Cartlann na Meán

‘My Big Fat Gael Wedding’ beartaithe ag an Dream Dearg agus Love Equality

Beidh Bréag-Bhainis ar siúl i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste tráthnóna amárach mar chuid de na feachtais ar son Acht Teanga agus cearta pósta ó thuaidh
‘My Big Fat Gael Wedding’ beartaithe ag an Dream Dearg agus Love Equality

Tá ‘Bréag-Bhainis Aerach Ghaelach’ á heagrú i mBéal Feirste ag an Dream Dearg, an grúpa atá i mbun feachtais i gcomhar Acht Gaeilge ó thuaidh, agus Love Equality, atá ag feachtasaíocht ar son cearta pósta do dhaoine aeracha, le haird a tharraingt ar éilimh na ngrúpaí.

Beidh an Bhréag-Bhainis, atá á reáchtáil i gcomhar le Rainbow Project agus Féile an Phobail, ar siúl i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste tráthnóna amárach. Tá an fhéile Pride agus Féile an Phobail ar siúl i mBéal Feirste i láthair na huaire.

Tá An Dream Dearg ag tacú le héilimh an phobail aeraigh ar chearta pósta agus tá na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an bpobal aerach ó thuaidh ag tacú le héileamh phobal na Gaeilge ar Acht Teanga don Ghaeilge.

“Deis iontach atá sa bhréag-bhainis tacaíocht a léiriú don fheachtas ó thuaidh ar son comhionannais phósta. Cosúil le muintir LGBT, tá na Gaeil ag lorg ceart agus cothromais. Seasaimid le chéile agus lorgóimid ár gcearta daonna,” a dúirt Naoise Ó Cairealláin ón Dream Dearg.

Is é Conall Mac Corraidh, ó Fhéile an Phobail, agus Criostóir Mac Pháidín a bheidh ag glacadh páirt sa Bhréag-Bhainis i gcaifé na Cultúrlainne agus is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheidh i bhfeighil an tsearmanais.

Tá imeacht mór eile beartaithe chomh maith ag an Dream Dearg an tseachtain seo le tacaíocht a mhealladh don éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh — an Dioscó Dearg a bheidh ar siúl Dé Sathairn sa Devenish. Beidh ceol beo ann ó Emma Ní Fhíoruisce as Gaeltacht Thír Chonaill agus na bannaí ceoil Tonnta, Bréag agus Polca 4.

Léiríodh i bpobalbhreitheanna a rinneadh ó thuaidh le deireanas go dtacaíonn 70% den phobal le cearta pósta don phobal aerach agus go dtacaíonn beagán le cois 33% le hAcht Gaeilge.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|