Cearta teanga

Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim faoi chearta teanga?
Is é an sprioc atá ag an lámhleabhar seo ná oiliúint a chur ar bhaill de phobal na Gaeilge maidir le cearta teanga agus tuiscint níos leithne a éascú i measc an phobail maidir leis na dualgais atá ar an stát chun cearta teanga a sholáthar.
Íoslódáil ár lámhleabhar

Eolas

Teanga icon

Teanga

Ó bhí 1998 ann, tá soláthar don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge geallta i gcomhaontuithe polaitíochta éagsúla. Táimid fós ag fanacht le go gcomhlíonfar na geallúintí sin.

Pobal icon

Pobal

Tá pobal bríomhar, glórach, cumasaithe againn a bhfuil obair na gcapall déanta acu chun cearta, cothromas agus cóir a bhaint amach don Ghaeilge. Is é gníomhachas an phobail an rud is mó a chuir le rath an fheachtais.

Cearta icon

Cearta

Tá cearta teanga i measc cearta an duine. Ní ghlacfaimid le séanadh na gceart sin a thuilleadh. Tá an lá tagtha nach gcaithfear linn níos mó mar shaoránaigh den dara grád. Anois an t-am le coimitmintí i leith na Gaeilge a chomhlíonadh. Acht Anois!

Feachtasaíocht icon

Feachtasaíocht

Cuirimid éilimh phobal na Gaeilge chun cinn. Téimid i ngleic leis an éagothroime. Leanfaimid orainn ag feachtasaíocht ar son chur i bhfeidhm iomlán gach coimitminte i leith na Gaeilge. Níl an obair ach ina thús.

Dlúthpháirtíocht icon

Dlúthpháirtíocht

Seasaimid an fód le grúpaí eile a ndéantar imeallú agus cos ar bolg orthu. Creidimid i gcearta do chách agus aithnímid an tábhacht agus an gá atá le sochaí cheartbhunaithe a chothú.

Uileghábhalacht icon

Uileghábhalacht

Is muid An Dream Dearg. Is sibh An Dream Dearg. Is cuid den Dream Dearg iad gach duine a chreideann i gcearta, cothromas agus cóir do chách. Bígí linn!

Feachtais

Sráidainmneacha

#Sráidainmneacha

Faoi láthair, is iad na comhairlí áitiúla a cheapann rialacha na comharthaíochta dátheangaí sa tuaisceart. Ba cheart go nglacann comhairlí bearta réamhghníomhacha chun an Ghaeilge a chuimsiú ar chomharthaíocht sráide nuair a bhíonn éileamh soiléir, daonlathach ann sa tsráid sin.

Tuilleadh
SeasAnFód

#SeasAnFód

Gealann an Dream Dearg go dtroidfidh muid le go gcuirfidh an Feidhmeannas anseo reachtaíocht teanga i bhfeidhm, agus sa chás nach dtarlóidh sin, go gcomhlíonfaidh Rialtas na Breataine an choimitmint phoiblí is déanaí dá gcuid. Leanfaidh muid orainn ag seasamh an fhóid ar son Achta.

Tuilleadh
Óige

#Óige

Níl rannpháirtíocht dhaoine óga inár bhfeachtas ina ábhar iontais dúinn. Tá bunús a saolta caite acu ag troid ar son áiseanna agus cearta bunúsacha a sholathraítear dá gcomhpháirtithe Béarla, go háirithe in san earnáil óige Gaeilge.

Tuilleadh
Oideachas

#Oideachas

Is cúis mhór bhróid dúinn é fás leanúnach an Ghaeloideachais sa tuaisceart. Is iomaí uair a sheas muid le Gaelscoileanna, agus iad ag tabhairt dúshláin do theip na Roinne Oideachais i leith a ndualgas reachtúil an Gaeloideachas a ‘ghríosú agus a éascú’, dualgas a cuireadh orthu faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tuilleadh
Comharthaíocht

#Comharthaíocht

Is gné tábhachtach í an Ghaeilge d’ár n-oidhreacht anseo, agus ba cheart, mar sin, go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar chomharthaíocht, go háirithe i spásanna roinnte. Tugann sé deis do dhaoine dul i dtaithí ar an teanga i dtimpeallacht neodrach.

Tuilleadh
AchtAnois

#AchtAnois

Tá feachtas an Dream Dearg ar son #AchtAnois fréamhaithe sna hidéalacha gurb ionann cearta teanga agus cearta daonna; éilímid Acht Gaeilge cuimsitheach, neamhspleách, ceart-bhunaithe, rud a gealladh dúinn i gComhaontú Chill Rímhinn 2006.

Tuilleadh

Uirlisí

Sráideanna

Cuir iarratas isteach le comhartha Gaeilge a chur suas ar do shráid.

Aimsigh do shráid anois

Bilingual Béal Feirste!

Déan aighneacht mar chuid de chomhairliúchán Chomhairle Chathrach Bhéal Feirste maidir lena ndréachtpholasaí Gaeilge.

Déan anois é

Nuacht is deanaí

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|