Cartlann na Meán

Comhairliúchán poiblí ar bun maidir le plean conspóideach comharthaíocht Ghaeilge a chur in airde i mBéal Feirste

Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste cinneadh in 2021 go gcrochfaí comharthaíocht dhátheangach san Olympia Leisure Centre sa chathair ach thapaigh an DUP an deis chun an cinneadh a chur ar athló
Comhairliúchán poiblí ar bun maidir le plean conspóideach comharthaíocht Ghaeilge a chur in airde i mBéal Feirste

Tá plean chun comharthaíocht Ghaeilge a chur in airde in ionad fóillíochta i mBéal Feirste curtha os comhair an phobail an tseachtain seo.

Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste cinneadh in 2021 go gcrochfaí comharthaíocht dhátheangach san Olympia Leisure Centre sa chathair ach thapaigh an DUP an deis chun an cinneadh a chur siar. Tá an chomhairle anois tar éis comhairliúchán poiblí a thosú chun tuairimí an phobail ar an scéal a fháil.

Tá conspóid ag baint le cur in airde na comharthaíochta Gaeilge san Olympia Leisure Centre, atá gar do cheantar dílseach, ó moladh an t-athrú den chéad uair in 2019.

Ag cruinniú de chuid na Comhairle i bhfómhar 2021, glacadh le rún de chuid Shinn Féin go gcuirfí comhartha fáilte agus comharthaíocht dhátheangach eile in airde san ionad.

Glacadh leis an rún, 12 vóta in aghaidh a sé, ach bhain an DUP leas as an ‘call in’ nó an ‘glaoch isteach’ chun stop a chur leis an gcinneadh.

Is féidir ‘glaoch isteach’ a chur síos nuair a cheapann 15% de na comhairleoirí nár tháinig an Chomhairle ar chinneadh ar an mbealach ceart nó má cheaptar go ndéanfadh an cinneadh dochar do chuid den phobal.

Tar éis do dhlíodóir de chuid na Comhairle an scéal a scrúdú, mheas sé gur cheart athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh agus cé go raibh an DUP ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an bplean, vótáil an Chomhairle arís chun an chomharthaíocht a chur in airde agus dúradh go dtabharfaí faoi mheasúnacht tionchair comhionannais.

Cuireadh tús inné le comhairliúchán a mhairfidh 14 seachtain a mbeidh ócáidí in ionad an Olympia agus ar líne i gceist.

In 2019, rinneadh comhairliúchán cuimsitheach maidir le comharthaíocht dhátheangach a chur in airde in ionaid fóillíochta i mBéal Feirste agus léiríodh tacaíocht dá leithéid. Nuair a lorgaíodh tuairimí daoine sna ceantair ina raibh na hionaid féin, áfach, bhí cuid mhaith ag cur in aghaidh na comharthaíochta.

Beidh ócáid phoiblí á reáchtáil san Olympia Leisure Centre amárach, Dé Céadaoin, idir 3-4in agus 7-8in agus beidh ócáid ar líne á reáchtáil mí Lúnasa.

Clibeanna:

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|