Cartlann na Meán

Léiriú ar #AchtAnois ar mhapa nua

Tá tionchar an fheachtais atá á reáchtáil ag an Dream Dearg ar son Acht Gaeilge le feiceáil go soiléir i ngrafaicí nua a chuir an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri le chéile.
Léiriú ar #AchtAnois ar mhapa nua

Tá tionchar an fheachtais atá á reáchtáil ag an Dream Dearg ar son Acht Gaeilge le feiceáil go soiléir i ngrafaicí nua a chuir an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri le chéile.

Bíonn dhá emoji á n-úsáid go coitianta ag lucht an fheachtais ar Twitter le tacaíocht a léiriú don éileamh ar reachtaíocht teanga ó thuaidh — an dá leagan den “Fháinne Dearg” atá ar fáil ar an méarchláir emoji ⭕ agus 🅾️.

Is é Kevin Scannell, a bhfuil éachtaí thar na bearta déanta aige ar son na Gaeilge ar líne, atá i gceannas ar an suíomh idirlín IndigenousTweets.com, lena gcoinníonn sé súil ar úsáid na Gaeilge ar Twitter.

D’úsáid Kevin sonraí ó Twitter le heolas a bhailiú faoi ghiolcacha a scríobhadh i nGaeilge, a seoladh as Éirinn agus ina luaitear ceachtar den dá emoji leis an léarscáil a chur le chéile.

Mar a bheifí ag súil leis, tá meall mór ciorcail dhearga timpeall ar Bhéal Feirste agus scaipthe go forleathan thar chúige Uladh. Tá go leor timpeall ar cheantar Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill freisin, mar a bhfuil tacaíocht mhór léirithe ag bunadh na háite don fheachtas ar son Acht Gaeilge sa gcuid eile den chúige.

Tá roinnt mhaith fáinní dearga le feiceáil i mBaile Átha Cliath freisin ach aisteach go leor is i nGaeltacht Chonamara atá an méid is mó acu le feiceáil — ó Bhearna siar go Carna ar an léarscáil tá níos mó fáinní dearga le feiceáil ná áit ar bith eile sa tír.

Ar ndóigh, is í Gaeltacht Chonamara an ceantar Gaeltachta is mó sa tír ach is ann atá formhór na meán Gaeilge lonnaithe freisin, chomh maith le go leor eagraíochtaí agus comhlachtaí Gaeilge eile agus d’fhéadfadh sé gur mar gheall air sin atá an tacaíocht láidir le feiceáil ann.

Tá an dara cathair is mó i gcúige Uladh, Doire, le feiceáil faoi fháinní dearga ar an léarscáil freisin, chomh maith le Gaeltacht Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge. Tá fáinní dearga thar Ghaeltacht na Mí freisin chomh maith le contaetha eile nach samhlaítear leis an nGaeilge chomh minic sin — leithéidí Shligigh, Thiobraid Árann agus Chill Chainnigh.

Sa dara léaráid a chuir Kevin Scannell le chéile feictear ‘léarscáil’ de chomhráite ar Twitter ina luaitear an dá emoji. Arís eile, is giolcacha i nGaeilge a seoladh in Éirinn amháin a úsáideadh leis an léaráid a chur le chéile. Feictear gach cuntas a d’úsáid #AchtAnois i ngiolc Gaeilge le tamall anuas.

“Tá an ghrafaic seo níos casta ná an léarscáil. Go bunúsach, léiríonn sé gach cuntas a d’úsáid #AchtAnois ar Twitter. Chuir mé nasc idir dhá chuntas sa bpictiúr nuair a rinne cuntas amháin Atweet ar an gcuntas eile, do Tweetanna ina bhfuil #AchtAnois iontu. Tá méid an ainm bunaithe ar an ‘tionchar’ a imríonn an cuntas sin ar an líonra. Sin an fáth a bhfuil @CnaG agus @dreamdearg chomh mór sin — go leor daoine á nAtweetáil, go háirithe daoine eile a bhfuil tionchar mór acusan,” a dúirt Kevin.

Tá fáilte curtha ag an Dream Dearg féin roimh na léaráidí ó Kevin agus dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh go dtugtar “léargas fíorshuimiúil” ar thionchar an fheachtais.

“Is údar mór spéise domsa an dóigh a mbíonn na cuntais áirithe i dteagmháil le chéile, agus iad ag idirghníomhaíocht le chéile trí phriosma na haischlibe #AchtAnois, agus an emoji dearg mar a fheictear sa léarscáil.

“Tá ag éirí linn, mar sin, spásanna nua a chruthú ar líne chun stocaireacht dhigiteach a dhéanamh ar cheist na Gaeilge ó thuaidh, agus is spásanna iad seo atá ag éascú deiseanna breise rannpháirtíochta do dhaoine nach mbeadh deis acu a bheith páirteach ar bhealaí eile roimhe seo,” a dúirt sé.

Dúirt Pádraig go bhfuil Twitter “ag feidhmiú mar aimplitheoir sóisialta don fheachtas” agus gur ardán é a thugann “deis don phobal féin dul i bhfeidhm ar a chéile” agus ar “lucht déanta na gcinntí iad féin”.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|