Cartlann na Meán

Comharthaíocht Dhátheangach le cur suas i gCros na bhFíodóirí

Tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag plé leis an togra seo le blianta beaga anuas ag súil go gcuirfidh sé le bonneagar agus le saol sóisialta na cathrach.
Comharthaíocht Dhátheangach le cur suas i gCros na bhFíodóirí

Cuirfear comharthaíocht dhátheangach suas sa mhol iompair nua, Cros na bhFíodóirí atá suite idir Bóthar Grosvenor agus Rae na Gainmhe taobh thiar den Óstán Europa. Táthar ag súil leis an togra a chríochnú faoi dheireadh 2024 agus plean forbartha an mhórcheantair Chros na bhFíodóirí a chur i gcrích in 2025. Tógfar tithíocht “shaor” agus tithíocht shóisialta mar chuid don phlean seo, chomh maith le hoifigí, láthair shóisialta agus óstán. Tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag plé leis an togra seo le blianta beaga anuas ag súil go gcuirfidh sé le bonneagar agus le saol sóisialta na cathrach.

Ritheadh an rún aréir an 8 Aibreán i ndiaidh do dháréag comhairleoirí ón Choiste Caighdeán agus Gnó vótáil i bhfabhar an rúin an tseachtain seo caite. Dúirt Róis-Máire Donnelly ó Sinn Féin, a chéadmhol é, go mbeidh siad “ag scríobh chuig Translink ag moladh comharthaíocht dhátheangach san áis nua taistil seo”. Ní hé an t-ionad amháin a gcuirfear an chomharthaíocht ann óir clúdaíonn an rún nua an spás sóisialta a thógfar ar láthair an ionaid bus Europa agus an stáisiúin traenach Mhórshráid Victoria faoin phlean forbartha.

Fuarthas 14 litir thacaíochta agus 143 litir i gcoinne an phlean forbartha ag Cros na bhFíodóirí. D’fhógair Ardlóiste Oráisteach Bhéal Feirste in 2022 go raibh an t-eagras i gcoinne an phlean chomh maith. Baineann roinnt mhaith de na gearáin le Droichead na Bóinne. Leagfar an droichead chun trasrian coisithe a thógáil a nascfaidh an spás forbartha leis an mhol iompair nua faoin phlean forbartha nua.

“Ba mhian linn tuilleadh forbairtí agus tuilleadh feiceálachta don Ghaeilge i spásanna roinnte poiblí mar phróiseas normalaithe don teanga, go háirithe agus muid i ré na reachtaíochta úire Gaeilge…"

Is dul chun cinn eile é seo tar éis an rún ar glacadh leis i mí Dheireadh Fómhair 2023. Mhol Sinn Féin an rún céanna a chuirfeadh comharthaíocht sráide dhátheangach in airde fud fad na Ceathrún Gaeltachta ina hiomláine in áit suirbhé a dhéanamh ar gach uile shráid. Meastar go sábhálfaidh an cur chuige seo £209,178 do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste. Thacaigh Sinn Féin, an SDLP, Páirtí na Comhghuaillíochta, an Páirtí Glas, agus People Before Profit leis an rún. Bhí na páirtithe Aontachtacha go léir, sin an UUP, an DUP, agus an PUP, i gcoinne an rúin. Tá comharthaíocht sráide dhátheangach anois ar 108 sráid as an 417 sráid atá sa Cheathrú Ghaeltachta.

Agus na chéad chomharthaí faoin rún seo tógtha, dúirt An Dream Dearg:

“Is polasaí athchóiritheach teanga é seo atá ag dul a thabhairt go leor logainmneacha dúchasacha ar ais os comhair an phobail ar chomharthaí buana. Tá sin le moladh go hard, ní hamháin mar gheall ar na buntáistí soiléire a bhaineann le feiceálacht na Gaeilge mar theanga mhionlaithe, ach mar chur chuige chun dul i ngleic leis an scuaine fhada de bhreis is 1,000 iarratas atá faighte ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ar bhealach atá siosmaideach ó thaobh costais de. Faoi láthair, tá an Chomhairle ag plé le 7-10 iarratas ar an mheán in aghaidh na míosa, rud a chiallaíonn, ar an luas is gaiste, go mbeidh cónaitheoirí ag fanacht ar a laghad 10 mbliana ar chomhartha sráide.

“An rud is íorónta faoin tionscadal seo ar fad ná nach dtéann sainmhíniú na Comhairle ar an Cheathrú Ghaeltachta chomh fada leis an Ghaeltacht féin ar Bhóthar Seoighe. Is gné í sin a bheas muid ag brú go mór leis an Chomhairle féin, ag iarraidh a bheith cinnte de go leathnaítear an teorainn chomh fada le Bóthar Seoighe agus síos Bóthar an Ghleanna. Ba mhaith linn forbairtí iontacha mar seo a fheiceáil i gcomhairlí ceantair eile, áit a bhfuil dlús ard Gaeilgeoirí nó Gaelscoileanna, mar shampla, sna míonna agus na blianta atá amach romhainn.”

Dúirt Cuisle Nic Liam ón Dream Dearg go bhfuil ar an Chomhairle tuilleadh a dhéanamh lasmuigh den Cheathrú Ghaeltachta.

“Is iontach an rud é go bhfuil na forbairtí seo ag tarlú agus le feiceáil laistigh den Cheathrú Ghaeltachta in iarthar Bheal Feirste ach is gá aird a thabhairt ar an phobal bheo bhríomhar Gaeilge fud fad na cathrach agus fud fad na sé chontae.

“Ba mhian linn tuilleadh forbairtí agus tuilleadh feiceálachta don Ghaeilge i spásanna roinnte poiblí mar phróiseas normalaithe don teanga, go háirithe agus muid i ré na reachtaíochta úire Gaeilge. Smaoiním ar Weavers Cross agus Olympia. Tá sé ar fheabhas go bhfuil seo ag tarlú sa Cheathrú Ghaeltachta ach níor mhaith linn go gcuirtear srian ar fhorbairtí mar seo nach ndíríonn ar cheantair eile sa chathair.”

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|