Cartlann na Meán

#TG4, #AchtAnois #RnaR agus #Gaeltacht i measc na haischlibeanna is mó úsáid riamh ag cainteoirí Gaeilge ar Twitter

Seoladh an chéad haischlib ar Twitter cothrom an lae seo deich mbliana ó shin. Ba in 2008 a seoladh #gaeilge den chéad uair, de réir anailís atá déanta ag Kevin Scannell
#TG4, #AchtAnois #RnaR agus #Gaeltacht i measc na haischlibeanna is mó úsáid riamh ag cainteoirí Gaeilge ar Twitter

Cothrom an lae seo deich mbliana ó shin a seoladh an chéad ghiolc ar Twitter a raibh ‘haischlib’ ann. Ba éard a bhí i haischlibeanna i dtús aimsire ná bealach le giolcacha a rangú de réir téama ar Twitter.

Scaip an coincheap ó Twitter go hardáin eile ar na meáin shóisialta agus anois seoltar os cionn 125,000,000 haischlib ar Twitter amháin in aghaidh an lae.

Ba é Chris Messina a sheol an chéad haischlib ar an 23 Lúnasa 2007.

Seoladh an chéad ghiolc i nGaeilge in 2006, agus is dóigh go raibh lucht labhartha na Gaeilge ar Twitter ag úsáid haischlibeanna eile ina gcuid giolcacha sna míonna idir Lúnasa 2007 agus Samhain 2008, ach ba sa mhí sin, mí na Samhna 2008, a úsáideadh an haischlib #Gaeilge den chéad uair riamh ar Twitter, de réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie ón Ollamh Kevin Scannell.

@docaoimh fáilte! Is oth liom gur chosnaigh an ghiolc sin leantóir ort :-( slan @designneverdies but languages do :-) (#gaeilge)

— enormous (@enormous) 2 Samhain 2008

Is í #Gaeilge an haischlib is coitianta ag cainteoirí Gaeilge ar Twitter sa lá atá inniu ann. Seoladh os cionn 150,000 giolc leis an haischlib sin ó sheol @enormous an chéad ghiolc sin naoi mbliana ó shin.

Sa dara háit ar an liosta bhí an stáisiún teilifíse Gaeilge, #TG4, haischlib a úsáidtear go minic agus trácht á dhéanamh ar chláir a chraoltar ar an stáisiún. Bhí an haischlib speisialta a cumadh do cheiliúradh 20 bliain de TG4 anuraidh i measc na haischlibeanna is mó úsáid freisin #TGXX.

Seo thíos na deich haischlib is mó úsáid ó thús ama ar ghiolcacha Gaeilge:

  1. #gaeilge
  2. #TG4
  3. #GAA
  4. #ireland
  5. #aimsir
  6. #clg
  7. #GE16
  8. #Gaeltacht
  9. #RnaR
  10. AchtAnois

Chuir Scannell liosta eile le chéile do Tuairisc.ie de na haischlibeanna ‘speisialta’ a úsáidtear mar chuid d’fheachtais nó ócáidí ar leith, seachas haischlibeann ginearálta leithéidí #tg4 nó #clg.

Ar bharr an liosta sin bhí #GE16, an haischlib a úsáideadh le linn an olltoghcháin ó dheas anuraidh. Bhain cuntais oifigiúla na meán cumarsáide an-úsáid as an haischlib sin agus iad ag tuairisciú ar thorthaí an toghcháin agus bhí sí in úsáid ag pobal na Gaeilge ar Twitter le linn an fheachtais chomh maith.

#AchtAnois, haischlib oifigiúil an fheachtais ar son Achta Gaeilge ó thuaidh a bhí sa dara háit, haischlib a bhíonn go mór i mbéal an phobail ag gníomhairí teanga ar fud na tíre, ach go háirithe iad siúd atá gníomhach san fheachtas sa Tuaisceart.

Tá na deich haischlib speisialta is mó a úsáideadh sa liosta seo:

  1. #GE16
  2. #AchtAnois
  3. #LáGaeilge
  4. #SnaG
  5. #SnaG2015
  6. #GaelVóta
  7. #SnaG17
  8. #TrasnanadTonnta
  9. #OnaS15
  10. #SnaG16

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|