Cartlann na Meán

Dlús á chur ag an Dream Dearg lena bhfeachtas ar son Achta Gaeilge

Tá feachtais éagsúla beartaithe an tseachtain seo ag an mbrúghrúpa An Dream Dearg le tacú lena n-éileamh ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin
Dlús á chur ag an Dream Dearg lena bhfeachtas ar son Achta Gaeilge

Cuirfidh an Dream Dearg dlús an tseachtain seo lena bhfeachtas ar son Achta Gaeilge don Tuaisceart. Tá clár leagtha amach ag an ngrúpa feachtais de ghníomhartha agus imeachtaí a bheidh ag tarlú as seo go deireadh na seachtaine leis an éileamh atá ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin a léiriú.

Cheana féin inniu, tá na céadta duine tar éis a bpictiúr próifíle ar na meáin shóisialta a athrú agus an fáinne dearg a shamhlaítear leis an ngluaiseacht a chur os cionn a ngnáthphictiúir. Is minic a úsáidtear an pictiúr próifíle ar na meáin shóisialta le dlúthpháirtíocht a léiriú le cúis ar leith.

Amárach, díreofar ar ionadaithe poiblí ó dheas ar na meáin shóisialta agus súil ag an Dream Dearg go mbeidh daoine ar mhaith leo Acht Gaeilge don Tuaisceart i dteagmháil le baill tofa Thithe an Oireachtais ar Facebook agus Twitter agus iad ag lorg tacaíochta dá leithéid. Tá tacaíocht léirithe ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, d’Acht Gaeilge don Tuaisceart cheana féin. Beidh an Dream Dearg ag súil go spreagfaidh an feachtas teachtaireachtaí ar líne tuilleadh polaiteoirí lena dtacaíocht a fhógairt go poiblí.

Iarrfar ar an bpobal Dé Céadaoin físeáin ghearra díobh féin a chur ar líne faoin haischlib #AchtAnois agus míniú san fhíseán ar na fáthanna ar leith a dteastaíonn reachtaíocht teanga ón duine áirithe sin. Is iad an Dream Dearg féin a chuirfidh tús leis na físeáin agus roinnt polaiteoirí agus aíonna mór le rá acu le físeáin bheaga a dhéanamh ar son an Achta.

Beidh an Dream Dearg ag bailiú le chéile taobh amuigh de Stormont Déardaoin le léirsiú a dhéanamh ar son an Achta. Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, ón ngrúpa, go bhfuil sé tábhachtach go léireofaí “ar na sráideanna” go bhfuil “fuinneamh agus tacaíocht mhór” fós ag baint leis an ngluaiseacht ar son an Achta, ocht nó naoi mí i ndiaidh don éileamh ar an reachtaíocht a theacht chun cinn go mór arís.

“Tá muid go fóill ann, tá muid go fóill ag éileamh ár gcearta agus tá sé tábhachtach go bhfeicfear ar na sráideanna go bhfuil an t-éileamh ar Acht Gaeilge go fóill láidir. Bíonn sé deacair an fuinneamh a choinneáil ag dul chomh fada seo sin amanna agus tá muid ag iarraidh a léiriú do pholaiteoirí agus don phobal ar fad go bhfuil an cheist seo fós tábhachtach don phobal,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Beidh léirsiú poiblí eile ar siúl Dé Domhnaigh freisin, ag Halla na Cathrach i lár Bhéal Feirste.

Feachtas grianghraf a bheidh i gceist Dé hAoine, nuair a iarrfaidh an Dream Dearg ar a leantóirí éadaí dearga a chaitheamh agus iad ar scoil nó ag an obair agus pictiúr a sheoladh chucu ar na meáin shóisialta.

Seolfaidh an Dream Dearg litir oscailte chuig Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, Dé Sathairn agus iarrfaidh siad ar an bpobal a gcuid litreacha féin a chur chuige leis an éileamh ar Acht Teanga a léiriú don pholaiteoir a bheidh i gceannas ar an Tuaisceart sa chás go dteipfeadh ar na cainteanna ata ar bun idir na páirtithe polaitíochta ó thuaidh faoi láthair.

Táthar den tuairim láidir a go dtiocfaidh deireadh leis na cainteanna sin go luath agus gan aon toradh orthu. Tá ceist an Achta Gaeilge ina cnámh spairne ó thuaidh ó thús na bliana seo agus í ar cheann de na bacanna is mó roimh athbhunú Stormont.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|