Nuacht

Humans of an Dream Dearg: Aodhán Ó Baoill

Scéalta ó na haghaidheanna sin atá taobh thiar den Dream Dearg.
Humans of an Dream Dearg: Aodhán Ó Baoill

Is mise Aodhán Ó Baoill agus is mac léinn mé ar Ollscoil na Ríona. Tá mé i mo bhall den Chumann Gaelach ar an Ollscoil, agus an bhliain seo caite bhí mé tofa mar an chéad Oifigeach Gaeilge in Aontas na Mac Léinn riamh.

Anuraidh, sheas An Dream Dearg linn san Ollscoil in éadan ionsaithe ar An Ghaeilge. Tá feachtas ar siúl againn go fóill chun comharthaí dátheangacha a fháil ar an Champas san Ollscoil. Tá an teanga ag dul ó neart go neart in Ollscoil na Ríona.

Ar ndóigh, úsáidim féin an Ghaeilge gach aon lá, taobh istigh agus taobh amuigh de na ranganna le mo chairde. Déanfaidh mé - agus déanfaidh muidne uilig - mo sheacht ndícheall mar Oifigeach Gaeilge chun na comharthaí a fháil ar an Champas, i gcomhoibriú leis An Dream Dearg.

Tá Acht Gaeilge neamhspleách de dhíth ar an Tuaisceart, agus is céim sa treo ceart iad na comharthaí dátheangacha. #AchtAnois #DeargInniuDeargGoDeo

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|