Nuacht

Stair Faoin Spéir - An Seomra Ranga Taobh Amuigh

Mhothaigh mé agus mé amuigh faoin spéir ag tabhairt na gcamchuairteanna i nGaeilge, bíodh sin le páistí scoile, nó le grúpa de Ghaeilgeoirí ó Ghlór na Móna nó Ionad Uibh Eachach, nó mar chuid d’Fhéile an Phobail, go raibh i gcónaí rud éigin in easnamh. Bheadh suas le fiche cúig páiste páirteach in amanntaí nó deichniúr díograiseoirí agus ciocrás léinn orthu. Níl oiread is focal Gaeilge amháin ar chomharthaíocht ar bith de chuid na Comhairle i Reilig Chathair Bhéal Feirste.
Stair Faoin Spéir - An Seomra Ranga Taobh Amuigh

Is múinteoir Gaelscoile mé i mBéal Feirste agus tá mé ag teagasc le breis agus fiche bliain in earnáil na Gaelscolaíochta. Fiú agus mé ag scríobh na habairte seo, breis agus fiche bliain ag teagasc, d’imigh sé i bpreabadh na súl. Mothaím sean! Ach ag breathnú siar, bhí an t-ádh liom agus mé ag teacht i méadaíocht in iarthar Bhéal Feirste sna hochtóidí agus sna nocháidí gur chuir mé suim sa Ghaeilge. Níor fhreastail mé ar ghaelscoil agus d’fhoghlaim mé an teanga i scoil La Salle i mBaile Andarsain faoi threoir Phrionsias Uí Labhra agus i Naomh Genivieve faoi stiúir Brenda Davison. Is cinnte gur chuir siad beirt cor i mo chinniúint.

Insím do mo ranganna féin an tionchar dearfach a bhí ag an Ghaeilge ar mo shaol, ó thaobh fostaíochta agus cáilíochtaí gan amhras, ach ó thaobh féiniúlachta, cultúir agus aitheantais. Ní féidir liom mé féin a shamhlú gan an teanga anois, nó gan bheith páirteach i bpobal na Gaeilge. Is Gaeilgeoir í mo bhean chéile agus thóg muid ár gcuid páistí le Gaeilge.

Amhail múinteoir ar bith eile, is snag breac mé! Sciobaim agus goidim rudaí beaga ó na múinteoirí maithe sin a chuaigh i bhfeidhm orm féin. Na nithe suntasacha a sheasann amach domhsa agus mé ag amharc siar ar mo chuid scolaíochta ná an chraic, an spraoi, na turais le hamharc ar dhrámaí don Ard Leibheál agus GCSE Béarla le Frank Maguire. Fear a d’éirigh feargach linn ag an Grand Opera House ag léiriú de chuid Shadow Of A Gunman, le Seán O’Casey, nuair a lig muid búireach asainn a bhain macalla as na fraiteacha, nuair a chuala muid pléascán sa dráma! Os a choinne sin,fear a bhí ann, a thug cead dúinn dul fá choinne pionta amháin i mBaile Átha Cliath roimh léiriú den dráma clúiteach, The Crucible! Múinteoir iontach!

D’fhreastail muid ar fhéiseanna, cheol muid Amhrán na bhFiann as Gaeilge in ard ár gcinn. Fiú, d’imir muid Biongó as Gaeilge! D’fhoghlaim mé Óró Sé do Bheatha Abhaile agus Mise Éire de ghlanmheabhair agus rinne muid cur i láthair. Bronnadh boinn agus teastais orainn fosta!

Bhunaigh mé an tionscadal staire i Reilig Chathair Bhéal Feirste agus i Reilig Bhaile an Mhuilinn le mórthéamaí staire na bunscoile faoi chaibidil.

Ach, bíonn ról tábhachtach ag na tuismitheoirí san oideachas, in amanntaí gan mórán buíochais! Bhuel, is é m’athair féin a chuir síol na staire ionam, nuair a thriail muid go minic ar Reilig Bhaile an Mhuilinn agus é ag seanchas agus ag scéalaíocht fá na laochra a chuaigh romhainn. Is cinnte gur imir sin tionchar orm agus mé ag smaointiú ar Stair Faoin Spéir, tionscadal ceannródaíoch nuálaíoch atá idir chamáin agam.

Mhothaigh mé i gcónaí go dtiocfadh le múinteoir maith tiomanta saol páiste a dhéanamh níos fearr. Creidim sin, mar tharla seo domsa. Gan na múinteoirí spreagúla a bhí agam, ní bheadh Gaeilge agam ná ní bheinn i mo mhúinteoir. Ar na mallaibh, thug mé féin faoi thionscadal staire ag iarraidh an stair a dhéanamh suimiúil agus tarraingteach. Smaoinigh mé siar ar na rudaí a d’oibrigh domsa mar dhalta agus ar na múinteoirí fiúntacha a bhí agam a chuir ar bhóthar na leasa mé, craic agus spraoi agus foghlaim taobh amuigh!

Bhunaigh mé an tionscadal staire i Reilig Chathair Bhéal Feirste agus i Reilig Bhaile an Mhuilinn le mórthéamaí staire na bunscoile faoi chaibidil. Ritheann na téamaí céanna frid an dá leabhrán a bheag nó a mhór. Tionsclú Bhéal Feirste, na Cogaí Domhanda, cogaí in Éirinn, Éirí Amach na Cásca, Ról na mBan, An Ghaeilge, An Spórt, Oideachas, Daoine Suimiúla, Laochra an Phobail agus neart eile.

Is maith liom scéal Rutledge Kane a mhíniú, léiríonn sé stair chasta na hÉireann agus na Gaeilge. Mhol Richard Rutledge Kane go gcuirfeadh na hAontachtóirí teachtaireacht as Gaeilge in airde ag Comhdháil na nAontachtach sa bhliain 1892….Erin go Bragh.

Ritheann Albert Sharpe liom anseo…….Darby O’Gill, nó Anto Finnegan an laoch CLG nó scéal tragóideach Julie Livingstone, nó Samuel Scott, an chéad íospartach ar an long Titanic. Tá an oiread sin ann, go fíreannach! Mar shampla, má amharcann muid ar an stair i Reilig Chathair Bhéal Feirste, feicimid fás na cathrach, tionsclú na cathrach agus ar ndóighe scéal Titanic agus stair na mboc móra a bhí i mbun Béal Feirste ag an am, aontachtóirí, polaiteoirí agus fir ghnó. Tá Edward Harland agus William Pirrie faoi chré na cille ann.

Ar an láimh eile, feicimid aontachtóirí a bhreathnaigh orthu féin mar Éireannaigh agus a chuir suim sa Ghaeilge, Richard Rutledge Kane agus John St.Clair Boyd, ach go háirithe. Níor fhoghlaim ceachtar acu Gaeilge go líofa, ach d’aithin siad tábhacht na Gaeilge agus ghlac siad páirt san athbheochán teanga. Ní fhaca siad nach dtiocfadh leo bheith dílis don Bhreatain agus bheith Gaelach. Chuige sin leis an chodarsnacht a fhiosrú níos mó agus b’fhéidir go mbeadh sé dochreidte sa lá atá inniu ann, ach bhí Richard Rutledge Kane ina fhear buí san Órd Oráisteach,  ach den bharúil go raibh an Ghaeilge tábhachtach. Deirtear gur shínigh sé a shloinne i nGaeilge ag na cruinnithe Oráisteacha! Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge. Ó Cathain Abú!

Bhí John St.Clair Boyd ar an chéad uachtáran de chraobh Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste. Tá an stair seo ar leac an dorais againn agus cuireann sé dúshlán orainn féin mar Ghaeilgeoirí athmhachnamh a dhéanamh ar ár ndearcaithe féin i leith na teanga. Ach, le bheith ionraic, cuireann sé dúshlán níos mó ar an phobal aontachtach, nó céatadán suntasach dóibh ar a laghad, atá doicheallach i leith na teanga, athchuairt a thabhairt ar stair s’acu féin. Is leo an teanga fosta.

Is maith liom scéal Rutledge Kane a mhíniú, léiríonn sé stair chasta na hÉireann agus na Gaeilge. Mhol Richard Rutledge Kane go gcuirfeadh na hAontachtóirí teachtaireacht as Gaeilge in airde ag Comhdháil na nAontachtach sa bhliain 1892….Erin go Bragh.

Mhothaigh mé agus mé amuigh faoin spéir ag tabhairt na gcamchuairteanna i nGaeilge, bíodh sin le páistí scoile, nó le grúpa de Ghaeilgeoirí ó Ghlór na Móna nó Ionad Uibh Eachach, nó mar chuid d’Fhéile an Phobail, go raibh i gcónaí rud éigin in easnamh.

Tá Reilig Bhaile an Mhuilinn a mhalairt ar fad ar bhealach de Reilig Chathair Bhéal Feirste. I dtosach báire, is reilig do Chaitlicigh í. Chomh maith le sin, tá polaitíocht Bhéal Feirste agus na hÉireann fite fuaite le Reilig Bhaile an Mhuilinn. Is féidir stair na bPoblachtánach ar fad a fhiosrú ann. Tá Winifred Carney, sóisialach, ceardchumannaí agus clóscríobhaí James Connolly ann, a dhéanann ceangal le Béal Feirste agus Éirí Amach na Cásca. The Typist with the Webley!

Tá leacht chuimhneacháin don teaghlach Mc Mahon le sonrú i Reilig Bhaile an Mhuilinn, teaghlach Caitliceach a mharaigh an RIC sna pograim i mBéal Feirste sa bhliain 1922. Is féidir an stair seo ar fad a chíorú.

Tá Joe Mc Kelvey curtha faoi chré na cille ann, fear a mharaigh an Saorstát ar an 8ú Mí na Nollag 1922 mar dhíoltas ar dhúnmharú Seán Hales T.D, céad bliain ó shín. Bhí Mc Kelvey i bpriosún ag an am, mar sin ní raibh páirt nó lámh aige sna héachtraí. Mír lárnach chonspóideach de Chogadh na gCarad anseo ar leac an dorais againn, i mBaile Andarsain.

Ar ndóighe, tá stailceoirí ocrais Bhéal Feirste ann agus plasóg mhór ann do na daoine bochta a d’fhulaing le linn Blitz Bhéal Feirste 1941, nuair a d’ionsaigh an Luftwaffe an chathair.

Thiocfadh dul ar aghaidh is ar aghaidh anseo! Bíonn siúlach scéalach! Ach, is féidir daoibhse teacht ar an chamchuairt nó na leabhair a cheannach sa Chultúrlann!!!

Mhothaigh mé agus mé amuigh faoin spéir ag tabhairt na gcamchuairteanna i nGaeilge, bíodh sin le páistí scoile, nó le grúpa de Ghaeilgeoirí ó Ghlór na Móna nó Ionad Uibh Eachach, nó mar chuid d’Fhéile an Phobail, go raibh i gcónaí rud éigin in easnamh. Bheadh suas le fiche cúig páiste páirteach in amanntaí nó deichniúr díograiseoirí agus ciocrás léinn orthu. Níl oiread is focal Gaeilge amháin ar chomharthaíocht ar bith de chuid na Comhairle i Reilig Chathair Bhéal Feirste. Níl mórán i Reilig Bhaile an Mhuilinn, ach oiread. Ach, is leis an Eaglais Chaitliceach an talamh sin. Is áiseanna foghlama agus tacaíochta iad na cláracha fógra.

Is buille do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste é, is masla don Cheathrú Ghaeltachta é, muna n-éiríonn linn comharthaí Gaeilge bheith curtha in airde.

Is iontach go fóill nach bhfuil fadhb na gcomharthaí Gaeilge réitithe agus socraithe i Reilig na Cathrach. Tá comharthaíocht fheiceálach ghalánta macasamhail stíl An Atlantaigh Fhiain ar chósta na hÉireann, píosaí ealaíne, ar bhealach, miotal meirgeach ach lorg nua-aimseartha suimiúil orthu breactha fud na reilige, anois. Cuirim fáilte roimh an chomharthaíocht Bhéarla, mar le blianta fada ní raibh comharthaí ar bith ann in áit ar bith i Reilig Chathair Bhéal Feirste. Ní bheadh a fhios ach ag Tom Hartley, saineolaí na reiligí mar shampla, cá raibh an Balla faoin Talamh nó an stair ar fad a bhain leis na bealaí difriúla isteach do na creidimh éagsúla i mBéal Feirste, nó plasóg na nGiúdach, mar shampla Tá géarghá leis na comharthaí do thurasóirí agus do mhuintir na cathrach.

Áfach, tá siad i mBéarla amháin. Is í an fhadhb atá ag pobal na Gaeilge, ná níl an teanga le feiceáil áit ar bith. Bheadh Fáilte…… fiú deas nó Uaireanta Oscailte……sop in áit na scuaibe….ach níl faic ná fríde ann. Sin an fhadhb. Is buille do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste é, is masla don Cheathrú Ghaeltachta é, muna n-éiríonn linn comharthaí Gaeilge bheith curtha in airde. Mar a dúirt urlabhraí ón Dream Dearg agus mé in aice leo ag dul faoi agallamh le Meon Eile, nuair a thosaigh an chonspóid,

“Muna dtig linn comharthaíocht Ghaeilge sa Cheathrú Ghaeltachta a bhaint amach, ní bhainfidh muid iad amach, áit ar bith.”

Aontaím.

Tá trí ghaelscoil in aice láimhe, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Gaelscoil na bhFál agus Gaelscoil na Móna, scoileanna a d’oibrigh mé leo ar na camchuairteanna agus Coláiste Feirste faoi scréad asail den reilig. Tá sé dímheasúil ar dhaltaí na ngaelscoileanna agus ar phobail na scoileanna.

Thug mé féin cuairt ar an Ionad Turasóireachta nua sa reilig agus beidh sé go hiontach don cheantar, don phobal, do na scoileanna agus don ghnáthdhuine. Tá leithris agus cupa tae de dhíth ar gach duine, Béarlóirí agus Gaeilgeoirí san áireamh.

Tá stair agus scéal Bhéal Feirste anseo, scéal cáiliúil iomráiteach, scéal is fiú insint. Is fuinneog ar an stair í an reilig.

Chuir Comhairle Chathair Bhéal Feirste tús le tionscadal staire nua ar na mallaibh, Scéalta Feirsteacha. Bhuail grúpaí Gaeilge leo le déanaí, mar sin, tá cuma ar an scéal go mbeidh an teanga lárnach, i lár an aonaigh. Tús maith….Beidh le feiceáil. Níl sí le feiceáil i lár na reilige.

Tá easpa muiníne ann. Beidh pobal na teanga ag coinneáil súil ghéar air. Nuair a thiocfas an crú ar an táirne, bíonn Gaelphobal Bhéal Feirste cruthaitheach clíste agus gníomhach. Rachaidh na camchuairteanna ar aghaidh, tiocfaidh na Gaeil amach, beidh na féilte ann. Beidh muid

gníomhach. Is le gach saoránach na páirceanna, na reiligí, na sólanna, na leabharlanna agus níl uainn ach cothromas, chan cur i gcéill.

Ná habair é……tá a fhios agaibh an freagra.

Ar deireadh, tá sé measartha furasta fadhb na gcomharthaí a réiteach. Cuir in airde iad. Stop den bhéalghrá.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|