Scríbhneoirí

Scríbhneoirí Uilig
Jack Mac Íomhair

Jack Mac Íomhair

Instagram logo

Ba cheart an chéad Choimisinéir Gaeilge riamh sa Tuaisceart a bheith ceaptha roimh dheireadh an tsamhraidh, a dúirt Conradh na Gaeilge inné.

Cuireadh daoine faoi agallamh don phost stairiúil agus tuigtear anois go bhfuil ar an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire an ceapachán a cheadú.

Dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge go bhfuil sé ag súil le nuacht gan mhoill.

“Fógraíodh an comórtas earcaíochta ar an 5 Márta agus bhí an spiocdháta le haghaidh iarratais ann ag deireadh na míosa sin,” a dúirt sé.

“Tá muid anois beagnach breis agus ceithre mhí ar aghaidh ag tarraingt ar chúig mhí ónar cuireadh tús leis an phróiseas sin agus de réir mar a thuigeann muid bhí na hagallaimh uilig ann i dtreo dheireadh mhí an Mheithimh.”

Ceapfar Coimisinéir Gaeilge, mar aon le Coimisinéir Ultaise agus don Traidisiún Uladh-Bhriotanach. Cruthaíodh na poist sin san Acht Féiniúlachta agus Teanga 2022.

“Ritheadh an comórtas don Choimisinéir Gaeilge taobh le comórtas earcaíocht don Choimisinéir Ultaise agus bhí ar an dá chomórtas agus an comórtas don tríú hoifig, an Oifig Féiniúlachta, uilig rith le chéile.

“Tuigtear dúinn gur cuireadh na píosaí deireanacha de na comórtais sin i gcrích ag deireadh mhí an Mheithimh.

“Bhí ar an phainéal an moladh don bhuaiteoir a chur faoi bhráid an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire, agus iad ag tógáil an chinnidh ar aon ghuth.

“Is é an tuiscint a bheadh againn ná go ndearnadh é sin i dtreo dheireadh mhí an Mheithimh nó an chéad seachtain de mhí Iúil. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an páipéar sin ar dheasc an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire le timpeall coicís nó trí seachtaine.

“Bheadh muid ag súil mar sin go bhfuil muid ag druidim isteach ar fhógra sa chéad chúpla seachtain.

“Bheadh Conradh na Gaeilge ag súil leis go mbeidh fógra déanta laistigh de choicís. Níl mórán le déanamh ach moladh ón phainéal a fhaomhadh.”

Beidh ról tábhachtach ag an té a cheapfar agus táthar ag súil go gcuideoidh an Coimisinéir le fadbhanna a thagann aníos maidir leis an Ghaeilge sa Tuaisceart, áit nach bhfuil na cearta ná cosaint chéanna ag an teanga is atá sa Deisceart.

“Dar ndóigh tá neart le déanamh ag an choimisinéir seo maidir leis an Ghaeilge. Tá neart polasaithe agus institiúidí nach bhfuil ag forbairt polasaithe Gaeilge faoi láthair mar gheall go bhfuil siad ag fanacht ar threo an Choimisinéara seo.

“Ba cheart go mbeidh polasaí Gaeilge ag institiúidí ar fud na Sé Chontae faoin Chairt Eorpach ar aon nós, agus treo ó Fhoras na Gaeilge, a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

“Má amharcann muid ar an chás is déanaí maidir le comharthaíocht dhátheangach ag Cros na bhFíodóirí, más rud é go raibh Coimisinéir ann is cinnte go mbeadh an duine sin ag moladh go mbeidh an chomharthaíocht in airde. Chomh maith leis sin bheadh an coimisinéir ag tacú leis an chinneadh a thóg an tAire Liz Kimmins ag an am sin.

“Chuirfeadh sé sin deireadh leis an chás cúirte de réir mar a thuigeann muid, mar léiríonn sé go ndearna an tAire an cinneadh ceart agus go bhfuil an chomharthaíocht dhátheangach sin ag teacht le dea-chleachtas. Sin croí agus anam na reachtaíochta seo.

“Mar sin, tá muid ag fanacht. Tá an mhoill seo go cinnte ag cur isteach ar fhorbairt polasaithe, bheadh muid ag súil go mbeidh a leithéidí d’Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh ag cur lena bpolasaithe. Tá an dá ollscoil ag tarraingt na gcos rud bocht le seacht nó ocht mbliana ó d’iarr muid orthu polasaí a thabhairt isteach agus a dhiúltú mar gheall ar cheal comhairle ó Choimisinéir. Tá muid cinnte go gcuirfidh an ceapachán seo leis an phróiseas sin.”

Ag labhairt faoin stair a bhaineann leis an cheapachán, dúirt Ó Tiarnaigh: “Beidh sé seo ina lá thar a bheith siombalach do phobal na Gaeilge, ní mar cheann scríbe, ach mar chloch mhíle ar an aistear fhada i dtreo cearta teanga agus ag tógáil ar an obair cheannródaíoch sin a thosaigh le muintir Bhóthar Seoighe.

“Bheadh muid ag súil faoi lár mhí Lúnasa go mbeidh na moltaí atá déanta ag na painéil earcaíochta faofa ag an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire.”

Beidh Conradh na Gaeilge ag scríobh chuig an Chéad-Aire agus an Leas-Cheád-Aire an tseachtain seo leis an chás a chur ina láthair.

Ailt le Jack Mac Íomhair:
|