Nuacht

Ar an trá f-Uladh

Dar le hoifig lóistíne na hollscoile, bheadh sé dódhéanta árasán iomlán a chur ar leataobh do Ghaeilgeoirí, d’ainneoin go gcuirtear foirgneamh iomlán do mhic léinn ón scoil leigheas, le lacáiste ar an chíos, cinneadh a neart fadhbanna ag baint leis.
Ar an trá f-Uladh

I mí na Samhna 2019 sheas Cumann Gaelach Choláiste Mhig Aoidh Ollscoil Uladh taobh amuigh de phríomhfhoirgneamh na hOllscoile agus cairde is comrádaithe ó fud fad na tíre taobh leo. Is é an rud a bhí uainn ná comharthaíocht dgátheangach, agus tá sí uainn fós.

Ba chothrom an lae sin a cuireadh an polasaí a leanas os comhair Chomhairle Mac Léinn UUSU (Aontas Mac Léinn Ollscoil Uladh) i Mí Samhna 2018:

“Student Council believes: Student council believes that the Irish language is a key element of our cultural identity and that Irish speakers are an integral part of the makeup of our university.” (“Policy name: bi-lingual signage Date Presented: 20/11/2018 Lapse date …”) That the Irish language should be afforded a similar footing to that of the English language and should be promoted in a manner that is not provocative and that shows the usefulness of the Gaelic language.

Student Council resolves: Student council resolves that the Students’ Union provides for bilingual signage on all directional, facilitating, and welcoming signs in the Students’ Union to replace existing signage over time. And that UUSU executive lobbies the University authorities for Irish language signage on all four campuses. (“Policy name: bi-lingual signage Date Presented: 20/11/2018 Lapse date …”)

Cé gur ghlac an chomhairle leis, agus cé fosta go raibh an bua ag an lucht a bhí ar son an rúin sa reifreann a reáchtáladh go luath in 2019, cuireadh os comhair phainéal EQIA (Equality Impact Assessment) é, agus go fíorúil níl aon dul chun cinn suntasach déanta ó shin.

Dar leis an Ollscoil, níl sé de cheart ag an Aontas aon chomharthaíocht a chur in airde, nó is é an Ollscoil ar leo an spás a bhfuil oifig an tAontas suite ann. Bhí sé an-suimiúil ar fad, mar sin, nuair a bunaíodh “Scéim Chónaithe Ghaelach” i hallaí na hOllscoile gan aon chonspóid le linn an tsamhraidh anuraidh. Léirigh breis agus 120 mac léinn suim sa scéim seo, ach ní léir go díreach cé mhéad mac léinn a bhí páirteach sa scéim sa deireadh.

Is í an fadhb atá ann ná nach scéim chónaithe ceart atá ann; níl aon árasán gaelach ar fáil. Cuirtear beirt nó triúr Gaeilgeoir a roghnaigh bheith páirteach sa scéim i ngnáth-árasán le gnáth-mhic léinn, cé nach bhfuil oiread is focal Gaeilge acu. Dar le hoifig lóistíne na hollscoile, bheadh sé dódhéanta árasán iomlán a chur ar leataobh do Ghaeilgeoirí, d’ainneoin go gcuirtear foirgneamh iomlán do mhic léinn ón scoil leigheas, le lacáiste ar an chíos, cinneadh a neart fadhbanna ag baint leis.

So, ar champas a bhfuil tiúchán ard de Gaeilgeoirí ann, in Ollscoil atá bródúil as a cúrsaí acadúla Gaeilge, i gcathair atá suite faoi urchar méaróige de Ghaeltacht Thír Chonaill, is soiléir go bhfuil constaicí fós le sárú in Ollscoil Uladh chun nach mothóidh Gaeilgeoirí go bhfuil siad ar an trá f-Uladh a thuilleadh (mura miste leat an t-imeartas focal).

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|