An litir dhearg
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

Tá méadú tagtha ar líon na mac léinn atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge in Ollscoil na Banríona, i gColáiste na Tríonóide agus in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana, a léiríonn figiúirí Seachtain.
Léiríonn figiúirí nua ó institiúidí tríú leibhéal in Éirinn go bhfuil méadú tagtha ar líon na mac léinn atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge, agus ardú níos mó ná cúig oiread le feiceáil ar líon na mac léinn sa chéad bhliain in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste i gcomparáid le sé bliana ó shin.
Tá 72 mac léinn sa chéad bhliain ag déanamh staidéar ar an nGaeilge in Ollscoil na Banríona sa bhliain acadúil 2026-27, i gcomparáid le 11 sa bhliain acadúil 2020-21 – méadú beagnach 555 faoin gcéad.
D’fhéadfadh roghanna nua comhchéime cur leis an méadú sin. Cuireadh cúrsaí nua ar fáil, lena n-áirítear Dlí le Gaeilge agus Gaeilge agus Craoltóireacht, i Meán Fómhair 2026.
| 2020 | 2021 | 2022 | 2023 | 2024 | 2025 | 2026 |
| 11 | 24 | 22 | 30 | 24 | 36 | 72 |
I measc na mac léinn atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge in Ollscoil na Banríona i mbliana, tá 28 ag déanamh céim aononóra, 38 ag tabhairt faoi chomhchéim onóracha agus seisear ag déanamh céim mhion-onóracha.
Tá ardú suntasach tagtha ar líon na mac léinn sa chéad bhliain i gColáiste na Tríonóide chomh maith.
Tá 60 mac léinn ag déanamh staidéar ar an nGaeilge mar chéim aononóra (BA sa Luath- agus Nua-Ghaeilge) nó mar chuid de chomhchéim onóracha sa bhliain acadúil 2026-27, i gcomparáid le 32 in 2021-22 – ardú 87.5 faoin gcéad.
| 2021 | 2022 | 2023 | 2024 | 2025 | 2026 |
| 32 | 31 | 26 | 29 | 46 | 60 |
In Ollscoil na Gaillimhe, tá líon na mac léinn sa chéad bhliain atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge mar chéim aononóra nó mar chuid de chomhchéim onóracha ardaithe ó 109 in 2020-21 go 143 in 2026-27 – méadú thart ar 31 faoin gcéad.
Ní chuimsíonn na figiúirí ó Ollscoil na Gaillimhe mic léinn atá ag déanamh staidéar ar ábhair eile trí Ghaeilge, amhail Léann an Aistriúcháin, Léann na Cumarsáide agus an Fhraincis trí Ghaeilge. Tá an Ghaeilge ar fáil mar phríomhábhar nó mar mhionábhar ar 17 gclár céime san ollscoil.
| 2020 | 2021 | 2022 | 2023 | 2024 | 2025 | 2026 |
| 109 | 108 | 106 | 111 | 131 | 126 | 143 |
Chomh maith leis an 143 mac léinn atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge mar chéim aononóra nó mar chuid de chomhchéim onóracha, tá 40 mac léinn ag déanamh staidéar uirthi mar mhionábhar agus naonúr cláraithe ar BComm le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana.
Dúirt an Dr Mícheál Hoyne, ceann Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide, gur cúis áthais don roinn an méadú atá tagtha ar líon na mac léinn le blianta beaga anuas.
“Is dócha go bhfuil níos mó ná cúis amháin leis an ardú suntasach seo,” a dúirt sé le Seachtain.
“Níl aon amhras ach go bhfuil leithéidí Kneecap, #gaeltok agus An Cailín Ciúin tar éis tuilleadh airde a tharraingt ar an teanga.”
Dar leis an Dr Hoyne, tá tábhacht leis na deiseanna sóisialta a bhaineann leis an nGaeilge chomh maith leis an spéis chultúrtha inti.
Tugann an Ghaeilge neart deiseanna do mhic léinn cairdeas a dhéanamh le daoine eile agus a bheith páirteach i bpobal bríomhar. Is mór idir sin agus an saol uaigneach fíorúil ina maireann a lán daoine inniu
Dr Mícheál Hoyne
Dúirt sé freisin go n-aithníonn mic léinn go bhfuil tuilleadh deiseanna fostaíochta ar fáil in earnáil na Gaeilge le tamall anuas. Dúirt an tOllamh Patrick Crowley, ceann Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr in Ollscoil na Gaillimhe, go raibh fáilte roimh an méadú ar líon na mac léinn i gcláir Roinn na Gaeilge.
“Tá an méadú seo ag teacht leis an athbheochan níos leithne ar spéis sa Ghaeilge atá le sonrú sa tsochaí i gcoitinne, chomh maith leis na deiseanna a chuireann ár gcuid clár ar fáil chun staidéar a dhéanamh ar an teanga, ar a litríocht agus ar a cultúr i gcathair bhríomhar dhátheangach atá suite taobh le Gaeltacht Chonamara,” a dúirt sé.
Líon na mac léinn atá i mbun staidéar ar an Ghaeilge ag an tríú leibhéal sa chéad bhliain (2026/27)
Ollscoil na Banríona: 72 - méadú 555% ó 2020/21
Coláiste na Tríonóide: 60 - méadú 87.5% ó 2021/22
Ollscoil na Gaillimhe: 143 - méadú 31% ó 2020/21
Dúirt an tOllamh Crowley go bhfuil sé i gceist ag an ollscoil cur leis an bhfuinneamh seo trí fheabhas a chur ar an gcuraclam chun mic léinn ar mian leo a gcuid eolais faoin nGaeilge a dhaingniú.
Dúirt Mark Harte, Oifigeach Tacaíochta Teanga in Ollscoil na Banríona, gur ábhar mórtais dó líon na ndaoine óga atá ag clárú do chúrsaí Gaeilge.
“Mar Ghaeil, tógann sé mo chroí an oiread sin daoine a fheiceáil ag clárú do chúrsaí Gaeilge, céim sa Ghaeilge nó comhchéim le hábhar eile,” a dúirt sé, ag labhairt le Seachtain.
Dar leis, tá tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge a chur ar fáil mar chuid de chomhchéim onóracha, mar go dtugann sé réimse níos leithne deiseanna do mhic léinn.
Chuir an Dr Hoyne béim ar an tábhacht a bhaineann le Gaeilge a thairiscint mar chuid de chomhchéim onóracha chomh maith. Dúirt sé go bhfreagraíonn an réimse leathan roghanna i gColáiste na Tríonóide do shuimeanna éagsúla na mac léinn agus d’ilghnéitheacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann.
In Ollscoil na Banríona, tá méadú tagtha ar an éileamh ar ranganna Gaeilge in Ionad na dTeangacha freisin.
Tá seacht leibhéal foghlama ar fáil anois, agus cuireadh sé rang ar fáil do thosaitheoirí ag Leibhéal a hAon i mbliana, agus thart ar 20 foghlaimeoir i ngach rang.
Chuir Harte béim ar an tábhacht a bhaineann le pobal Gaeilge a chruthú ar an gcampas trí imeachtaí sóisialta agus trí scéim chónaithe Gaeilge na hollscoile.
“Tá an oiread sin daoine i dteagmháil liom agus mé ag obair in Ionad na dTeangacha ag iarraidh níos mó eolais a fháil maidir le cúrsaí Gaeilge, maidir le ranganna Gaeilge, maidir le himeachtaí Gaeilge ar an gcampas,” a dúirt sé.
Ní hamháin go bhfuil pobal na Gaeilge ag fás in Ollscoil na Banríona, áfach, dúirt an Dr Hoyne go bhfuil an Ghaeilge le feiceáil níos minice lasmuigh den seomra ranga i gColáiste na Tríonóide freisin. Luaigh sé obair an Chumainn Ghaelaigh, Oifig na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn ar son na teanga, chomh maith leis an spéis atá ag mic léinn lasmuigh den roinn i modúil a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
Tá iarrachtaí chun pobal Gaeilge a chothú ar champais le feiceáil in institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre freisin. Ag tús na míosa seo, d’fhreastail breis agus 75 mac léinn ó 15 institiúid tríú leibhéal ar Thraenáil na gCumann agus na nOifigeach Gaeilge, a d’eagraigh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Cé go mbaineann na figiúirí le catagóirí éagsúla mac léinn agus le tréimhsí éagsúla sna hollscoileanna, léiríonn siad an spéis agus na deiseanna atá ann do dhaoine óga ar mian leo staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus a bheith páirteach i bpobal Gaeilge ag an tríú leibhéal.
“Tá súil againn gur fada buan a bheidh an bláthú seo,” a dúirt an Dr Hoyne.
*Chun comparáid cothrom a dhéanamh idir na hollscoileanna, díríonn na figiúirí thuas ar mhic léinn sa chéad bhliain atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge mar phríomhábhar (céim aononóra) nó mar chuid de chomhchéim onóracha.
Ní áirítear mic léinn atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge mar mhionábhar ná mic léinn atá ag déanamh staidéir ar ábhair eile trí Ghaeilge sna figiúirí comparáideacha seo.
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.