An litir dhearg
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.
Tá gaeilgeoirí ar fud champás Ollscoil na Banríona i mbun feachtasaíochta ar son comharthaíochta dátheangaí, cearta teanga, agus aitheantais arís. Bhris cainteanna síos nuair a dhearbhaigh an Ollscoil go mbeadh comharthaí fisiciúla dátheangacha neamh-inbhuanaithe, agus “nach mbeadh siad ag déanamh comharthaíochta ón 20ú aois níos mó, digiteach amháin a bhéas i gceist.”
B’fhéidir más sin é an deacracht atá acu, gur féidir leo a meon agus a ndearcadh 20ú aois i dtaca leis an Ghaeilge a uasdhatú freisin, sula mothaíonn siad láidreacht an phobail atá againn.
Ní hé seo an chéad slad maslach ar ár dteanga dúchais ón institiúid coilíneach, cúlchéimnitheach seo. Chuir Ollscoil na Banríona comharthaíocht dhátheangach leis an abhainn in 1997, i rith an phróisis shíochána chun “timpeallacht oibre neodrach” a chur i bhfeidhm, de réir an Fair Employment Commission (FEC).
Le Comhaontú Aoine an Chéasta, tháinig borradh nach beag ar líon na náisúnaithe agus na ngaeilgeoirí a bhí mar bhaill de chomhlachas na mac léinn in Ollscoil na Banríona, ach leis an bhorradh seo tháinig níos mo leithcheala ón bhainistíocht i léith na Gaeilge. In 2006, rinne An Cumann Gaelach iarracht póstaeir a chur in airde san Aontas as Gaeilge, cuireadh cosc orthu.
In 2007, nuair a thaifead TG4 clár nua san Aontas, chroch siad fógraí as Gaeilge mar phoiblíocht don chlár, ach ní raibh cead acu mar gheall go raibh “Fáilte Romhaibh” ar na fógraí céanna!
Faoi stiúir na nGael radacach óg atá anois mar cheannródaithe san athbheochan, in Samhain 2017, bhí an chéad agóid ‘Aitheantas Anois’ ann, lasmuigh de gheataí na hollscoile. Seoladh litir i bhFeabhra 2018 ag éileamh na comharthaíochta dátheangaí mar aon le criunniú le bainistíocht na hollscoile, litir a bhí sínithe ag réimse leathan de ghrupaí eagsúla laistigh agus lasmuigh den ollscoil.
Ansin, rinne Leas-Sheansáiléir na hollscoile botún lofa a mheall súile an phobail mhóir. Sheol siad freagra ar an litir seo, le rá nach mbeadh siad sásta cruinniú a reachtáil, ag cur síos ar an Ghaeilge mar rud, “Corraitheach, Bagrach, Maslach.” Phléasc seo i mbéal an phobail agus roimh i bhfad bhí na Gaeil ar fud na tíre gríosaithe agus ag seasadh i ndlúthphairtíocht le lucht an Chumainn Ghaelaigh.
Roimh i bhfad, ghabh siad a leithscéal faoin teanga a bhí in úsaid acu i dtaca leis an teanga úd, ach bhí tuairimí na hinstitiúide seo le feiceáil sular fiú seoladh an litir sin, agus tá go fóill fríd na polasaithe leatromacha ‘Béarla amháin’ atá i bhfeidhm acu.
San am i láthair, tá comhairliúchán neamhspleách déanta i measc na mac léinn, a shínigh breis is míle duine ag tacú le comharthaíocht dhátheangach ar fud an champáis. Tá litir oscailte seolta chuig bainistíocht na hOllscoile, a shínigh breis is 15 cumann ar nós na sochaithe dlí agus Béarla. Bhí leirsiú stáiriúil ann, le haoichainteoirí as gach cearn an domhain, mar aon le Rosinaldo, bundúchasach ón Amasóin, a phléigh an tabhacht le cúltúir agus teangacha dúchais a chaomhnú agus a chosaint.
Ach leis seo uilig, go fóill níl Ollscoil na Banríona sásta a ndualgais aitheanta idirnasiúnta a chomhlíonadh maidir le cosaint na Gaeilge. Tá siad sásta airgead na nGael a ghlacadh bliain i ndiaidh bliana trí tháillí, sásta an t-airgead sin a chur i dtreo a gcuid infheistíochtaí sa chinedhíothú sa Phailistín, agus a bpócaí féin a líonadh, ach tá costas an chomhionnanais ró-ard de réir Ollscoil na Banríona?
Tá iarracht déanta acu comharthaíocht ilteangach dhigiteach a úsaid mar uirlis chun muid a chur ar ár suaimhneas, chun an chuma a chur ar an scéal gur muidne atá ar lorg barraíocht, agus muid ar lorg ár gcearta daonna bunasacha, ach deirim libh inniu, chomh fad is a fhánann na comharthaí aonteangacha fisiceacha in airde in Ollscoil na Banríona, ní áit nó institiúid fháilteach í don phobal Ghaelach.
Tá sé feicthe acu an dul chun cinn atá déanta ag na heagraíochtaí Gaeilge ar fud na sé chontae le blianta anuas gan mhórán cuidithe ón stát. Feiceann siad an borradh ollmhór atá tagtha ar an Ghaeilge san am i láthair sa tuaisceart agus freisin feiceann siad an nasc leis an teanga agus an pholaitíocht radacach, fhorásach atá faoi bhláth ar fud na tíre.
I bhfocal Uí Chadhain, “Sí an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge,” agus tá tuiscint ar leith acu air seo anois, tríd an Ghaeilge a scaipeadh ar fud na sé chontae. Bheadh féiniúlacht againn, rud éigin chun muid a thabhairt le chéile seachas muid a scoilt.
Trí rudaí chomh bunúsach le comharthaí dátheangacha is féidir an Ghaeilge a normalú, agus is é sin athghabháil na teanga. Tríd an teanga a chur i mbéal an phobail, labhrófar í níos minice. Feictear go minic sa taighde idirnáisiúnta go gcuireann feiceálacht na mionteangacha go mór le normálú na dteangacha sin, rud a mhéadaíonn caoinfhulaingt agus tuiscint ar na teangacha dá bharr.
Is céim i dtreo saoirse í athghabháil na Gaeilge agus ceann suntasach gan aon dabht. Diúltaítear na comharthaí seo a chur in airde chun ár gcuid oibre a shárú agus a mhoilliú, leis an aontas impreachtúil agus cóilíneach a bhfuil Ollscoil na Banríona faoina smácht a chosaint, ach ní oibreoidh sé. Tá orainn mar Ghaeil teacht le chéile agus an fód a sheasamh. Tá comharthaí agus aitheantas uainn, agus ní ghéillfimid riamh.
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.