Aighneacht Fhóram na nÓg
Aighneacht
Fhóram na nÓg
Tá an Roinn Oideachais ag déanamh comhairliúcháin maidir le Stronger Futures, an dréachtpholasaí óige nua a bheidh i bhfeidhm do gach páiste agus duine óg idir 4 agus 25 bliain d’aois ó thuaidh. Druidfidh an comhairliúchán ar 30 Deireadh Fómhair 2026.
Aithníodh obair óige lán-Ghaeilge sa pholasaí roimhe seo, Priorities for Youth, ach ní luaitear í ach uair amháin sa dréacht nua, idir lúibíní, gan cosaint, gníomh ná acmhainn ar bith ag gabháil léi.
Leagann An Chairt Óige, a scríobh daoine óga na hearnála, na rudaí ar leith atá de dhíth sa pholasaí: aitheantas follasach d’obair óige lán-Ghaeilge mar shnáithe ar leith; cosaintí agus tacaíocht spriocdhírithe; gníomhartha intomhaiste, acmhainní agus spriocanna; maoiniú, pleanáil an lucht oibre agus monatóireacht lena gcur i bhfeidhm; agus athbhreithniú agus tuairisciú rialta leis an earnáil. Níl ceann ar bith acu sa dréacht. Áit nach bhfuil obair óige lán-Ghaeilge ar fáil, is minic nach bhfuil rogha eile ag daoine óga. Níl polasaí óige do chách ann má tá an Ghaeilge fágtha ar lár.
Más mian leat páirt a ghlacadh agus más maith leat go gcuirfear an freagra thíos isteach mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, líon isteach na sonraí cuí.
Tabhair faoi deara nach roinnfidh Fóram na nÓg do shonraí ná aon eolas pearsanta.