Nuacht

Humans of An Dream Dearg: Eoghan Ó Garmaile

Scéalta ó na haghaidheanna sin atá taobh thiar den Dream Dearg.
Humans of An Dream Dearg: Eoghan Ó Garmaile

Is mise Eoghan Ó Garmaile. Is mac léinn mé ar Ollscoil na Banríona agus tá grúpa againn ag troid ar son chearta teanga le cúpla bliain anuas, ach ní anseo a mhothaigh mé an t-idirdhealú ar an Ghaeilge don chéad uair.

Mar dhuine óg a d’fhás aníos trí mheán na Gaeilge sna sé chontae, bhí mé breá cleachtaithe leis. Bhí mé féin agus glúin s’agam i gColáiste Feirste páirteach sna léirsithe lasmuigh d’fhoirgneamh an Equality Commission agus an Education Authority nuair a ghearradh maoiniú a bhí ann don Ghaeilge i gcúrsaí oideachais.

An rud is deacra faoin aistriú ó Choláiste Feirste, meánscoil lán-Ghaeilge, go hOllscoil lán-Béarla, ná an easpa feiceálachta thart timpeall ar an champas agus an easpa úsáide den Ghaeilge sna ranganna.

Mar sin de, thosaigh muid ar fheachtas chun comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i gcampas na hOllscoile don chéad uair ó bhí 1997 ann, agus nocht muid an fíor-dhearcadh atá ann maidir leis an Ghaeilge san Ollscoil, gurb ionann an teanga mhionlach agus rud atá ‘gránna, bagrach agus corraitheach’.

Ní chuirtear in éadan teanga mhionlach dhúchásach mar seo sna hollscoileanna ó dheas, in Alban nó sa Bhreatain Bheag, mar tá reachtaíocht acu a chuireann na teangacha seo chun tosaigh, agus a thugann cosaint reachtúil dóibh sa rialtas.

De réir na hollscoileanna seo, bíonn an mhalairt d’fhadhbanna bainte le comharthaíocht dátheangach, nó bíonn buntáistí le tairbhe as, óir cruthaíonn sé sochaí níos chomhionnanaí, níos éagsúlachtaí agus níos ionchuimsí.

Seo é an fáth go bhfuil Acht Ghaeilge de dhíth ó thuaidh. Beir bua! #AchtAnois #DeargInniuDeargGoDeo

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|