Bilingual Béal Feirste

Ar ais chuig Uirlisí

Bilingual Béal Feirste!


Tá an feachtas seo thart anois.

Idir mhí Mheán Fómhair agus mhí na Samhna 2024, rinne Comhairle Cathrach Bhéal Feirste comhairliúchán maidir lena ndréacht-pholasaí Gaeilge. Tá muid ag súil go bhfoilseoidh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste torthaí an comhairliúcháin gan mhoill ansin beidh bhur dtacaíocht uainn chun go gcuirfear i bhfeidhm moltaí phobal na Gaeilge ar son polasaí láidir Gaeilge.


Tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag tabhairt faoi chomhairliúchán 14 seachtain ar dhréacht-pholasaí Gaeilge don chéad uair riamh.

Tá stair fhada ag Comhairle na Cathrach mar 'impireacht aonteangach' a rinne imeallú iomlán ar an Ghaeilge síos fríd na blianta. Ach tá deis againn anois sin a athrú.

Má ghlactar leis an pholasaí seo mar atá, bheadh sé ina chéim shuntasach chun tosaigh ar an aistear leanúnach ar son chearta teanga agus chuirfeadh sé an Ghaeilge ar aon dul leis an Bhéarla maidir le híomhá, brandáil agus comharthaíocht na Comhairle.

Tóg bomaite agus glac páirt!


An bhfuil tú i do chónaí nó an bhfuil tú mar íocóir rátaí thú i gCeantar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste?

|