Cartlann na Meán

Acht ón bhun aníos: An Dream Dearg, #AchtAnois agus ról an phobail san fheachtasaíocht mionteanga

Agus an domhan ag amharc ar Arlene Foster agus ar Mháirtín Mac Aonghusa, le chéile in oifig an Chéad agus an Leas-Chéad Aire, agus iad taobh le taobh i bhFómhar 2016, ag fógairt deá-scéil an Fheidhmeannais ó thuaidh, ag léiriú ré úrnua an chomhoibrithe idir an DUP agus Sinn Féin, agus ag tarraingt in aon treo amháin, is údar iontais, b’fhéidir, agus suime do go leor, go bhfuiltear anois gan Rialtas nó Tionól cineachta, agus go mbeadh ceist na Gaeilge aitheanta ar ardán áitiúil, náisiúnta agus domhanda agus todhchaí an Tionóil sin anois idir dhá cheann na meá ar fad (The Irish News, 21/11/2016).
Acht ón bhun aníos: An Dream Dearg, #AchtAnois agus ról an phobail san fheachtasaíocht mionteanga

Le Pádraig Ó Tiarnaigh agus Ciarán Mac Giolla Bhéin

Sa pháipéar seo a leanas, déanfar scagadh ar ról na Gaeilge i dtitim an Tionóil agus sna comhchainteanna polaitíóchta 2017-18 chun an Tionól a chur ar bhun arís, chun léargas a thabhairt ar ról na feachtasaíochta i saol reatha na polaitíochta ó thuaidh.  Is í is aidhm don pháipéar seo scéal ‘An Dream Dearg’ idir samhradh 2016 agus earrach 2018 a chíoradh.  Sa tréimhse ama seo déanfar tagairt don Ghaeilge mar bhuille maraithe na muice, mar cheist chearta a léirigh leatrom na polaitíochta i gcoinne pobail mhionlaigh.  Leis an leatrom sin tháinig fríthghníomh ón bhun aníos.  Bunaíodh An Dream Dearg, feachtas a ndéantar comparáid air anois le feachtas na gceart sibhialta, ‘one man, one vote’, ó thuaidh sna 1960í, ach feachtas nach bhfuil tagtha chun deiridh nó chun fírinne fós (Mallie, 2017).  Mar mhodheolaíocht sa pháipéar seo, déantar gach iarracht an insint agus an anailís a bhunú ar phríomhfhoinsí foilsithe sna meáin a bhí lárnach sa díospóireacht, mar aon le léamh na n-údar agus a dtuiscint chéadláimhe ar an ábhar seo, uilig fréamhaithe i gcuid den teoiric acadúil atá ar fáil ar an ghníomh phobalbhunaithe, ar an eagrú pobail agus ar an reachtaíocht teanga.  Tagraítear anseo fosta don chur chuige gníomhach agus don teoiric bheo ar úsáid na meán sóisialta mar ‘aimplitheoir sóisialta’ (social amplifier), agus ról na n-ardán sin i ngníomhartha An Dream Dearg.  Baintear úsáid as tráchtaireacht leanúnach sna meáin chumarsáide le linn na tréimhse sin, mar aon le treoircháipéisí, tuairiscí reachtaíochta agus polasaithe teanga, chun cur leis an téis sa saothar seo.  Áitítear anseo gurb í ceist na Gaeilge, a tháinig chun tosaigh ag am cinniúnach ar fad trí ghluaiseacht a tháinig ón phobal aníos, a d’athraigh tírdhreach polaitiúil na sé chontae, ar bhealach nach bhfacthas le beagnach 20 bliain.

Cúlra agus Comhthéacs

Ní mór súil a chaitheamh ar ar thit amach le linn 2016 chun comhthéacs iomlán An Dream Dearg agus titim Chnoc an Anfa a chur i gcomhthéacs.  Tháinig leatrom an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh (DUP) i gcoinne na Gaeilge chun solais le linn na bhfeachtas réamhthoghchánaíochta, agus mar chuid den fhorógra toghchánaíochta a chur siad chun tosaigh gheall siad go gcuirfeadh siad deireadh le haon airgead a ‘chur amú’ ar Ghaelscoileanna (Belfast Live, 2016).  Ach leis an toghchán sin agus toradh na vótaí istigh ceapadh den chéad uair riamh Aire Oideachais ón DUP, Peter Weir, mar aon le hAire nua ar an Roinn nua dírithe ar phobail (Department for Communities, an iar-Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (DCAL)), Paul Givan, DUP.  Cé go raibh feachtas láidir ag pobal na Gaeilge dírithe ar Shinn Féin go roghnódh siad an dá aireacht sin mar thosaíocht chun cúrsaí Gaeilge a chosaint, níor roghnaigh, cé go raibh an rogha ag an pháirtí, cinntí a cháin go leor de phobal na Gaeilge ag an am, mar aon le Conradh na Gaeilge:

Shínigh 43 Comhalta Tionóil suas leis na trí éilimh seo a aontaíodh ag breis agus 80 grúpa pobail Gaeilge.  Bhí muinín againn go ndéanfadh na páirtithe sin beart de réir briathair, ach léiríonn fógraí an lae inniu gur theip ar na páirtithe agus ar na hionadaithe sin a ngealltanas a chomhlíonadh i leith na n-éileamh seo (Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge, 2016).

Sa bhreis air sin, ní raibh aon tagairt shonrach don Ghaeilge nó d’Acht Gaeilge sa dréachtchlár rialtais a aontaíodh mar chuid den Rialtas sin i bhfómhar 2016, rud eile a chuir idir dhíomá, imní agus fhearg ar phobal na teanga.  Is léir go raibh mothúchán ann sa phobal gur fágadh an Ghaeilge in áit na leathphingine, mar cheist a bhí imeallaithe agus nach raibh aon phráinn ag baint léi ag an am sin:

The reality is Sinn Féin was part of an Executive which last year proposed a five year programme for Government which didn’t specifically or at all mention an Irish Language Act as a likely outcome of their powersharing arrangement with Sinn Féin (Ó Liatháin, 2017).

Ag an phointe sin, bhí sraith ionsaithe eile ag dul ar aghaidh fosta, idir athainmniú báid phoiblí ó ‘Banríon Uladh’ go ‘Queen of Ulster’, cinneadh conspóideach eile a ghlac an tAire DUP Michelle McIlveen (féach The Irish News, 7/2/2017), agus diúltú Roinn an Oideachais do mhaoiniú réamhcheadaithe d’ionaid chothuithe réamhscoile Gaeilge.  San áireamh fosta bhí cinneadh Peter Weir (an tAire Oideachais) gach ábhar dátheangach, mar aon leis an suíomh féin agus lógó na Roinne, a aistriú siar go hábhar aon-teangach trí Bhéarla amháin (in The Irish News, 7/2/2017 agus 11/11/2017).  Bhí gach cuma ar an scéal go raibh an DUP chun cloí lena ngealltanais réamhthoghánaíochta go docht.

An cás le haghaidh Acht Gaeilge: polasaithe, forálacha, an gá le reachtaíocht

Ní mór an cás le haghaidh Acht Gaeilge a leagan amach ar dtús, sula ndéanfar aon phlé ar an fheachtas lena bhaint amach.  Is feachtas é seo a bhaineann le reachtaíocht a thabhairt isteach; reachtaíocht chosanta, reachtaíocht forbartha, reachtaíocht a d’aithneodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid na sé chontae.  Gan an reachtaíocht seo, níl aon stádas ná seasamh oifigiúil ag an teanga sa dlí.  Níorbh ann don Ghaeilge go hoifigiúil sa stát.  Tabharfar anseo achoimre ar argóintí na ngníomhaithe chun léargas a thabhairt ar an idé-eolaíocht a bhain leis an fheachtas.

In ainneoin a leagtar amach in An Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh, a dhaingnigh Rialtas na Breataine féin in 2001, níl aon chosaint dhlíthiúil ó thuaidh don Ghaeilge.  Faoi mar a rialaigh an Breitheamh Ard-Chúirte i mBéal Feirste in 2014-15.  Gan reachtaíocht áitiúil, níl aon seasamh ag an Chairt Eorpach sa dlí go hoifigiúil.  Níl ann ach uirlis nach bhfuil aon bhrú ar údaráis á chur i bhfeidhm mar is ceart, agus chuige sin, nach raibh, go bunúsach, aon chearta ag pobal na Gaeilge sa chóras stáit nó dlí ó thuaidh (Belfast Telegraph 24/3/14, agus The Irish Times 12/4/14 agus 11/9/15).

Ach tá Comhairle na hEorpa, a thug isteach An Chairt Eorpach, agus a bhíonn ag tuairisciú i leith chur i bhfeidhm na Cairte sin gach ceithre bliana, ar an taifead go minic agus go leanúnach ag cáineadh Rialtas na Breataine, mar aon leis an Fheidhmeannas ó thuaidh in Éirinn, i dtaobh a dteipe ar cheist chur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí.  Moltar i gcónaí sa tuarascáil mhonatóireachta sin gur chóir go mbeadh reachtaíocht dhúchasach ann chun an Ghaeilge a chosaint agus a fhorbairt:

The Executive failed to provide the council with information on their approach to minority issues, because they could not agree a submission.  “This is the consequence of the lack of agreement on minority and human-rights related issues between the two largest parties of the executive”, says the report.  Instead, the report is based on information from the UK government and a range of non-governmental organisations.  However the CoE also questions the UK government’s role in facilitating language legislation, saying opposition from unionists could “be bypassed if the UK government used its parallel legislative competence”.  It subsequently calls on the "UK government to help create the political consensus needed for the adoption” of an Irish language act. (BBC NI, 9/3/2017).[[1]](http://leannteangaanreiviu.com/node/422#_ftn1)

Maidir le tagairtí a rinneadh don Ghaeilge sa dlí áitiúil sna sé chontae, níl ach dornán tagairtí ann.  Ar an chéad dul síos, tá Comhaontú Aoine an Chéasta, a leagann amach na forálacha teibí seo a leanas i dtaobh na Gaeilge:

3. All participants recognise the importance of respect, understanding and tolerance in relation to linguistic diversity, including in Northern Ireland, the Irish language, Ulster-Scots and the languages of the various ethnic communities, all of which are part of the cultural wealth of the island of Ireland.

4. In the context of active consideration currently being given to the UK signing the Council of Europe Charter for Regional or Minority Languages, the British Government will in particular in relation to the Irish language, where appropriate and where people so desire it:

  • take resolute action to promote the language;
  • facilitate and encourage the use of the language in speech and writing in public and private life where there is appropriate demand;
  • seek to remove, where possible, restrictions which would discourage or work against the maintenance or development of the language;
  • make provision for liaising with the Irish language community, representing their views to public authorities and investigating complaints;
  • place a statutory duty on the Department of Education to encourage and facilitate Irish medium education in line with current provision for integrated education;
  • explore urgently with the relevant British authorities, and in co-operation with the Irish broadcasting authorities, the scope for achieving more widespread availability of Teilifis na Gaeilige in Northern Ireland;
  • seek more effective ways to encourage and provide financial support for Irish language film and television production in Northern Ireland; and
  • encourage the parties to secure agreement that this commitment will be sustained by a new Assembly in a way which takes account of the desires and sensitivities of the community. (Comhaontú Aoine an Chéasta, 1998).

Thit na hionsaithe thuasluaite amach in ainneoin na bhforálacha sa Chomhaontú seo agus is cinnte, mar sin, go raibh cosaint níos láidre de dhíth ar an Ghaeilge.

Is é an gealltanas is soiléire a tugadh maidir le reachtaíocht don Ghaeilge ná an méid a tugadh le fios i gComhaontú Chill Rimhínn:

The Government will introduce an Irish Language Act reflecting on the experience of Wales and Ireland and work with the incoming Executive to enhance and protect the development of the Irish language” (Comhaontú Chill Rimhínn, 2006).

Mar cuid bhreise de Chomhaontú Chill Rimhínn, gealladh go mbeadh Straitéis faoi leith ann chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn: “[to] adopt a strategy setting out how it proposes to enhance and protect the development of the Irish language” (2006).  Cé gur cuireadh dréachtstraitéis os comhair an Fheidhmeannais, chuir páirtithe aontachtacha agus an Alliance (Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann) ina coinne agus caitheadh amach í, cé gur aontaigh na páirtithe ar fad leis mar chuid dá gClár Rialtais féin 2011-15.

Sheol an tIar-Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (CEF), Carál Ní Chuilín CTR (Comhalta den Tionól Reachtach, nó MLA i mBéarla), Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ar 30 Eanáir 2015 ach dhiúltaigh an Feidhmeannas an Straitéis a chur i bhfeidhm in ainneoin a gClár Rialtais féin agus na ndualgas reachtúil a bhí orthu.  Eascraíonn na dualgais seo ó Chomhaontú Chill Rímhinn (2006) ina raibh tagairtí suntasacha agus soiléire do Straitéis agus Acht na Gaeilge.  Mar gheall ar an dualgas soiléir sin, rinneadh léasú ar reachtaíocht 1998 (Comhaontú Aoine an Chéasta / Acht Thuaisceart Éireann 1998) chun go mbeifí in ann an Straitéis a chur i bhfeidhm.

Ghlac Conradh na Gaeilge athbhreithniú breithiúnach i gcoinne an Fheidhmeannais de dheasca nár ghlac an Rialtas deireanach leis an Straitéis sin, faoi Thosaíocht 4 den Chlár Pobal Láidir agus Comhroinnte a Chothú.  I mí an Mhárta 2017, rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste gur theip ar an fheidhmeannas a ndualgais féin ar cheist na Straitéise Gaeilge a chomhlíonadh:

Mr Justice Maguire held the administration to be in breach of a requirement imposed under decade-old legislation.  The challenge was mounted by Irish language group Conradh na Gaeilge.  The body issued judicial review proceedings over a failure to comply with a St Andrews Agreement pledge. Mr Justice Maguire said: "It cannot have been the intention of Parliament that, after nearly 10 years from the coming into force of the Act in 2007, this obligation would remain unfulfilled. (BBC NI, 3/3/17).

Tugann Ní Ghilín cuntas fiúntach ar cheist na hArd-Chúirte, Straitéis na Gaeilge agus Acht na Gaeilge a chur san áireamh mar a tuairiscíodh é in An tUltach (Aibreán 2017, 12-3).

Ba bhac suntasach roimh dhul chun cinn polaitiúil ar cheist an achta an úsáid a bhain na páirtithe aontachta as an petition of concern nuair a bhí acht Gaeilge faoi chaibidil nó curtha chun tosaigh mar bhille sa Tionól.  In ainneoin go raibh trí chomhairliúchán poiblí ar cheist Acht na Gaeilge ó bhí 2006 ann, agus tromlach na bhfreagróirí i bhfách leis an reachtaíocht agus den tuairim gur chóir go mbeadh stádas oifigiúil ag an Ghaeilge ó thuaidh, cuireadh ina choinne ag leibhéal an tionóil.  Sa chomhairliúchán ba dhéanaí, in 2015, nuair a d’fhoilsigh an Roinn CEF / CAL Dréacht-Bhille na Gaeilge, fuarthas breis agus 13,000 freagra ar an chomhairliúchán, agus bhí 94.7% ar son Acht Gaeilge (Roinn CEF, 10/12/2015).  Sháraigh an ráta ard freagartha seo ionchais na n-eagraíochtaí Gaeilge.  Mar a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag an am:

Tá ardmholadh tuilte ag gach aon duine a ghlac páirt sa phróiseas tábhachtach seo.  Tháinig an comhairliúchán seo sna salaí ar suirbhé a rinne Conradh na Gaeilge ag tús na bliana a léirigh go raibh an phobal i bhfách le seirbhísí Gaeilge a bheith ar fáil don phobal, thuaidh agus theas.  Tá teachtaireacht shoiléir don rialtas ó na torthaí seo agus ní mór daofa beart dá réir briathar an phobail a dhéanamh.  Caithfear cearta lucht labhartha na Gaeilge a dhaingniú i reachtaíocht agus na huirlisí a thabhairt don phobal, a ghlac páirt i gcomhairliúcháin an rialtais go fonnmhar agus le díograis, forbairt na Gaeilge a thiomáint sna bliantaí amach romhainn.  Is trí reachtaíocht ceart-bhunaithe a dhéanfar seo (Comer, 2015).

In ainneoin na tacaíochta uile a léiríodh d’acht, níor fuasclaíodh an cheist ag an am agus fágadh ceist na reachtaíochta gan dul chun cinn arís eile.[[2]](http://leannteangaanreiviu.com/node/422#_ftn2)

Ach cén fáth a mbeadh reachtaíocht de dhíth?  Cad é an difear a dhéanfadh sí?  Is ábhar suime, i gcomhthéacs na gceisteanna sin teachtaireacht an iar-Choimisinéara teanga, Seán Ó Cuirreáin, teachtaireacht phoiblí chuig pobal na Gaeilge ar an Lá Dearg i mBéal Feirste (20/5/2017), a léadh amach ón ardán, chun tábhacht na reachtaíochta a chur in iúl, agus chun iarrachtaí an phobail a mholadh go hoifigiúil:

“Maitheas seachas dochar a dhéanann achtanna teanga ar fud na cruinne,” dar leis an Iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ina theachtaireacht don Lá Dearg. Déanann sé an dara pointe tábhachtach fosta, is é sin sa chás a bhfuil cosaint reachtúil ann, ní mór í a chur i bhfeidhm “go cuí agus go hiomlán”.  Chuir an tIar-Choimisinéir teachtaireacht tacaíochta inniu chuig an Dream Dearg, atá ag eagrú mórshiúil i mBéal Feirste an Satharn beag seo, an 20ú Bealtaine, le hacht Gaeilge agus cearta teanga a éileamh ó thuaidh. Ina theachtaireacht, cuireann an tIar-Choimisinéir cosaint reachtúil do theangacha mionlaigh i láthair i gcomhthéacs idirnáisiúnta.  “Tá tábhacht an-mhór go deo le reachtaíocht teanga le cosaint a thabhairt do theangacha mionlaigh agus do theangacha atá faoi bhrú i ndlínsí éagsúla ar fud an domhain mhóir,” ar Ó Cuirreáin.  Dar leis an Iar-Choimisinéir, a chaith deich mbliana sa ról idir 2004 agus 2014, is “mar sciath chosanta seachas mar chlaíomh” a fheidhmíonn reachtaíocht teanga (in An tUltach, 18/5/2017).

Feachtas nua pobalbhunaithe ar son Acht Gaeilge

Ceist imeallaithe, ceist fhada, ceist bheagphráinne a bhí i gceist na Gaeilge roimh 2016, gan amhras, agus deich mbliana imithe ó tugadh an gealltanas oifigiúil ag Cill Rimhínn go mbeadh Acht Gaeilge ann.  Bhí an cheist ligthe i ndearmad ag go leor go dtí eachtraí Nollag 2016, in ainneoin ar thit amach ní ba luaithe an bhliain sin, thuasluaite.

Ach mar thoradh ar na heachtraí sin, ceapadh na nAirí nua de chuid an DUP agus na hionsaithe leanúnacha ar an teanga, tháinig gníomhaithe Gaeilge le chéile chun tús a chur le gluaiseacht nua feachtasaíochta agus agóidíochta chun an teanga a chosaint agus an chos ar bolg a bhí á dhéanamh ar an teanga a léiriú fríd gníomh spriocdhírithe.  Is de thairbhe seo a bunaíodh An Dream Dearg, a chuir síos orthu féin agus ar an fheachtas sna téarmaí seo a leanas:

Is muid an Dream Dearg.  Is sibh an Dream Dearg.  Is cuid den Dream Dearg gach duine a chreideann i gcothromas, cearta agus cóir.  Bígí linn.  Bímis #DeargleFearg (An Dream Dearg, Eanáir 2017).[[3]](http://leannteangaanreiviu.com/node/422#_ftn3)

Tháinig An Dream Dearg, agus an feachtas a aithnítear anois mar #AchtAnois ar na meáin shóisialta, chun cinn i measc an ghrúpa chéanna daoine a bhí taobh thiar den Lá Dearg i mBéal Feirste le linn 2014, chun cearta agus seirbhíse oideachais Ghaeilge a éileamh go poiblí. Ach an uair seo, cuireadh brandáil agus cur chuige as an nua i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na hionsaithe leanúnacha, comhaimseartha ar an teanga.

Bhain an próiseas seo le húinéireacht; gluaiseacht phobalbhunaithe a tháinig ó na daoine, ón phobal agus ar son an phobail; gluaiseacht a raibh ról agus ionchur lárnach ag daoine óga inti; a raibh páirt agus guth ag achan duine ann, beag beann ar chreideamh, polaitíocht, aois nó eile.  D’éirigh leis An Dream Dearg, gan aon amhras, an feachtas ar son Acht Gaeilge a ardú chuig an chéad chéim eile, mar cheann de na feachtais is rathúla is inaitheanta in Éirinn le blianta fada anuas.

Aithnítear anois gurb é cinneadh leatromach an Aire Pobal Paul Givan a chuir splanc ollmhór leis an fheachtas, nuair a bhain an tAire deontas de £55,000 a bhí dírithe ar sparánachtaí chun daoine faoi mhíbhuntáiste airgeadais a chur chun na Gaeltachta le Gaeilge a fhoghlaim.  Fógraíodh an cinneadh seo, i mbéal na Nollag 23/12/2017, nuair a cuireadh in iúl do na Coláistí Gaeltachta nach mbeadh an scéim ar fáil: ‘Mar gheall ar choigilteas éifeachtúlachta ní bheidh an Roinn ag soláthar Scéim Sparánachtaí Líofa in 2017. Nollaig mhaith agus bliain úr faoi mhaise daoibh’ (Líofa, ríomhphost chuig Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, 23/12/2016).  Thit sé sin amach sa tseachtain chéanna agus a fógraíodh go raibh géarchéim sa Tionól maidir le scéim teasa an RHI a bhí i ndiaidh £500 milliún d’airgead poiblí a chur amú, agus de réir cosúlachta bhí an locht á chur go poiblí ar an DUP.  Agus Cnoc an Anfa ar tí titim, agus brú á thógáil ar an DUP, d’úsáid an Dream Dearg an ghéarchéim sin chun dlús a chur faoin ghluaiseacht ar fad, agus le linn na Nollag, reáchtáladh feachtas fíochmhar ar na meáin shóisialta ar son #Líofa.

Ag éirí as an oifig dó ar 9 Eanáir 2017, thagair Máirtín Mac Aonghusa go sonrach don leatrom sin i gcoinne na Gaeilge mar cheann de phríomhchúiseanna na faidhbe.

Tuairiscíodh an méid seo a leanas in The Irish News:

SINN Féin’s Máirtín Ó Muilleoir has said the scrapping of a £50,000 Irish language bursary scheme was the “straw that broke the camel’s back” following the RHI fiasco.  The Líofa project, introduced in 2012 to allow people on lower incomes to take part in Gaeltacht courses, was abruptly brought to an end by DUP communities minister Paul Givan in an email two days before Christmas. Mr Givan cited “efficiency savings” for the decision, but nationalists expressed anger at the move when the DUP minister had found an extra £98,000 for a grants scheme for marching bands on top of £200,000 announced last July.  The scrapping of the bursaries has also prompted threats of legal action from the Irish language sector.  In his resignation letter on Monday, Martin McGuinness hit out at the DUP’s “negative attitude to nationalism and to the Irish identity and culture”.  “For those who wish to live their lives through the medium of Irish elements in the DUP have exhibited the most crude and crass bigotry,” he said. (10/1/2017).

Fan am sin, bhí feachtas An Dream Dearg faoi lánseoil ar na meáin shóisialta ó bhí tús 2017 ann, agus bhí lógó an fheachtais, siombail agus suaitheantas An Dream Dearg ar bhreis agus 12,000 próifíl ar na meáin shóisialta, ar mhórcheannairí polaitiúla ina measc – Naomi Long, Gerry Adams, Colum Eastwood, Gerry Carroll srl.

Bhrúigh sin an feachtas amach ar na sráideanna, le tacaíocht trasna an bhoird ó na polaiteoirí agus eagraíodh an agóid phoiblí ag Oifigí an Aire Givan i mBéal Feirste ar an 12 Eanáir 2017.

Ag an phointe sin, seo a leanas an léamh a bhí ag The Irish News ar an scéal:

The ‘Bursaries not Boilers’ demonstration – contrasting the £50,000 cost of the Liofa scheme with a potential £490m bill for the RHI fiasco – is the “first in a long line of protests” planned by the group, who also want to an Irish Language Act.  More than 12,000 social media accounts have already adopted the white circle on a red background as a profile image.  The majority of Sinn Féin MLAs, along with MPs and TDs including leader Gerry Adams, have switched to the image, while SDLP representatives and Alliance leader Naomi Long have also posted it.  Outside of politics, the logo has also been made the main image on social media profiles belonging to boxers Paddy Barnes and Michael Conlon. (12/1/2017).

An lá sin, cé gur ‘aimsigh’ an tAire an maoiniú do Líofa maidin sin na hagóide, d’fhógair An Dream Dearg feachtas ollmhór buan chun Acht Gaeilge a bhaint amach do phobal na teanga ó thuaidh.

An chéad chéim riamh leis an fheachtas ná an spás a chruthú le haghaidh gnímh, le haghaidh úinéireachta, rannpháirtíochta agus teacht le chéile.  Dhírigh An Dream Dearg isteach orthu siúd le réimse leathan de scileanna; idir theicneolaíocht, chumarsáid, oideachas, dhearadh, scileanna eagrúcháin agus go leor eile; chun go mbeadh an taithí, an t-eolas agus an cumas sa seomra a ligfeadh don fheachtas fás agus forbairt de réir mar a bhí an cheist ag éirí níos práinní i súile na meán cumarsáide agus na bpolaiteoirí.  D’aontaigh an grúpa gur chóir theacht le chéile agus aontú ar aon sprioc amháin – reachtaíocht don Ghaeilge – agus gach rud eile nach raibh aontú ann orthu, a fhágáil ar leataobh (Ó Tiarnaigh, 2017).  Is léir gur chomhlíon na gníomhairí sa seomra róil údarásacha agus cheannaireachta san fheachtas; déagóirí agus daoine óga mar urlabhraithe náisiúnta ar cheisteanna pobalbhunaithe teanga.  Is idé-eolaíocht ghníomhach í seo a bhfuil macallaí de theoiric Gramsci le sonrú inti, cur chuige ón bhun aníos mar atá pléite aige in Prison Notebooks, ‘the mode of being of the new intellectual can no longer consist in eloquence…but in active participation in practical life, as constructor, organiser, “permanent persuader” and not just a simple orator…’ (1971: 10), agus gur chóir go mbeadh an gníomh seo ionadaíoch ar chur chuige níos leithne dírithe ar athruithe níos buaine a chruthú – ‘[actions thatparticipate in a particular conception of the world, has a conscious line of moral conduct, and therefore contributes to sustain a conception of the world or to modify it, that is, to bring into being new modes of thought’.  Sa Dream Dearg, bhí achan duine ina ngníomhaí, achan duine ina urlabhra, achan duine ina bhun agus guth ag gach duine a chur cos sa seomra nó a ghlac páirt ar líne; trí spásanna fisiceacha a chruthú, agus spásanna digiteacha a thógáil fríd an chur chuige céanna, bhí mórthéamaí oibre agus feachtasaíochta An Dream Dearg, de réir a chéile, ag dul i bhfeidhm ar phobal níos leithne, agus tháinig athruithe barúlacha agus ardú rannpháirtíochta, uilig ón bhun aníos, leis na hathruithe sin (Ó Tiarnaigh, 2017).

‘Réabhlóid Facebook’ – Na meáin shóisialta mar uirlis feachtasaíochta

Is mar gheall ar chur chuige éabhlóideach An Dream Dearg in úsáid na meán sóisialta ar tugadh aird ar bhunús an fheachtais sin ó thit ciorruithe Líofa amach; gur úsáideadh na meáin shóisialta mar ardáin freagrachta le dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí, agus ní ba thábhachtaí arís b’fhéidir, mar social amplifier den teachtaireacht a bhí á cur chun cinn i measc an domhain mhóir, agus fosta mar spás digiteach le pobal na Gaeilge a dhaingniú agus a eagrú eatarthu féin.  Tá teoiric ann go raibh an cur chuige éifeachtach céanna ann mar chuid de na Arab Uprisings, ar a dtugtar na Arab Springs.  Mar chuid den dioscúrsa reatha ar úsáid na ré digití san fheachtasaíocht pléitear san alt ‘The Role of Social Media in the Arab Uprisings’ ‘what some deemed the Facebook or Twitter revolutions, the media focused heavily on young protesters mobilizing in the streets in political opposition, smartphones in hand’. (Pew Research Centre, 2012).

Luaitear tábhacht na meán sóisialta san eagrú pobail go sonrach san alt céanna:

Social media indeed played a part in the Arab uprisings.  Networks formed online were crucial in organizing a core group of activists, specifically in Egypt.  Civil society leaders in Arab countries emphasized the role of “the internet, mobile phones, and social media” in the protests. Additionally, digital media has been used by Arabs to exercise freedom of speech and as a space for civic engagement. (Pew Research Centre, 2012).

Ag scríobh in The Guardian (25/11/2011), cuireann Peter Beaumont go mór leis an teoiric sin, agus taispeántar ann na meáin shóisialta mar ardáin nach ndéantar aon chinsireacht ábhar orthu, mar ardáin arbh fhéidir le pobail iad féin a eagrú orthu, agus a mbuntheachtaireacht a chraobhscaoileadh leis an domhan mór orthu.  Go bunúsach, pléann Beaumont leo mar uirlis bhunúsach, agus fhíorláidir, ghasta, cumarsáide; láithreáin láithreacha:

Precisely how we communicate in these moments of historic crisis and transformation is important.  The medium that carries the message shapes and defines as well as the message itself.  The instantaneous nature of how social media communicate self-broadcast ideas, unlimited by publication deadlines and broadcast news slots, explains in part the speed at which these revolutions have unravelled, their almost viral spread across a region.

Chuige sin, pléann Costanza-Chock leis an dúshlán ilteangachais a thagann leis an chur chuige seo, mar aon leis an tionchar a bhíonn ag gluaiseachtaí láidre ar na meáin shóisialta ar na meáin thraidisiúnta, ina saothar Out of the Shadows, Into the Streets!: Transmedia Organizing and the Immigrant Rights Movement (2014).  Is cás-staidéir oiriúnach é seo a thugann breis eolais ar an teoiric atá á cur chun cinn anseo, gur féidir leis na meáin shóisialta difear suntasach a dhéanamh sa tírdhreach pholaitiúil agus athruithe éifeachtach a thabhairt isteach.  Ag tagairt don eagrú pobail fríd ábhar a chruthaigh na gníomhaithe iad féin le scaipeadh ar mheáin s’acu féin, áitíonn Costanza-Chock:

They did this through a combination of face-to-face organizing, especially by way of long-established student groups, and the abundant use of new media tools and platforms, in particular text messaging and MySpace…Walkout participants produced and circulated their own media across multiple platforms, linked media directly to action, and did so in ways accountable to the social base of their movement (2014: 14).

Tógtar ar an phlé le teoiric bhreise den rannpháirtíocht a éascaíonn na meáin shóisialta mar ‘spás nua’ don phobal sin:

Despite continued lack of access to English-language mass media, the growing power of the Spanish-language press, together with the rise of social and mobile media, provides a clear opening for organizers…savvy community organizers engag[ing] their movement’s social base in participatory media-making practices.  Organizers can push participatory media into wider circulation across platforms, creating public narratives that reach and involve diverse audiences (2014: 46).

Agus sa deireadh tugann Costanza-Chock ‘transmedia organizing’ ar an ghníomh sin faoi chaibidil, a aithníonn sí mar ghníomh lárnach sa ghluaiseacht áirithe sin:

In other words, they took part in…transmedia organizing…shifting the emphasis from professional media producers to grassroots, everyday social movement media practices. [She argues] that transmedia organizing is the key emergent social movement media practice in a converged media ecology shaped by the broader political economy of communication (2014: 14).

An teoiric á cur i bhfeidhm – torthaí agus todhchaí

Ceanglaíonn Paul Mason, agus é i mbun pinn in The Guardian (12/06/2017), cuid de na pointí agus argóintí seo ar fad le chéile.  I gcomhthéacs pholaitíocht na Breataine, déanann sé anailís Gramsci ar an dóigh ar úsáid Corbyn na meáin nua le teachtaireacht nach raibh ag teacht chun cinn sna meáin thraidisiúnta a bhréagnú: ‘Italian Marxist Antonio Gramsci understood that before taking power, the left must disrupt and defy common sense’ agus é ag áitiú ‘just as Labour defeated the proposition that “Corbyn can’t win”’.

Arís, i gcomhthéacs Corbyn, fríd teoiricí Gramsci, agus le léamh ar an ré nua dhigiteach, na meáin nua mar uirlis chlaochlaithe gnímh, áitíonn Mason gurb iad na ‘digital natives’ seo a bhí ag croílár an dul chun cinn sin:

Day by day he created an epic sense of possibility.  The ideological results of this are more important than the parliamentary arithmetic.  Gramsci taught us that the ruling class does not govern through the state.  The state, Gramsci said, is just the final strongpoint.  To overthrow the power of the elite, you have to take trench after trench laid down in their defence…The 20th-century working class is being replaced as the main actor – in both the economy and oppositional politics – by the networked individual. People with weak ties to each other, and to institutions, but possessing a strong footprint of individuality and rationalism and capacity to act.  What we learned on Friday morning was how easily such networked, educated people can see through bullshit.  How easily they organise themselves through tactical voting websites; how quickly they are prepared to unite around a new set of basic values (Mason, 2017).

Ar an dóigh chéanna, bhí ar An Dream Dearg an rud céanna a dhéanamh, agus dréacht-Chlár Rialtais 2016 foilsithe gan aon tagairt d’Acht Gaeilge, bhí an bharúil ann nach mbeadh reachtaíocht riamh ann, agus cuireadh corr úr sa chinniúint leis an fheachtas nua ar líne, a d’athraigh an meon coitianta ar an cheist sin.

Leis an chur chuige feachtasaíochta céanna, d’éirigh leis An Dream Dearg tacaíocht thromlach na gComhaltaí Tionól (CTR) a chinntiú ar son Acht Gaeilge, faoi mar a toghadh iad le linn an toghcháin tionóil ó thuaidh ar 2 Márta 2017. Seasann an tacaíocht sin go dtí an lá inniu agus faoi láthair, tacaíonn 50 as 90 CTR leis an fheachtas (ó chúig pháirtí; An Páirtí Glas, Páirtí na Comhghuaillíochta, Pobal Roimh Bhrabús, SDLP, Sinn Féin) le cearta do phobal na Gaeilge ó thuaidh.  Den chéad uair ó bunaíodh an stáit, tacaíonn tromlach na gcomhaltaí leis an éileamh d’Acht Gaeilge.

As sin d’eagraigh An Dream Dearg feachtais agus agóidí ag Cnoc an Anfa, Iúr Cinn Trá, Doire, Béal Feirste agus eile chun an spás fisiceach sin a leathnú amach.  Tháinig buaicphointe na gluaiseachta, An Lá Dearg, ar an 20 Bealtaine 2017. Shiúil Gaeil ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Halla na Cathrach i mBéal Feirste, agus tuairiscíodh idir 12,000 15,000 i láthair ar an lá (The Irish News, 20/5/17).

Ag caint os comhair Halla na Cathrach i mBéal Feirste, dúirt Mac Giolla Bhéin (2017), urlabhraí An Dream Dearg, an méid seo maidir leis an fheachtas:

Because people like us, a chairde, can – and do – change things for the better. We are the risen people who will not stop until we receive the respect, recognition, and rights that we are entitled to as citizens.  Our message is loud and clear.  No government and no settlement and no new political arrangements that facilitate the discrimination and exclusion of Irish speakers!

Ní uasal aon uasal ach muid a bheith íseal. Éirímis!

Ní rialtas go hacht Gaeilge.

Is Gaeil muid.

Is saoránaigh den chéad grád muid.

Is daoine muid nach bhfanfaidh a thuilleadh go mbronnfar ár gcearta orainn.

Tá laethanta na díospóireachta thart. Tá leathanta na gcomhairliúchán poiblí thart. Táimid fuinniúil. Táimid tiomanta. Agus táimid DEARG LE FEARG.

Leanfaimid orainn ag eagrú, ag agóidíocht, ag stocaireacht agus ag troid gan stad gan staonadh go dtí go bhfaighimid ár gcearta.

Léiríonn caint Mhic Giolla Bhéin idé-eolaíocht an fheachtais, agus macalla ann arís de theoiric Gramsci mar a luadh thuas í.

Leis na gníomhaíochtaí seo ar fad, chruthaigh an Dream Dearg comhthéacs polaitiúil ina raibh an Ghaeilge i lár an aonaigh agus ina raibh tuiscint fhairsing ann nach mbeadh rialtas eile i gCnoc Anfa go dtí go mbeadh ceist Acht na Gaeilge réitithe.  Le teacht an earraigh 2018 tháinig an fhorbairt ba dhéanaí, agus gan aon amhras, ba shuntasaí i dtaobh na ceiste seo.  De réir mar a tháinig an nuacht chun cinn ón Aoine 9 Feabhra 2018 go raibh ‘comhaontú ar na bacáin’ (lá sular ceapadh Mary-Lou McDonald mar Uachtarán ar Shinn Féin ag Ard-Fheis speisialta i mBaile Átha Cliath), thosaigh na ráflaí maidir le cúrsaí Gaeilge ag teacht chun tosaigh sna meáin agus sa dioscúrsa poiblí an deireadh seachtaine sin.  De réir beagnach gach tuairisce a tháinig amach ó shin, bhí Acht Gaeilge neamhspleách mar chuid den bheartas a bhí aontaithe idir Sinn Féin agus an DUP (Mallie, 2018 agus Rowan, 2018) inar clúdaíodh stádas oifigiúil don Ghaeilge, coimisinéir teanga, seirbhísí, aistriúchán agus go leor eile.  Ach le foilsiú na nuachta seo agus fríthghníomh éigin ón phobal aontachtach, bhí an comhaontú cheana féin ag titim as a chéile, mar a scríobhann Comer (2018):

A luaithe agus a thosaigh daoine áirithe ar Twitter agus sna meáin go ginearálta ag gríosú an phobail aontachtaigh le seasamh in aghaidh Achta, ba léir go raibh an próiseas i dtrioblóid.  Sa deireadh, ní raibh an mhuinín ná an cheannasaíocht ag an DUP dul sa seans agus lámh an chairdis agus an athmhuintearais a shíneadh amach agus thit an tóin as na cainteanna.  De réir foinsí áirithe, níor ullmhaigh an DUP a lucht leanúna mar is ceart chun glacadh leis an réiteach seo agus shíl ceannairí áirithe sa pháirtí go dtiocfadh an cinneadh aniar aduaidh ar a gcuid vótóirí.

Leis sin, tháinig cáineadh ollmhór ar cheannasaíocht an DUP agus tógadh in athuair buncheisteanna maidir le paireacht ghradam don phobal Ghaelach, nó fiú an pobal náisiúnach trí chéile, cé nach ionann iad, faoi mar a gealladh é sin i gComhaontú Aoine an Chéasta.  Bealach amháin nó  eile, tá tuairimí láidre amuigh i measc an phobail mhóir go raibh roinnt ceannairí sa DUP réidh le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach, agus tá sé sin suntasach ann féin, cé gur thit an rud as a chéile sa deireadh le linn phróiseas na hidirbheartaíochta.

In alt a foilsíodh ar líne ag an am: ‘The cultural change now required relates to Unionism’s leadership’, mhaígh Donnelly go raibh an méid a leanas fós le déanamh ag an DUP chun sochaí chothrom a chruthú ó thuaidh agus chun a gcuid dualgas faoin chomhaontú a chomhlíonadh:

The St Andrews Agreement is an internationally recognised accord involving a sovereign British government and an Irish government.  The commitment by the British government to introduce an Irish Language Act was unequivocal. Indeed, the model of the act was even prescribed in the sense that the British government declared that the Act would “reflect on the experiences of Wales and Ireland.”  An Irish Language Act was always going to be the end result of this phase of our political process, regardless of how it was/is packaged.  The notion that a language act can not be sold to the unionist community is a fallacy.  The one thing that 20 years of a peace process has taught all of us is that deals can be made with compromises regardless of fixed positions from the past. (Donnelly, 2018).

Le forbairtí na seachtaine sin, áfach, tháinig cáineadh fosta ar an fheachtas, ar an éileamh ar son cearta teanga agus comhionannais.  Is sampla soiléir den chineál tráchtaireachta é an t-eagarfhocal a foilsíodh in The Guardian (15/2/2018), ‘The Guardian view on Northern Ireland talks collapsing: the lost language of power-sharing – Editorial’.  Tugadh dúshláin don chineál smaointeoireachta a bhí le feiceáil in The Guardian, mar shampla, in Ramsey (2018):

The lack of people speaking Irish in Northern Ireland isn’t just the result of the inevitable supremacy of English.  It’s the product of brutality over centuries – from the plantations to Cromwell’s mass murder to the 1831 Education Act, with which British colonists forced Irish people to learn in English rather than their native tongue; to the violence of the famine and the vast exodus it triggered; to the oppression of Catholic communities which triggered the civil rights movement in the 1960s.

Looked at over centuries, the decline of the Irish language is best understood as a product of what Tomás Mac Síomóin, among others, describe as the cultural genocide of Ireland.  It is in this context that we should look again at that Guardian editorial: where it deplores moves to revive a language as divisive, because the elimination of it has been so successful that only a few thousand people in the North still speak it; where the victims of this oppression are dismissed as ‘tribal’, while the hatred of those who detest diversity goes unchallenged.Of course the Irish language is political: it’s always political for marginalised minorities to express themselves.  It’s always political to defend diversity in the face of those who demand a monochrome society.

Focal Scoir

Tá ceist na Gaeilge aitheanta mar an cheist pholaitiúil is tábhachtaí agus is achrannaí ó thuaidh.  Tá todhchaí na gcainteanna idir na bpáirtithe agus an tionól féin ag brath ar a gcumas teacht ar réiteach ar cheist seo an achta.  Breis is bliain ó shin, áfach, bhí an cheist seo ar imeall an dioscúrsa agus caillte i measc plé ar ‘athmhuintearas’ agus ‘féiniúlacht nua’ – áit nach raibh tagairt nó spás don teanga inti.  Cibé rud a thagann amach as an tréimhse seo, is bua ollmhór don fheachtas phobalbhunaithe é go raibh an Dream Dearg ábalta cearta do phobal na Gaeilge agus aitheantas oifigiúil don Ghaeilge a bhrú chun tosaigh sa dioscúrsa poiblí agus polaitíochta, gluaiseacht a tharraing aird idirnáisiúnta agus a spreag machnamh trasna an phobail agus sa chóras polaitiúil ar an ról agus stádas ar chóir a bheith ag an Ghaeilge sa tsochaí.

Ag scríobh dó thar ceann An Dream Dearg, luann Mac Giolla Bhéin ról lárnach claochlaithe an phobail sa pholaitíocht ó thuaidh le blianta beaga anuas agus na hathruithe atá bainte amach ag an fheachtas go dtí seo:

Undoubtedly, the biggest, most consistent and most vocal of these campaigns was that of an Dream Dearg for an Irish language Act.  An issue which had spent the previous 3 years on the margins and was rapidly falling off the political richter scale was catapulted to the main political issue of 2017.  Despite the more recent, retrospective analysis of politicians and commentators that are hostile to an Irish language Act, this issue has not been plucked from the sky as some kind of arbitrary ‘Sinn Féin Red Line’ to ensure no deal was made while simultaneously allowing them to save face with nationalist electorate.  In fact, quite the opposite.

As stated on previously on this site, the campaign re-emerged in late 2016 in response to a lack of progress on rights for Irish speakers generally (as indicated by a draft programme for Government which airbrushed Irish out of existence) coupled with brazen and openly biased regressive decisions against the language; see Líofa grants, the renaming of boats and countless attacks on Irish medium schools as examples.

The attempts to dehumanise and delegitimize those activists, citizens and young people as merely ‘political activists’ as Arlene Foster described us in April 2017 or in more recent times the reduction of the organic community-led campaign, the biggest seen here for a long year, to “Sinn Féin Red Line” ignores the reality that those parties (SF, SDLP, All, GPNI, PBP – and a majority of MLAs) calling for an Irish Language Act did so as a result of a powerful organic campaign.  To ignore that reality inevitably makes resolution much more difficult (Mac Giolla Bhéin, 2018).

Tá dream úr de dhíograiseoirí cumasaithe agus spreagtha i ngeall ar an fheachtas orgánach seo agus creideann siad go smior i bhfianaise na n-éachtaí atá bainte amach le bliain anuas go bhfuil cumhacht acu agus gur féidir leo an tsochaí thart timpeall orthu a athrú.  In ainneoin nach bhfuil an tAcht féin bainte amach go fóill, ní mór a shonrú gur éirigh leis an Dream Dearg sparánacht Líofa a shábháil agus na ciorruithe ar chlubanna óige Gaeilge a chur ar ceall, gan trácht ar phróifíl níos airde agus suntasaí a thabhairt don teanga ná mar a bhí aici riamh ó thuaidh.  Tugtar le fios san alt seo an géarghá le reachtaíocht teanga agus na dúshláin pholaitíochta lena mbaineann.  Sonraítear an difear ar féidir le pobal atá eagraithe a dhéanamh, bunaithe ar theoiric ghníomhach agus fréamhaithe ar ghníomhartha nua ar ardáin nua feachtasaíochta mar atá ar fáil ar na meáin shóisialta.  Thar aon ní eile, aithnítear anseo an ghlúin úr atá á cumasú fríd An Dream Dearg agus atá dírithe ar phróifíl mionteanga áitiúil a ardú.  Mar a dúradh ón tús – tá an t-aistear chomh tábhachtach céanna leis an cheann scríbe.


[[1]](http://leannteangaanreiviu.com/node/422#_ftnref1) Féach fosta: Tuairisc: An Coiste Comhairleach don Chreat-Choinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta (Comhairle na hEorpa, foilsithe 27/7/2017. Le fáil ag: https://rm.coe.int/16806fb9ab).

[[2]](http://leannteangaanreiviu.com/node/422#_ftnref2) Féach fosta Dunlevey & Ó Mainnín, (2017)  ‘Debate over Irish language is central to power-sharing talks in Northern Ireland’ in QPOL ag http://qpol.qub.ac.uk/irish-language-act/ agus Dunlevey agus Ó Mainnín, (2017) ‘Putting a price on language: the debate around the cost of an Irish language act’ in QPOL  ag http://qpol.qub.ac.uk/cost-irish-language-act/.

[[3]](http://leannteangaanreiviu.com/node/422#_ftnref3) Féach fosta: ‘This Irish Language Campaign Group Has Been Set Up To Protest Cuts To Gaeltacht Bursary Scheme’ ar Lovin.ie ag

https://lovin.ie/news/this-irish-language-campaign-group-has-been-set-up-to-protest-cuts-to-gaeltacht-bursary-scheme (Léite 14/1/2018).

Leabharliosta:

Leabhair

Costanza-Chock, S., (2014) Out of the Shadows, Into the Streets!: Transmedia Organizing and the Immigrant Rights Movement (MIT Press).

Gramsci, A., (1971) Selections from the Prison Notebooks. Londain: Lawrence and Wishart.

Ailt

Brown, H., Guskin, E. &  Mitchell, A., (2012) ‘The Role of Social Media in the Arab Uprisings.’  The Pew Research Centre. 28 Samhain. Le fáil ag: http://www.journalism.org/2012/11/28/role-social-media-arab-uprisings/ (Léite 4 Aibreán 2018).

Burke, B., (1999, 2005) ‘Antonio Gramsci, schooling and education.’ The encyclopedia of informal educatio.  Le fáil ag: http://www.infed.org/thinkers/et-gram.htm (Léite 11 Nollaig 2017).

Ní Ghilín, G.,  (2017a) ‘Conradh na Gaeilge san Ardchúirt faoi Straitéis Ghaeilge.’ An tUltach. Aibreán. 12-3.

Ní Ghilín, G.,  (2017b)  ‘An difear idir Straitéis agus Acht.’ An tUltach. Aibreán.  13.

Ailt Nuachtáin

Beaumont, P., (2011) ‘The truth about Twitter, Facebook and the uprisings in the Arab world.’ The Guardian. 25 Feabhra. Le fáil ag: https://www.theguardian.com/world/2011/feb/25/twitter-facebook-uprisings-arab-libya (Léite 15 Nollaig 2017).

Mallie, E., (2017) ‘How Arlene Foster helped nationalism find its teeth.’ The Irish Times. 4 Meán Fómhair.  Le fáil ag: https://www.irishtimes.com/news/politics/how-arlene-foster-helped-nationalism-find-its-teeth-1.3208198 (Léite 20 Eanáir 2018).

Mason, P., (2017) ‘Jeremy Corbyn, defeat ruling class.’ The Guardian 12 Meitheamh.  Le fáil ag: https://amp.theguardian.com/politics/commentisfree/2017/jun/12/paul-mason-jeremy-corbyn-defeat-ruling-elite-antonio-gramsci (Léite 15 Nollaig 2017).

Ailt Leictreonacha Eile

Comer, N., (2018) ‘Is páipéar litmis é Acht Gaeilge, ach cén dath a bheidh air?’ Le fáil ag: https://www.meoneile.ie/anailis/is-paipear-litmis-e-acht-gaeilge-ach-cen-dath-a-bheidh-air (Léite 19 Feabhra 2018).

Donnelly, C., (2018) ‘The cultural change now required relates to Unionism’s leadership.’ 18 Feabhra.  Le fáil ag: https://sluggerotoole.com/2018/02/18/the-cultural-change-now-required-relates-to-unionisms-leadership/ (Léite 19 Feabhra 2018).

Dunlevey, D. & Ó Mainnín, M., (2017a) ‘Debate over Irish language is central to power-sharing talks in Northern Ireland.’ Le fáil ag: http://qpol.qub.ac.uk/irish-language-act/ (Léite 29 Eanáir 2018)

Dunlevey, D. & Ó Mainnín, M., (2017b)  ‘Putting a price on language: the debate around the cost of an Irish language act.’  Le fáil ag: http://qpol.qub.ac.uk/cost-irish-language-act/ (Léite 29 Eanáir 2018).

Mallie, E., (2018) ‘New light shone on draft agreement*.*’ Le fáil ag: http://eamonnmallie.com/2018/02/new-light-shone-draft-agreement-eamonn-mallie/ (Léite 19 Feabhra 2018).

Mac Giolla Bhéin, C., (2017)  ‘An Lá Dearg: óráid Chiaráin Mhic Giolla Bhéin.’ An tUltach.  22 Bealtaine. Le fáil ag: https://antultach.com/pobal/an-la-dearg-oraid-chiarain-mhic-giolla-bhein (Léite 5 Meán Fómhair 2017).

Mac Giolla Bhéin, C., (2018) ‘Grassroots Campaign for Irish Language Legislation transformed political discourse, but where are we now and how can we help deliver meaningful change?’  22 Eanáir.Le fáil ag: https://sluggerotoole.com/2018/01/22/grassroots-campaign-for-irish-language-legislation-transformed-political-discourse-but-where-are-we-now-and-how-can-we-help-deliver-meaningful-change/ (Léite 5 Feabhra 2018).

Ó Cuirreáin, S., (2017) ‘Teachtaireacht don Lá Dearg: Seán Ó Cuirreáin.’ An tUltach. Bealtaine. Le fáil ag: https://antultach.com/cursai-reatha/teachtaireacht-don-la-dearg-sean-o-cuirreain/ (Léite 6 Lúnasa 2017).

Ó Liatháin, C., (2017) ‘Unionists should welcome Irish Language Act with open arms.’ 10 Meán Fómhair. Le fáil ag: https://sluggerotoole.com/2017/09/10/unionists-should-welcome-irish-language-act-with-open-arms/ (Léite 10 Nollaig 2017).

Ramsey, A., (2018) ‘The Guardian view on…cultural genocide’ ar Open Democracy. 17 Feabhra.  Le fáil ag: https://www.opendemocracy.net/uk/adam-ramsay/guardian-view-on-cultural-genocide (Léite 18 Feabhra 2018).

Rowan, B., (2018)  ‘Stormont Talks: A document of a dozen pages or more – plus annexes & separate commitments.’ 17 Feabhra. Le fáil ag: http://eamonnmallie.com/2018/02/stormont-talks-document-dozen-pages-plus-annexes-separate-commitments-brian-rowan/ (Léite 19 Feabhra 2018).

Tuairiscí Nuachta

Belfast Live, (2016) ‘DUP pledges to stop “squandering money” on Irish language schools.’  Belfast Live. 6 Aibreán.  Le fáil ag: https://www.belfastlive.co.uk/news/belfast-news/dup-pledges-stop-squandering-money-11147531 (Léite 16 Eanáir 2018).

The Belfast Telegraph, (2014) ‘Belfast City Council faces High Court challenge over Irish language street sign policy.’ The Belfast Telegraph. 24 Márta.  Le fáil ag: https://www.belfasttelegraph.co.uk/news/northern-ireland/belfast-city-council-faces-high-court-challenge-over-irish-language-street-sign-policy-30119835.html (Léite 11 Eanáir 2018).

The Irish News, (2016a) ‘DUP-led Department of Education ends use of Irish on official logo.’ The Irish News 11 Samhain. Le fáil ag: http://www.irishnews.com/news/2016/11/11/news/dup-led-department-of-education-ends-use-of-irish-779228/ (Léite 13 Samhain 2016).

The Irish News, (2016b) ‘First and Deputy First Minister vow to just “get on with the work” with “no gimmicks.”’ The Irish News. 21 Samhain. Le fáil ag: http://www.irishnews.com/news/2016/11/21/news/platform-first-and-deputy-first-minister-joint-pledge-no-gimmicks-just-ministers-getting-on-with-the-work--791967/ (Léite 15 Eanáir 2018).

The Irish News, (2017a) ‘Scrapping of Irish language bursary “straw that broke the camel’s back.”’ The Irish News. 10 Eanáir.  Le fáil ag:  http://www.irishnews.com/news/politicalnews/2017/01/10/news/scrapping-of-irish-language-bursary-straw-that-broke-the-camel-s-back--877103/ (Léite 18 Eanáir 2017).

The Irish News, (2017b) ‘Irish language campaign logo goes viral on social media.’  The Irish News. 12 Eanáir. Le fáil ag: https://www.irishnews.com/news/northernirelandnews/2017/01/12/news/irish-language-campaign-logo-goes-viral-on-social-media-881439/ (Léite 18 Eanáir 2017).

The Irish News, (2017c) ‘Policy for DUP minister’s removal of Irish name from boat cannot be produced.’ 7 Feabhra.  Le fáil ag: https://www.irishnews.com/news/2017/02/07/news/policy-for-dup-minister-s-removal-of-irish-name-from-boat-cannot-be-produced-922505/ (Léite 15 Eanáir 2018).

The Irish News, (2017d) ‘An Lá Dearg, thousands of people take to the streets calling for an official Irish language act.’ 20 Bealtaine.  Le fáil ag: http://www.irishnews.com/photos/picturegalleries/2017/05/20/photo/an-la-dearg-thousands-of-people-take-to-the-streets-calling-for-an-official-irish-language-act--1032016/ (Léite 25 Iúil 2017).

The Irish Times, (2014) ‘Judge throws out bid to overturn block on putting Irish signs on Belfast street.’ The Irish Times. 12 Aibreán.  Le fáil ag: https://www.irishtimes.com/news/crime-and-law/courts/high-court/judge-throws-out-bid-to-overturn-block-on-putting-irish-signs-on-belfast-street-1.2025664 (Léite 1 Eanáir 2018).

The Irish Times, (2015) ‘Belfast woman appeals failed bid to install Irish signs on street.’  The Irish Times. 11 Meán Fómhair.  Le fáil ag: https://www.irishtimes.com/news/crime-and-law/belfast-woman-appeals-failed-bid-to-install-irish-signs-on-street-1.2348686 (Léite 1 Eanáir 2018).

BBC, (2017a) ‘Executive failed’ over Irish language strategy, court rules.’ BBC NI. 3 Márta.  Le fáil ag: http://www.bbc.co.uk/news/uk-northern-ireland-39157612 (Léite 19 Márta 2017).

BBC, (2017b) ‘Irish language act a necessity, says Council of Europe.’ BBC NI. 9 Márta. Le fáil ag: http://www.bbc.co.uk/news/uk-northern-ireland-39208556 (Léite 19 Márta 2017).

Lovin.ie, (2017) ‘This Irish Language Campaign Group Has Been Set Up To Protest Cuts To Gaeltacht Bursary Scheme.’ Lovin.ie. Le fáil ag: https://lovin.ie/news/this-irish-language-campaign-group-has-been-set-up-to-protest-cuts-to-gaeltacht-bursary-scheme (Léite 3 Aibreán 2017).

The Guardian, (2018) ‘The Guardian view on Northern Ireland talks collapsing: the lost language of power-sharing: Editorial.’ 15 Feabhra.  Le fáil ag: https://www.theguardian.com/commentisfree/2018/feb/15/the-guardian-view-on-northern-ireland-talks-collapsing-the-lost-language-of-power-sharing#comment-112305281 (Léite 19 Feabhra 2018).

Cáipéisíocht Rialtais & Reachtaíocht

Comhairle na hEorpa, (2017) Tuairisc An Choiste Chomhairlighh don Chreat-Choinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta, Comhairle na hEorpa: ‘Fourth Opinion on the United Kingdom adopted on 25 May 2016.’ 27 Iúil.  Le fáil ag: https://rm.coe.int/16806fb9ab (Léite 1 Aibreán 2018).

Comhaontú Aoine an Chéasta, (2018) Le fáil ag: https://www.gov.uk/government/uploads/system/uploads/attachment_data/file/136652/agreement.pdf. (Léite 19 Feabhra 2018).

Comhaontú Chill Rimhínn, (2006) Le fáil ag: https://www.gov.uk/government/uploads/system/uploads/attachment_data/file/136651/st_andrews_agreement-2.pdf.  (Léite 19 Feabhra 2018).

Roinn CEF | Roinn Pobal, (2015) Comhairliúchán ar Bhille na Gaeilge 2015. 10 Nollaig.  Le fáil ag: https://www.communities-ni.gov.uk/publications/irish-language-bill-consultation-2015-report-and-responses. (Léite 15 Feabhra 2018).

Ráitis Oifigiúla

Comer, N., (2015) ‘Breis ’s 94% Ar Son Acht Gaeilge Ó Thuaidh.’ Ráiteas oifigiúil Chonradh na Gaeilge. 1 Deireadh Fómhair.  Le fáil ag: https://cnag.ie/ga/nuacht/725-breis-s-94-ar-son-acht-gaeilge-ó-thuaidh.html (Léite 10 Samhain 2017).

Mac Giolla Bhéin, C., (2016) ‘Díomá agus Frustrachas ar Chonradh na Gaeilge faoin Tarraingt Siar ar chuid de Ghealltanais Réamh-thoghcháin.’  Ráiteas oifigiúil Chonradh na Gaeilge. 17 Bealtaine.  Le fáil ag: https://cnag.ie/ga/nuacht/830-díomá-agus-frustrachas-ar-chonradh-na-gaeilge-faoin-tarraingt-siar-ar-chuid-de-ghealltanais-réamh-thoghcháin-gaelvóta.html (Léite 5 Eanáir 2018).

Páipéar Comhdhála

Ó Tiarnaigh, P., (2017) ‘“The Gaelic Spring”: Social Media, Líofa and the Re-energised campaign for Acht Gaeilge.’ Comhdháil CAIS (Canadian Association for Irish Studies), Ollscoil Uladh, Mag Aoidh.  30 Meitheamh.

Twitter

An Dream Dearg – @dreamdearg; Conradh na Gaeilge – @CnaG

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|