Guth

Ar ais chuig Uirlisí

Guth!


Tá an feachtas seo thart anois.

Idir mhí na Bealtaine 2023 agus mí Lúnasa 2023, d’úsáid 630 duine an uirlis seo chun páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán Chomhairle Chathair Bhéal Feirste maidir le comharthaíocht dhátheangach i sólann Olympia ar Bhóthar Boucher. Tá anailís á dhéanamh ar fhreagraí an chomhairliúcháin faoi láthair.


Tá Comhairle Chathair Bhéal Feirste ag déanamh comhairliúcháin maidir le comharthaíocht dhátheangach i sólann Olympia, spás roinnte agus acmhainn uile-chathrach, atá suite ar Bhóthar Boucher i mBéal Feirste.

Aontaíodh go mbeadh comharthaíocht dhátheangach ag dul in airde i sólann Olympia faoi dhó go polaitiúil, ach de bhrí go ndearna an DUP glaoch isteach ar an chinneadh, tá an Chomhairle anois ag iarraidh fáil amach an bhfuil seans ar bith go mbeadh tionchar diúltach (an ndéanfaidh an cinneadh seo dochar idirdhealaitheach ar ghrúpa(í) de dhaoine) ag comharthaí dátheangacha dá gcuirfí in airde iad.

Níor léiríodh ariamh cén dóigh a mbeadh tionchar diúltach ag comharthaí dátheangach i spás roinnte, atá ag teacht le moltaí na saineolaithe, conarthaí agus treoracha idirnáisiúnta, ar sciar ar bith den phobal. Is spás roinnte, poiblí é sólann Olympia, a mbaineann réimse leathan de dhaoine úsáid as, le Scoil an Droichid ag baint úsáide as na háiseanna ar bhonn seachtainiúil agus Gaelscoil na bhFál mar an scoil is cóngaraí don tsólann. Níl spásanna roinnte má ta an Ghaeilge fágtha ar lár.

Más mian leat páirt a ghlacadh agus más maith leat go gcuirfear an ríomhphost thíos isteach mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, líon isteach na sonraí cuí.

Tabhair faoi deara nach roinnfidh Comhairle Chathair Bhéal Feirste ná An Dream Dearg do shonraí nó aon eolas pearsanta.

An ríomhphost a sheolfar:
|