Cartlann na Meán

Gaeilgeoirí réidh leis an chéad chéim eile a ghlacadh chun leas na teanga

DEARG LE FEARG GO FÓILL: Bhí idir óg agus aosta ag seasamh an fhóid don Ghaeilge ag agóid de chuid an Dreama Dheirg taobh amuigh de oifigí Roinn na bPobal i lár Bhéal Feirste Déardaoin
Gaeilgeoirí réidh leis an chéad chéim eile a ghlacadh chun leas na teanga

CÉ go raibh na cainteanna uilig thart agus an agóid déanta, d’fhan lucht na Gaeilge taobh amuigh de oifigí Roinn na bPobal ag Malartán an Chabhsa Déardaoin agus iad ag caint agus ag comhrá.

Mhothaigh mé go láidir go raibh gach duine a bhí i láthair, ba chuma cárbh as iad, mar chuid de phobal muiníneach, fadradharcach, oscailte.

Bhí mé go hiomlán cuí go raibh an agóid taobh amuigh de Roinn na bPobal agus go raibh glór na Gaeilge le cluinstin go neamhbhalbh agus é ag iarraidh a gcearta.

Cuid mhór den am, bíonn an íoróin thar a bheith greannmhar agus inné chuala muid Gregory Campbell agus Paul Givan á gcur féin chun cinn mar dhaoine a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a shábháil ó rógairí Sinn Féineacha.

Feicfidh muid cad é mar a oibreoidh sé sin amach i ndiaidh an toghcháin ach ba  léir go raibh pobal muiníneach, fuinniúil ag agóidíocht in éadan cinneadh seafóideach Paul Givan stop a chur le maoiniú Líofa a ligeann dó scoláireachtaí  Gaeltachta a chur ar fáil.

Bhí gach duine sásta le líon na ndaoine, Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge ina measc.

“Tá muid thar a bheith sásta le líon na ndaoine a tháinig amach inniu, idir óg agus aosta, fir, mná agus páistí, daoine de chreidimh éagsúla ach ní amháin na daoine atá ar an agóid inniu atá ina ábhar dóchais dúinn ach má mílte duine as gach cúlra a léirigh a dtacaíocht le cúpla seachtain anuas do na héilimh atá ag an Dream Dearg maidir le reachtaíocht don Ghaeilge, le hacmhainní don Ghaeloideachas agus le acmhainní cuí do phobal na Gaeilge.”

Leis an tacaíocht seo uilig atá á léiriú don teanga, agus ba an phobail taobh thiar d’éilimh an Dreama  Dheirg, cad é an chéad chéim eile is féidir a ghlacadh?

“Bhuel, leis an oiread sin amhrais faoi chúrsaí polaitíochta, tá muid ag iarraidh ar na páirtithe a sheas linn agus a léirigh tacaíocht fhorásach dúinn

go dtí seo leanstan ar aghaidh leis an tacaíocht sin

sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn agus nach mbeadh siad páirteach in aon rialtas nó in aon fheidhmeannas nó in aon chomhrialtas a dhéanfadh cos ar bolg ar mhuintir na Gaeilge.

Bhí Janet Muller ón scátheagras Pobal d’aonghuth le Ciaran.

“Mar atá a fhios againn, tá muid i lár géarchéim pholaitiúil agus caitheann muid a chinntiú an t-am seo go mbeidh Acht na Gaeilge ann sula dteann na polaiteoirí ar ais chuig aon institiúidí rialtasacha,” ar sí.

“Tá 10 mbliana caite againn agus cé gur léirigh polaiteoirí áirithe dea-thoil don Ghaeilge, is beag dul chun cinn a rinneadh. Mar sin, ag an phointe seo, creidim nach féidir dul siar agus muid ag brath ar dhea-thoil agus ar ghníomhartha anseo agus ansiúd.”

Tá na blianta fada caite ag Pobal ag plé leis an uile réimse den rialtas anseo agus le saineolaithe ar reachtaíocht teanga ar fud an domhain agus doiciméidí curtha le chéile acu a chuireann síos go slachtmhar ar cad é a bheadh i gceist le hAcht Gaeilge.

“I gcomhar le pobal na Gaeilge, comhaontaíodh moltaí agus dréacht iomlán d’Acht Gaeilge agus tá sé sin ar fáil ar pobal.org.

Mar sin de, tá creatlach an Achta ann cheana féin.

“Tá deis anois ag na páirtithe polaitiúla agus ag rialtas an deiscirt agus rialtas na Breataine an cheist seo a shocrú,” ar sí.

glaonn muid ar an pháirtí a dhearbhú go poiblí agus go soiléir nach bpillfidh siad go Stormont gan barántas mionsonrach, dó-bhriste maidir le tabhairt isteach Acht na Gaeilge taobh istigh d’achar ama aontaithe.’ Tá fear óg eile a bhí ag an agóid Déardaoin, Conchúr Ó Muadaigh, cinnte go spreagfadh Acht Gaeilge forbairtí dearfacha dá gcuirfí i bhfeidhm é.

“Bhuel, dá mbeadh Acht Gaeilge ann, bheadh níos mó meáchain againn agus muid ag plé leis na húdaráis oideachais agus chuig gach údarás eile síos fríd an rialtas, ag Stormont agus sa rialtas áitiúil, agus a rá leo go bhfuil stádas dlíthiúil ag na héilimh atá againn.

“Bhéarfaidh mé sampla amháin duit,” arsa Conchúr.

“Rinne muid iarracht sráid dhátheangacha a dhéanamh de shráid s’agamsa i mBaile Uí Mhurchú agus fuair muid tacaíocht o thromlach na n-áitritheoirí ach ní raibh sé sásúil do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.

I ndiaidh muid cas cúirte a bhaint amach, níor mhair sé ach 30 soicind féin!

“Dúirt an breitheamh: ‘There is no legal status for the Irish language in this jurisdiction for this case to go ahead’ ar sé agus b’shin é.

“Da mbeadh Acht Gaeilge againn, bhainfeadh muid é.”

Cháin Conchúr na hionsaithe  leanúnacha ar an Ghaeilge o thosaigh an athbheochan i mBéal Feirste agus chuir sé lucht an cháinte i gcomparáid leis an spraoi, leis an fhuinneamh agus leis an sonas a bhí ar na hagóidithe a bhí taobh amuigh d’oifigí Paul Givan.

“Deir sé sin níos mó fúinne na faoi dhuine ar bith eile,” ar sé.

Bheadh tábhacht shiombalach leis an Acht ach bheadh sé praiticiúil fosta.

Tá Conchúr i measc na ndaoine atá ag obair in Uachtar Chluanaí in iarthar Bhéal Feirste agus deir sé go bhfuil an Ghaeilge ar na fostóirí is mó sa cheantar.

“Tá dhá bhunscoil againn agus tá Meánscoil ann; tá eagraíochtaí Gaeilge sa cheantar, tá an Ghaeilge ina háis dhochreidte ó thaobh na heacnamaíochta de don phobal sin atá lonnaithe i gceann de na ceantracha is boichte sna Sé Chontae.

“NÍ thuigim faoi Dhia cad chuige a bhfuil eagla ar dhaoine roimh Acht Gaeilge.

Dá bhfeicfeadh siad a leath den rath a eascraíonn as an teanga, d’imeodh an naimhdeas ar an toirt,” arsa Conchúr, agus cé nach n-aontódh leis.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|