Cartlann na Meán

Bímis ullamh chun dul i ngleic le lucht scaipthe na bréagnuachta faoin nGaeilge

Cén fáth Acht Gaeilge ó thuaidh? Tá freagra ar an cheist sin agus go leor eile sa leabhrán nua #FAQ faoin reachtaíocht teanga ó thuaidh
Bímis ullamh chun dul i ngleic le lucht scaipthe na bréagnuachta faoin nGaeilge

Is minic na laethanta seo a ndéantar plé ar an éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh. Agus dá mhinice a ndéantar an plé sin, is ea is minice a chloistear an bhréagnuacht agus na miotais a chuirtear chun cinn sa díospóireacht ar cheist na reachtaíochta teanga.

Is beag lá nach gcuirtear ceist ormsa argóintí simplí a chur ar fáil le dul i ngleic leis na miotais agus an #BréagNuacht, bíodh an t-éileamh sin ó dhaoine ag an obair, ag imeachtaí, nó fiú ó chairde agus gaolta.

Mo chomhairle achomair orthu a rá go bhfuil pobal ann ar mian leo an Ghaeilge a úsáid agus a saol a chaitheamh trí Ghaeilge, agus gur cheart go mbeadh an rogha sin acu agus gur chóir meas a léiriú orthu ina dtír féin.

Chuige sin, ní mór don Stát ról a bheith aige i gcur i gcrích ‘an gníomh diongbháilte’ a luadh leis an Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus leis an reachtaíocht teanga a gealladh in 2006 i gComhaontú Chill Rímhinn a thabhairt isteach.

Ba cheart dúinne mar phobal teacht roimh na baothargóintí agus an bhréagnuacht. Tá obair ar bun le fada an lá chun armlón díospóireachta a chur ar fáil don phobal. Feictear toradh cuid den obair sin sna físeáin #Mythbusting atá déanta do na meáin shóisialta. Cluintear na hargóintí i gcoinne na bréagnuachta ó am go chéile nuair a bhíonn ionadaithe an fheachtais #AchtAnois ag labhairt ar na meáin, nó nuair a chuireann Gael feargach peann le pár.

Den chuid is mó, áfach, is ag frithghníomhú i gcoinne na miotas a bhíonn muid, ag freagairt alt nuachtáin nó agallamh éigin a craoladh an mhaidin sin agus muid ag iarraidh freagra a thabhairt ar an duine is déanaí a thapaigh an deis a tugadh dó chun caint gháifeach ghlórach a dhéanamh in éadan na Gaeilge.

Bímis ullamh do na miotais is coitianta agus bíodh na hargóintí ina gcoinne ar ár dtoil againn. An chéad uair eile a ndeirtear nach bhfuil acht Gaeilge de dhíth, nó go mbeadh sé róchostasach, nó gurbh fhearr dúinn ár gcuid fuinnimh a ídiú le réiteach a fháil ar fhadhb na bpoll sna bóithre, bíodh na freagraí againn, agus bíodh an t-eolas, na figiúirí, an friotal agus na fíricí go léir againn.

Ní mór go mbeadh an t-eolas seo ag na páirtithe polaitíochta ó thuaidh atá ag plé leis an éileamh seo ar reachtaíocht teanga. Ach is gá freisin na fíricí a scaipeadh níos forleithne ná sin. Cluineann muid go minic ó roinnt ionadaithe ó dheas fosta gur cheart tionól Chnoc an Anfa a athbhunú gan acht teanga a bheith faighte againn agus tabhairt faoin cheist a réiteach ansin.

Cluintear an cheist nó an argóint sin arís agus arís eile, cé gur léir le fada na cúiseanna nach bhfuil aon mhuinín ag pobal na Gaeilge, nó ag an mhórphobal go ginearálta, déanta na fírinne, go réiteofaí ceist na Gaeilge dá gcuirfí an Tionól ar bun ar maidin.

Uaireanta is deacair liom meabhair a bhaint as na cúrsaí seo. An anailís iomlán aineolach í seo, nó an iarracht shoiniciúil í an cheist a imeallú mar cheist a bhaineann le haon pháirtí amháin?

Pé scéal é, bealach amháin nó bealach eile, ní mór freagra a bheith againn ar na hargóintí seo agus is ceart iad a fhreagairt go cuimsitheach agus go leanúnach, fiú mura mbítear ag éisteacht.

Is údar buairimh i gcónaí é go gcuirtear i leith lucht an fheachtais gur achrann traidisiúnta ‘glas in aghaidh oráiste’ atá sa díospóireacht áirithe seo. Arís, d’fhéadfaí a mhaíomh gur port soiniciúil é sin a chastar ar mhaithe le páirtí amháin nó eile. Ní fíorléiriú é sin ar an scéal, áfach, agus ní dhéanann sé ach an pobal, agus na daoine óga a bhrúigh an cheist seo go croílár an dioscúrsa pholaitiúil, a imeallú, a dhíchumhachtú agus a dhídhaonnú.

Ní aithníonn an anailís aon phoirt sin an tacaíocht leanúnach láidir atá tugtha don acht ag cúig pháirtí sa Tionól ó thuaidh, nó tacaíocht an Rialtais ó dheas dó, nó tacaíocht Chomhairle na hEorpa, na Náisiún Aontaithe agus Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga don éileamh.

Ní mór na fíricí seo a chur i láthair arís agus arís eile gach uair a dhéantar iarracht claonadh cúng nó caolaigeantacht a chur i leith an fheachtais agus an pobal atá ar lorg cearta teanga.

Mar shampla, seo cuid de na ceisteanna agus na miotais is mó a chluintear agus is mó a éilíonn freagra:

  • Cé a labhraíonn Gaeilge? Cad chuige go bhfuil gach rud stoptha ó thuaidh de dheasca teanga nach n-úsáideann ach mionlach?
  • Cad chuige nach mbunaítear an Tionól ar dtús agus nach réitítear an cheist seo ansin?
  • Ba mhaith leat comharthaí Gaeilge ar gach sráid? Fiú sna sráideanna nár mhaith le daoine iad?
  • Caitheadh £190 milliún ar an Ghaeilge le seacht mbliana anuas– nach cur amú airgid é seo ar fad?

Is iomaí díospóireacht agus próiseas comhairliúcháin atá curtha dínn againn le breis agus 10 mbliana anuas. Le dhá bhliain anuas go háirithe, tá ceist na Gaeilge ina mórábhar plé ar fud na tíre. Bunaithe ar an phlé sin, tá na ceisteanna is coitianta a cuireadh ar urlabhraithe agus ar ionadaithe an fheachtais ar son an achta bailithe le chéile againn in aon áit amháin i leabhrán úr, ‘An tAcht Gaeilge: Ceisteanna Coitianta’.

Tá iarracht déanta sa leabhrán freagraí cuimsitheacha réasúnta agus intuigthe a thabhairt orthu ar fad. Tá iarracht déanta sin a dhéanamh ar bhealach a léiríonn meas ar dhaoine a bhfuil imní dáiríre orthu faoi ghnéithe den éileamh ar reachtaíocht nua. Ach tá iarracht déanta againn freisin na ceisteanna a fhreagairt ar bhealach a thugann cosaint do phobal na Gaeilge ó ionsaithe réamhbheartaithe ó pholaiteoirí agus ar ardáin éagsúla sna meáin.

Tá dualgas orainn coincheap na sochaí ilteangaí Gaelaí is mian linn a bhaint amach a chosaint agus a chur chun cinn i rith an ama. Tá páirtithe amuigh ansin a bhfuil sé de sprioc acu imeallú a dhéanamh ar an cheist seo, agus cos ar bolg a dhéanamh ar phobal na Gaeilge ó thuaidh trí pholasaithe leatromacha agus cinntí cúlchéimnitheacha a chur i bhfeidhm. Tugaimis a ndúshlán go diongbháilte agus le guth na céille.

Tá deis ag an ghlúin seo, deis nach mbeidh ann arís, ní hamháin acht Gaeilge a bhaint amach, ach acht Gaeilge a bhaint amach a dhéanfas difear, acht Gaeilge a chuirfidh deireadh le hionsaithe agus le leatrom; acht Gaeilge a mbeidh a rian le feiceáil agus atá le cluinstin, acht Gaeilge fiúntach faoi mar a gealladh dúinn in 2006.

Anois an t-am.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|