Cartlann na Meán

An Dream Dearg le cuairt a thabhairt ar Brokenshire

Tabharfaidh an Dream Dearg, atá ag feachtasaíocht ar son Achta Gaeilge, cuairt amárach ar áras cónaithe oifigiúil Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Hillsborough Castle
An Dream Dearg le cuairt a thabhairt ar Brokenshire

Tá sé i gceist ag an Dream Dearg, atá i mbun feachtais ar son Achta Gaeilge ó thuaidh, litir a thabhairt amárach do James Brokenshire, ina áras cónaithe oifigiúil, Hillsborough Castle i gContae an Dúin.

Tá ceist an Achta Gaeilge ina cnámh spairne ó thuaidh ó thús na bliana agus í ar an dris chosáin is mó sna cainteanna maidir le hathbhunú Stormont. Tá tacaíocht don Acht léirithe ag cúig pháirtí polaitíochta ó thuaidh, formhór na mball tofa i Stormont agus, i bpobalbhreith a rinneadh le déanaí, thacaigh 34% de mhuintir an Tuaiscirt leis an éileamh.

Maíonn lucht feachtais go bhféadfadh Brokenshire féin iachall a chur ar rialtas Westminster reachtaíocht teanga don Ghaeilge amháin a bhrú chun cinn ó thuaidh ó tharla an tAcht Gaeilge a bheith luaite i gComhaontú Aoine an Chéasta agus i gComhaontú Chill Rímhinn.

Tá litreacha seolta ag daoine agus grúpaí eile cheana féin, an t-iar-aire cultúir Carál Ní Chuilín ina measc, chuig Brokenshire ag éileamh air beart a dhéanamh ar son na Gaeilge ó thuaidh.

Rachaidh toscaireacht ón Dream Dearg chuig Hillsborough Castle tráthnóna amárach leis an litir éilimh a thabhairt ar láimh do Brokenshire.

Idir an dá linn, tá socruithe á ndéanamh ag Conradh na Gaeilge dul go Westminster i Londain leis an gceist a phlé. Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé ar intinn ag Conradh na Gaeilge toscaireacht a chur soir san fhómhair le labhairt le feisirí parlaiminte na Breataine faoin éileamh ar reachtaíocht teanga don Ghaeilge ó thuaidh. Dúirt foinse amháin san eagraíocht le Tuairisc.ie go raibh súil acu dul i bhfeidhm ar na feisirí thall, go háirithe feisirí ó Albain agus ón mBreatain Bheag, mar a bhfuil reachtaíocht teanga i bhfeidhm cheana féin.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|