Cartlann na Meán

‘Tá Acht Gaeilge fiúntach de dhíth’

Tá deis aonuaire againn anseo rud éigin fiúntach fadtéarmach a bhaint amach. Ná caillimis an deis sin. Ná glacfar le sop in áit na scuaibe. Mo chomhairle: munar Acht fiúntach é, ní fiú é.
‘Tá Acht Gaeilge fiúntach de dhíth’
  1. Bliain úr. Ré úr.

Ach maireann go fóill mór-dhúshláin pholaitiúla ó thuaidh.

Níor chóir go mbeadh an Ghaeilge ina measc. Is ceist í An Ghaeilge ó thuaidh a réitíodh roimhe seo. “Nár tháinig siad ar chomhaontú maidir le hAcht Gaeilge sna sé chontae blianta ó shin”, a dúirt duine muinteartha liom le linn na Nollag. “Tháinig”, ar mise, “ach mar a insíonn stair na háite seo go maith dúinn, ní fiú faic iad comhaontaithe múna gcuirtear i bhfeidhm in am iad, mar is cuí agus mar is ceart”.

  1. Tá dhá bhliain anois imithe leis an ghaoth ó chuir Paul Givan MLA deireadh la sparánachtaí Líofa. “Buile maraithe na muice” mar a cuireadh síos air ag an am, agus daoine ag amharc ar £50,000 a baineadh ó scéim Ghaeltachta Líofa, i mórchomhthéacs an £500,000,000 a bhí i mbéal na ndaoine sa tseachtain ché´anna agus ceist an RHI ag teacht chun solais, nó chun teasa.

Mar a tuairiscíodh ag an am, déanfaidh staraithe agus lucht na hanailíse an dá mhéid airgid sin, an dóigh ar caitheadh leo, nó nár caitheadh leo, a mheas ar feadh na mblianta fada atá le teacht. Cinneadh siombalach a bhí ann a spreag pobal na Gaeilge i mbun gnímh ar bhealach nach bhfacthas roimhe sin i mo thuairim.

Tá dhá bhliain imithe fosta ó chuir Paul Givan na sparánachtaí Líofa ar ais. Léiriú a bhí sa chinneadh sin go raibh imní air roimh chumhacht an phobail; nó gur thuig sé gur chuir sé a chos sa chlábar. Mhúscail sé fathach. Fathach a bhí ar tí éirí amach roimhe sin agus sraith leanúnach ionsaithe feicthe againn i gcoinne na Gaeilge agus an chuma ar an scéal go raibh stádas na Gaeilge ag titim in áit bheith ag fás ar bhonn oifigiúil ó thuaidh.

Agus ó shin amach tá infreastruchtúr gnímh tógtha agus buanaithe ag An Dream Dearg; feachtas neamhspleách, pobal-bhunaithe atá ábalta daoine a cheangail le chéile, spásanna as an nua a chruthú don fheachtasaíocht agus glúin úr de cheannairí cumasacha teanga a thabhairt chun tosaigh.

Irish Language 2

Ré Úr Comhionannais

  1. Tá 20 bliain anois imithe ó gealladh “ré úr comhionannais” dúinn i gComhaontú Aoine an Chéasta; ó gealladh go ndéanfaí “gníomh diongbháilte” don Ghaeilge agus do phobal a labhartha. Ní hionann “gníomh diongbháilte” dár liom agus polasaithe leatromacha i gcoinne comharthaíochta Gaeilge i gComhairlí ó thuaidh; ní hionann “gníomh diongbháilte” dár liom agus Gaelscoileanna go fóill ann nach bhfuil lóistín sásúil acu; ní hionann “gníomh diongbháilte” dár liom nuair nár cuireadh i bhfeidhm riamh Straitéis chun an Ghaeilge a fhorbairt agus a chosaint, a aontaíodh agus a bhí mar chuid den Chlár Rialtais in 2011 (go háirithe agus breithiúnas stairiúil i gcoinne an Fheidhmeannais san Ard-Chúirt i Márta 2017 ar an cheist seo);  ní hionann “gníomh diongbháilte” dár liom agus eagrais thurasóireachta a dhiúltaíonn an Ghaeilge a chur san áireamh ar ábhar turasóireachta sna hionaid atá acu (Clochán an Aifir, mar shampla maith de seo).

Agus cad é an leithscéal a thugtar dúinn go minic ag lucht séanta ár gceart? “Níl aon reachtaíocht ann a insíonn dúinn nó a thugann treoir dúinn an Ghaeilge a chlúdach. Dá mbeadh a leithéid de reachtaíocht ar fáil, d’fheadfadh muid an polasaí sin a athrú”…

Irish Language 3

Cuir i bhfeidhm coimitmintí

  1. Tá muid anois ag teacht ar 13 bliain ó gealladh Acht Gaeilge mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn in 2006. Tá an tAcht a gealladh ag an am sin le comhlíonadh agus le cur i bhfeidhm go fóill. Tá an tAcht sin aontaithe, nó tá an chuma a bheadh ar an Acht sin aontaithe, is é sin go mbeadh sé bunaithe ar eispéiris agus ar thaithí na Breataine Bige agus na sé chontae is fiche.

Ní mór dúinn cloí le bun-eilimintí na nAchtanna sin, na láidreachtaí a leanúint agus foghlaim ó na láigí a bhí ann roimhe seo.

Glactar leis go forleathan ag saineolaithe reachtaíochta teanga go bhfuil ceithre chloch choirnéil ann ar a dtógtar an reachtaíocht féin agus is fríd an ceithre bhunchloch seo a chuirtear an chuid eile den fheoil ar na cnámha:

Stádas Oifigiúil: go mbeadh an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil anseo. Gan seo níl maitheas ar bith sa rud. Munar féidir linn an Ghaeilge, ár dteanga dúchais, a lua mar theanga oifigiúil anseo, cad é faoin spéir atá ag dul ar aghaidh?

Feiceálacht agus Comharthaíocht: Tá sé aitheanta ar fud na cruinne gur gá mionteangacha a léiriú in áiteanna poiblí chun an teanga sin a normalú agus tuilleadh feasachta a dhéanamh go nádúrtha. Tá an chuid seo barr-thábhachtach don phobal agus an t-éileamh seo anois ag teacht in uachtar mar scrúdú litmis ar aon Acht Gaeilge a thiocfas chun tosaigh.

Má tá cosc go fóill ar an teanga in áiteanna poiblí is Acht amú a bheas againn. Tá sé tábhachtach, i ndiaidh an cur agus cúiteamh a thit amach le dhá bhliain anuas, go mbeidh Acht Gaeilge ‘le feiceáil’.

Coimisinéir Teanga: Feidhmíonn an duine agus an oifig seo mar idirghabhálaí idir an phobal, na páirtithe, lucht déanta polasaithe agus an stát. Duine agus oifig neamhspleách, a dhéanfas cinntithe agus socruithe go cothrom, bunaithe ar dheá-chleachtas agus a scaoileann saor ceist na Gaeilge ó chlaontacht pholaitiúil.

Seirbhísí don Phobal: “Níor mhaith liom ach a bheith beo, i mo rogha teanga féin, i mo thír féin, agus tá dualgas ar an stát an rogha saoil sin a éascú”. Seirbhísí tacaíochta oideachais. Bun-sheirbhísí sna Comhairlí áitiúla. A bheith ábalta ceadúnas tiomána a fháil trí Ghaeilge. Gaeilge a chur ar mo theastas breithe agus eile…

Tá deis aonuaire againn anseo rud éigin fiúntach fadtéarmach a bhaint amach. Ná caillimis an deis sin. Ná glacfar le sop in áit na scuaibe. Mo chomhairle: munar Acht fiúntach é, ní fiú é.

Is gníomhaí teanga é An Dochtúir Pádraig Ó Tiarnaigh i mór-fheachtas #AchtAnois An Dream Dearg le dhá bhliain anuas. Is Feidhmeannach Cumarsáide é le Conradh na Gaeilge fosta.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|