinig dlús lenár bhfeachtas sa Chumann Gaelach le cúpla bliain anuas, is féidir a rá gur thosaigh sé nuair a baineadh síos an chomharthaíocht dhátheangach a bhí ann i bhfoirgneamh Aontas na Mac Léinn in 1997.

Mhaígh an Fair Employment Commission nach raibh an chomharthaíocht “oiriúnach le timpeallacht oibre neodrach” ach bhain an Ollscoil na comharthaí síos fiú sular chuir an FEC brú orthu.  Chuaigh cathaoirleach an FEC ag an am, Bob Cooper, níos faide arís le rá gur chruthaigh na comharthaí Gaeilge “chill factor” do Phrotastúnaigh san Ollscoil, agus ní raibh siad úsáideach óir níor chuir siad an teanga chun cinn.  Leoga, thug na haontachtaithe lántacaíocht don chinneadh.

D’fhógair an UUP gur bhagairt ab iad na comharthaí ó mhic léinn san Ollscoil a bhí báúil don Phoblachtachas, agus chuir Peter Weir in iúl don phobal gur “eiseamláir an tseicteachais agus impiriúlachas cultúrtha” í iarpholasaí na hOllscoile ar chomharthaíocht dhátheangach.  Ar ndóigh, níor thug siad fianaise ar bith leis na ráitis seo a chosaint.  Ag an am, ní hiad na haontachtaithe antoisceacha amháin a bhí ag labhairt go poiblí faoi, óir thug an páirtí Alliance, Aontas Mac Léinn na hÉireann agus an Community Relations Council fáilte roimh an chinneadh.

Áfach, níor chuir muid an feachtas ar son comharthaíocht dhátheangach faoi lánseol go dtí deireadh na bliana 2017.  D’éirigh Gaeilgeoirí na hOllscoile níos gníomhaí agus feargaí de réir mar a d’éirigh achan Gael óg sna sé chontae níos gníomhaí agus feargaí ag an am: idirdhealú na Gaeilge sa chóras oideachais agus feachtas an Dream Dearg.

Bhí slua againn go fóill ar an mheánscoil nuair a tharla an t-idirdhealú seo agus ghlac muid páirt sna hagóidí in éadan an DUP nuair a ghearr siad an scéim spáranachtaí Líofa in 2016 agus nuair a ghearr an Education Authority na seirbhísí óga Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste.  Chonacthas dúinn an t-idirdhealú a bhí á dhéanamh ar an Ghaeilge sa chóras oideachais, ach níos tábhachtaí arís, nuair a tugadh an t-airgead sin ar ais do na seirbhísí Gaeilge, chonacthas dúinn cumhacht na hagóide.

Mar sin de, thosaigh an coiste nua sa bhliain acadúil 2017/’18 le brí úr a chur san fheachtas, le hagóid ag geataí na hOllscoile ag éileamh “Aitheantas Anois”.  Scríobh siad litir chuig an Leas-Seansailéir ag an am ag iarraidh cruinniú leis faoi cheist na Gaeilge san Ollscoil, agus gur cheart do na comharthaí a bheith curtha in airde arís.  Bhí éileamh nua acu, áfach, chun comharthaíocht a chur in airde chan amháin i bhfoirgneamh an Aontais arís, ach fud fad champas na hOllscoile.

D’fhreagair an Leas-Seansailéir le tagairt ar pháirt 3.1 dá bpolasaí Chomhionannais ‘s Éagsúlachta a dhearbhaigh nach gcuirfidís comharthaí in airde a raibh “corraitheach, ionsaitheach nó bagrach”.  Bhain sé úsáid as an téarmaíocht chéanna ar úsáid siad i 1997, ach an t-am seo bhí an Cumann Gaelach eagraithe, agus thapaigh muid agóid a eagrú i mí Feabhra 2018.

Bhí i bhfad níos mó daoine ag an léirisiú seo ná an chéad agóid, agus bhí tuairisciú níos cuimsithe ag na meáin ar an eachtra.  Le linn cúpla lá den stoirm pholaitiúil a chruthaigh muid, ghabh an Leas-Seansailéir a leithscéal agus bhunaigh uasaicme na hOllscoile grúpa oibre chun ceist na Gaeilge a phlé, go háirithe i leith an pholasaí Chomhionannais ‘s Éagsúlachta a bhí as dáta.

Bhí sé thar am gur mhothaigh reachtairí na hOllscoile seo, atá ag saothrú na céadta mílte punt in aghaidh na bliana, na fadhbanna atá ag croílár na hOllscoile agus an Stáit seo.

Ag an am céanna, bhrúigh an Cumann Gaelach i dtreo teaictic eile chun ceist na Gaeilge a bhrú ar an Ollscoil: dlúthpháirtíocht i dtoghcháin an Aontais.  Rith ball an choiste Liam Ó hEidhin do Leas-Uachtarán Chomhionannais ‘s Éagsúlachta, leis an sprioc chun “an pobal Gaelach a thabhairt isteach chuig croí an Aontais”.

D’ainneoin gur chaill muid an toghchán, le thart faoi 100 vóta amháin, bhí an bua againn lenár sprioc.  Ní pearsantacht Liam Uí hEidhin a chur muid chun tosaigh san fheachtasaíocht, ach mana simplí: cearta teanga, comharthaíocht dhátheangach, agus an Ghaeilge.  Bhrúigh seo ceist na Gaeilge ar thábla an Aontais, agus gheall an cúigear buaiteoirí go dtabharfaidís lántacaíocht don Ghaeilge, feachtas an Chumainn Ghaelaigh san áireamh.

Lena chois sin, bhí feachtas eile ar siúl againn, le cuidiú ó chomhairleoirí san Aontas, chun rún le Oifigeach Páirtaimseartha na Gaeilge a chur i bhfeidhm den chéad uair san Ollscoil.  Theip ar an rún seo an chéad uair ach arís bhí an Cumann Gaelach níos eagraithe an t-am seo, agus d’fhreastail slua ar an chruinniú agus labhair muid ar son an rúin mall i 2018.

I ndiaidh an bhua tháinig an reifreann, agus arís bhí muid ag feachtasaíocht leis an mhana simplí céanna: cearta teanga, comharthaíocht dhátheangach, agus an Ghaeilge.  Bhí 76% den vóta caite ar son Oifigeach Páirtaimseartha na Gaeilge a chur i bhfeidhm.  Nuair a rith Aodhán Ó Baoill don ról i dtoghchán an Aontais 2019, arís níor chuir muid a phearsantacht chun cinn, ach an mana simplí céanna, agus níor chaith an méid sin mic léinn vóta ar son oifigeach páirtaimseartha i stair na hOllscoile.

Nuair a tháinig muid chuig deireadh na bliana acadúla 2018/2019, bhí an grúpa oibre a chuir an Ollscoil le chéile réidh réamhthaispeáint an pholasaí Chomhionannais, Éagsúlachta ‘s Ionchuimsitheachta nua a léiriú don phobal.  D’athraigh siad páirt 3.1 den pholasaí ó 2008, leoga, ach athrú focail amháin a bhí i gceist óir níor luaigh siad an Ghaeilge.

Mar sin de, le linn an phróisis chomhairliúcháin don pholasaí úr a mhair dhá sheachtain, chur muid aighneacht cuimsithe chuig an Ollscoil ag éileamh go gcuirfidís an Ghaeilge agus comharthaíocht dhátheangach isteach sa pholasaí, ní amháin le go mbeadh muid ábalta na comharthaí a chur in airde ach go mbeadh cosaint acu sa todhchaí nach raibh ann in 1997.

Bhí tuilleadh brú de dhíth, áfach, agus mar sin de, shiúil muid thart an champas arís ag feachtasaíocht, agus déan tomhas ar an mana a d’úsáid muid.  D’éirigh linn 1,000 síniú a fháil ar son ár n-aighneachta, ó idir mhic léinn agus oibrithe, ag éileamh comharthaíocht dhátheangach.  Ba phrácás iomlán é an próiseas seo don Ollscoil, agus léirigh siad arís a neamhábaltacht chun plé le cearta, d’ainneoin tuarastal s’acu ‘s fiacha móra s’againne.  Chuir siad síneadh ama leis an phróiseas comhairliúcháin, le torthaí an phróisis geallta roimh dheireadh na bliana.

Is fianaise í ár bhfeachtas go raibh an Ghaeilge ann ar an oileán seo i dtólamh, agus léirítear seo nuair a chritear an talamh le mana simplí ar nós ‘cearta teanga’, go bhfuil agus go mbeidh tacaíocht ann don Ghaeilge go deo.

Ba phróiseas fada é athshlánú na Gaeilge agus síleann institiúidí ar nós Ollscoil na Banríona gurbh fhéidir leo ruaig a chur ar na glúnta is gníomhaí agus is feargaí den Ollscoil le síneadh ama.  Ach an rud nach dtuigeann Ollscoil na Banríona ná de réir mar a leantar ar aghaidh leis an idirdhealú ar an Ghaeilge sa chóras oideachais, más rud é gurb an DUP, EA nó Ollscoil eile in Éirinn, éiríonn na Gaeil óga ní ba chomhfhiosraí ar an idirdhealú ina n-éadan, agus nuair a dhéanann cuid acu an cinneadh freastal ar Ollscoil na Banríona, beidh glúin níos gníomhaí agus níos feargaí ann ná mar a bhí muidne.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|