Cartlann na Meán

An Ghaeilge le cloisteáil i gCúirteanna Breithiúnais Ríoga Bhéal Feirste

Thug Conradh na Gaeilge cás in aghaidh Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste as comhairle dlí a fuair siad a choinneáil faoi rún
An Ghaeilge le cloisteáil i gCúirteanna Breithiúnais Ríoga Bhéal Feirste

Chualathas an Ghaeilge á labhairt in ionad na gCúirteanna Breithiúnais Ríoga i mBéal Feirste inné agus cás á thabhairt i gcoinne cinneadh a rinne Comhairle Cathrach Bhéal Feirste comhairle dlí a fuair siad a choinneáil faoi rún.

Bhain cás Chonradh na Gaeilge, a cuireadh faoi bhráid Ionad Éisteachta Binse,

le cinneadh a rinne Comhairle Cathrach Bhéal Feirste comhairle dlí a fuair siad a choinneáil faoi rún. Bhain an chomhairle dlí sin leis an úsáid a bhain an DUP as an ‘call in’ nó an ‘glaoch isteach’ chun stop a chur le cinneadh go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach in ionad fóillíochta, an Olympia Leisure Centre, i mBéal Feirste

Sheas an Coimisinéir Faisnéise leis an gcinneadh gan an chomhairle dlí a chur ar fáil.

Is féidir ‘glaoch isteach’ a chur síos nuair a cheapann 15% de na comhairleoirí nár tháinig an Chomhairle ar chinneadh ar an mbealach ceart nó má cheaptar go ndéanfadh an cinneadh dochar do chuid den phobal.

An chomhairle a fuair Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ná go raibh na critéir chuí comhlíonta ag an DUP agus go bhféadfadh comharthaí dátheangacha “dochar díréireach” a dhéanamh do “chuid amháin de mhuintir an cheantair”.

Níor foilsíodh riamh an réasúnú ba bhonn leis an gcinneadh sin agus diúltaíodh d’iarratas a rinne Conradh na Gaeilge ar an eolas sin.

Ag an éisteacht inniu, ba i nGaeilge a bhí na ráitis tosaigh a rinne Claire Donnelly, Príomhoide Scoil an Droichid, Seán Ó hEacháin, Ceann Roinn na Gaeilge i gColáiste Feirste, Eoghan Ó Gormaile, Oibrí Pobail i nGlór na Móna, agus Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga Chonradh na Gaeilge.

Táthar ag súil le breithiúnas sa chás taobh istigh de thrí seachtaine.

Deir Conradh na Gaeilge gur dócha gurbh é seo an chéad uair ar labhair finnéithe an Ghaeilge go hoifigiúil sna cúirteanna i mBéal Feirste ó tugadh isteach an tAcht um Riarachán Ceartais (Teanga) in 1737.

Níl Rialtas na Breataine sásta a rá cén uair a chuirfear ar ceal an dlí sin a achtaíodh beagnach 300 bliain ó shin agus a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge i gcúirteanna an Tuaiscirt.

Tá foráil sa reachtaíocht teanga agus cultúir don Tuaisceart a chuirfeadh ar ceal an t-acht a chuireann cosc ar an nGaeilge sna cúirteanna, Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737,

Tá breis is bliain caite ó chuaigh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) faoi lámh Rí Séarlas III na Breataine ach níl tús curtha le feidhm a thabhairt do na forálacha atá ann go fóill.

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge, go raibh “an-díomá” orthu faoin “mbac fada” a bhí á chur ag an DUP ar chearta teanga  agus ar an gcomharthaíocht dhátheangach in ionad fóillíochta an Olympia.

Dúirt Nic Liam gur chóir do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste na cáipéisí dlí a chur ar fáil, go háirithe mar go raibh baint ag an gcomhairle dlí iontu le vóta ar son na comharthaíochta a chur ar ceal.

“Tá tionchar tromchúiseach ag an tuairim dhlíthiúil seo ar an phobal, agus mar gheall go bhfuil Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag diúltú an tuairim sin a fhoilsiú, tá siad ag cur bac ar an phobal na critéir agus an réasúnaíocht a fheiceáil agus a scrúdú.”

Ghabh Conradh na Gaeilge buíochas le PILS [Tacaíocht Dlithíochta ar mhaithe le Leas an Phobail], a chabhraíonn le heagraíochtaí cásanna a thabhairt ar mhaithe le leas an phobail, agus le CAJ, an eagraíocht cearta daonna ó thuaidh, a chabhraigh leis an gcás.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|