Gníomh

Ar ais chuig Uirlisí
Dream Dearg logo Dream Dearg logo

Gníomh!


Tá an feachtas seo thart anois.

Idir mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Samhna 2023, d’úsáid 5803 duine an uirlis seo chun scríobh chuig polaiteoirí na hÉireann ag iarraidh orthu tacú go poiblí le héilimh Chairde Palestine chun deireadh a chur leis an an chinedhíorthú in Gaza.


Ar 17ú Deireadh Fómhair, an 11ú lá de bhombardú Iosrael ar Gaza atá faoi léigear, bhuamáil Iosrael an otharlann Al Ahli in Gaza, ag marú níos mó ná 500 duine, tuismitheoirí, dochtúirí agus iad siúd ag cuardach tearmainn ina measc.

Tá 2.3 milliún Palaistíneach (1.1 milliún páiste) ina gcónaí in Gaza agus é ar na háiteanna leis an dlús is airde daonra. Tá Gaza á chur faoi léigear ag Iosrael le 17 mbliana anuas. Le 12 lá anuas, bhain Iosrael úsáid as na mílte buama ar an daonra atá faoi choimeád acu. Is ionann seo agus aon cheathrú de chumhacht buama núicléach. Chomh maith leis sin, dhearbhaigh saineolaithe cearta daonna gur bhain Iosrael úsáid as uirlis troda a bhfuil cosc uirthi go hidirnáisiúnta, is é sin fosfar bán.

Ar 15 Deireadh Fómhair 2023, rinne breis agus 800 scoláire agus cleachtóir ó ghort an dlíthe idirnáisiúnta, staidéir choinbhleachta agus staidéir chinedhíothú ráiteas poiblí a shíniú, ar thug sé rabhadh faoin fhéidearthacht go ndéanfaidh fórsaí de chuid Iosrael cinedhíothú ar Phalaistínigh in Gaza. Tá scoláirí móra le rá a bhfuil staidéar cuimsitheach déanta acu ar an tUileloscadh agus staidéir ar an chinedhíothú, i measc na sínitheoirí:

'Mar scoláirí agus cleachtóirí i ndlí idirnáisiúnta, staidéir choinbhleachta agus cinedhíothú, is gá dúinn fainic a chur ar dhaoine faoin fhéidearthacht go ndéanfaidh Iosrael cinedhíothú iomlán ar na Palaistínigh in Gaza. Ní dhéanaimid seo go neafaiseach, ach aithníonn muid dáiríreacht na coire seo agus is gá dúinn á dhéanamh de dheasca tromchúis an cháis faoi láthair.'

#STADANSLAD le tuilleadh báis agus léirscrios a sheachaint ANOIS.

Cuir ríomhphost chuig polaiteoirí na hÉireann ag éileamh gnímh ANOIS!

Seolfar an ríomhphost chuig ceannairí na bpáirtithe polaitiúla ar fad in Éirinn, ionadaithe Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine ina measc.

An ríomhphost a sheolfar:

Is comhpháirtíocht agus togra é seo idir dearg.ie agus Cairde Palestine.

Is pobal ilchineálach é Cairde Palestine déanta de ghníomhaithe dlúthpháirtíochta ar son na Palaistíne a bhfuil cuspóir amháin i gcoiteann acu - is é sin straitéis, a bhfuil Palaistínigh ar a stiúir, chun deireadh a chur le cinedheighilt Iosrael agus saoirse, cóir agus comhionannas do chách a thabhairt do bhunadh na Palaistíne.

|