#StadAnSlad

Ar ais chuig Uirlisí

Stad an slad!

Tá tionchar dochrach ar na ciorruithe is déanaí ar phobail fud fad an tuaiscirt agus iad ag teacht ag am a bhfuil a gcinn a choinneáil os cionn uisce. Tá an tionchar seo le sonrú ach go háirithe laistigh de phobal na Gaeilge, áit a bhfuil ciorruithe ar sheirbhísí ríthábhachtacha ag cur todhchaí na n-eagraíochtaí a oibríonn go dúthrachtach chun na seirbhísí féin a chur ar fáil, i mbaol.

Bheadh laghdú ar bith ar na seirbhísí riachtanacha seo, atá teoranta go leor cheana féin, tubaisteach do phobal na Gaeilge féin agus bhainfeadh sé an bonn go huile is go hiomlán ón athbheochan orgánach, pobal-bhunaithe a bhfuil clú idirnáisiúnta air.

Seasaimid leis na grúpaí sin a bhfuil a maoiniú i mbaol agus tá muid tiomanta tacú leo ina bhfeachtas #StadAnSlad. Iarraimid ortsa amhlaidh a dhéanamh trí do shonraí a líonadh isteach thíos, le go seolfar ríomhphost uathoibríoch chuig Rúnaí Buan na Roinne Oideachais, Mark Browne, ag impí air athmhachnamh a dhéanamh ar na ciorruithe atá beartaithe do na seirbhísí tábhachtacha seo.

Cuidigh linn cuidiú leo! Seas an Fód.

Tá an feachtas seo thart anois.

An ríomhphost a sheolfar:
|