Cartlann na Meán

‘Ní leor Weavers Cross’ – éileamh déanta ar chomharthaíocht dhátheangach do mhol iompair nua i lár Bhéal Feirste

Deir an Dream Dearg nach mbeidh costas breise ar an bhforbairt, a bhfuil na céadta milliún le caitheamh uirthi, má dhéantar cinneadh anois na comharthaí dátheangacha a chur in airde
‘Ní leor Weavers Cross’ – éileamh déanta ar chomharthaíocht dhátheangach do mhol iompair nua i lár Bhéal Feirste
Alt ar fáil i mBéarla amháin

Tá comharthaí Gaeilge crochta ag an Dream Dearg ar shuíomh mhol iompair nua ata le hoscailt go luath i mBéal Feirste agus an grúpa feachtais ag éileamh go mbeadh comharthaíocht dhátheangach le feiceáil ansin.

Tá obair á críochnú ag Translink agus an Roinn Bonneagair ó thuaidh ar stáisiún nua sa chathair a fhreastalóidh ar bhusanna agus ar thraenacha.

Weavers Cross atá á thabhairt ar an bhforbairt ach tá an grúpa feachtais An Dream Dearg ag iarraidh a chinntiú go mbeidh brandáil agus comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil ansin nuair a osclófar don phobal í.

Thug baill den ghrúpa cuairt ar an suíomh Déardaoin agus chuir comharthaí dátheangacha ar an mballa adhmaid lasmuigh den stáisiún. Cuireadh comharthaí le ‘Cros na bhFíodóirí’ agus ‘Weavers Cross’ orthu in airde chomh maith le fógraí Gaeilge do Translink agus do Bhéal Feirste.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuiltear ag iarraidh bualadh leis an Aire Bonneagair, John O’Dowd ó Shinn Féin chun an cheist a phlé.

Deir an Dream Dearg nach mbeidh costas breise ar an bhforbairt, a bhfuil na céadta milliún le caitheamh uirthi, má dhéantar cinneadh anois na comharthaí dátheangacha a chur in airde.

“Agus Translink agus an Roinn Bonneagair ag cur dlaoi mhullaigh ar Lárionad Taistil Bhéal Feirste ag Cros na bhFíodóirí ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh an áis seo, a mbeidh costas £340 milliún leis, mar eiseamláir dhea-chleachtais maidir le comharthaíocht agus brandáil dhátheangach,” a dúirt Eoghan Ó Garmaile urlabhraí ón nDream Dearg.

“Tá an lárionad úrnua seo suite díreach taobh leis an Cheathrú Ghaeltachta. Tá sé millteanach tábhachtach dúinn go mbeidh an spás comhroinnte seo ag freastal ar an phobal Gaeilge anseo atá faoi bhláth go mór sa chathair, agus go mbeadh sé ag teacht leis an tsochaí dhátheangach atá ag dul ó neart go neart anseo. Má dhéanann siad seo anois, má chuireann siad an cur chuige dátheangach i bhfeidhm anois, agus an Lárionad á dhearadh acu, ní bheidh costas ar bith breise leis. Sin an fáth a bhfuil deifir leis an bhrú seo.

“Tá muid ag éileamh ar Translink, ar an Roinn agus ar an Aire úr soláthar cuimsitheach dátheangach a chinntiú i gCros na bhFíodóirí, soláthar a chuireann an chomharthaíocht, an bhrandáil agus seirbhísí idirghníomhacha ar aon dul leis an Bhéarla.”

Clibeanna:

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|