Cartlann na Meán

Dearg le Fearg ar thonn áthais

20,000 Gael ar shráideanna Bhéal Feirste ag canadh agus ag caint i gcuideachta a chéile, léiriú iontach ar mheon dearfach ár bpobail agus ár gcumais dul i ngleic le dúshláin trí ghníomh dearfach seachas briathra diúltacha; ‘na habair é, déan é’ mar a dúirt ceannródaithe Bhóthar Seoighe.
Dearg le Fearg ar thonn áthais

Léigh mé leabhar iontach le linn na dianghlasála – Humankind is teideal dó agus is é an staraí Ísiltíreach, Rutger Bregman, a scríobh. Go bunúsach, déanann sé cás láidir paiseanta, bunaithe ar anailís ar an luathstair agus cúrsaí comhaimseartha, go bhfuil an cine daonna macánta agus gnaíúil.

Ar an drochuair, cuirtear a mhalairt ina luí orainn go minic agus i ndiaidh na tréimhse corraithí ar tháinig muid fríd de bharr na paindéime, coimhlíntí foréigneacha ar fud na cruinne, caimiléireacht oscailte ón aicme pholaitiúil agus scriosadh timpeallacht na cruinne, tá sé furasta agus intuigthe a bheith duairc faoin todhchaí agus an cine daonna i gcoitinne.

In amanna, áfach, tarlaíonn eachtraí a mhusclaíonn ón diúltachas seo muid agus bhí an Lá Dearg i measc na n-eachtraí sin. 20,000 Gael ar shráideanna Bhéal Feirste ag canadh agus ag caint i gcuideachta a chéile, léiriú iontach ar mheon dearfach ár bpobail agus ár gcumais dul i ngleic le dúshláin trí ghníomh dearfach seachas briathra diúltacha; ‘na habair é, déan é’ mar a dúirt ceannródaithe Bhóthar Seoighe.

Agus cé go raibh muid ‘Dearg le Fearg’, ní raibh ach grá agus dlúthpháirtíocht le mothú ón slua ar an lá, ‘tonn mhór áthais’ mar a chuir an t-iriseoir Gearóid Ó Muilleoir síos air in agallamh le TG4.

Is cúis bhróid mhór dom é a bheith bainte leis an fheachtas claochlaitheach seo. Is cuimhin liom an chéad chruinniú i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mí Dheireadh Fómhair 2016. Ag an am sin, bhí ceist cearta teanga ar an trá is laige le fada an lá ach leag muid dúshraith sna laetha sin a choinnigh ar an bhóthar ceart muid sna blianta achrannacha ina dhiaidh.

Bhí fuinneamh dochloíte le mothú go sonrach agus measaim gur mhothaigh muid uilig go raibh an t-aistear dochreidte os ár gcomhair chomh tábhachtach leis an cheann scríbe féin.

Ó shin i leith, scaip soiscéal an Dreama Dheirg fud fad phobal na Gaeilge sna sé chontae, go háirithe i measc an aosa óig. Tháinig éileamh chun tosaigh sna campais ollscoile agus cuireadh brú ar chomhairlí áitiúla agus údaráis eile agus nochtadh an frith-Ghaelachas córasach atá fréamhaithe sa stát ó thuaidh.

Cuireadh scathán os comhair an stáit agus ní frithchaitheamh forasach fáilteach a tháinig ar ais.

Spreag seo a thuilleadh muid agus diaidh ar ndiaidh mhothaigh muid ar fad go raibh tionchar á imirt againn ar dhearcaí an phobail i leith stádas na Gaeilge sa tsochaí. Tá seo go huile is go hiomlán bunaithe ar mhacántacht ár ngnímh agus réasúntacht ár n-éilimh. Bhris muid trí dhíoscúrsa diúltach na bpáirtithe polaitiúla ar an cheist seo le daonnacht dhearg dhícheallach.

Léirigh muid don mhórshochaí agus grúpaí eile atá ag lorg a gceart go bhfuil ionchur againn uilig mar shaoránaigh agus nach lucht féachana amháin muid sa phróiseas daonlathach; tá cumhacht againn tionchar a imirt ar mhórcheisteanna an lae agus má tá fís againn agus muid eagraithe is féidir linn, in amanna, éachtaí a bhaint amach.

Is ceacht tábhachtach dúinn uilig é sin agus ceapaim gur sin an fáth a raibh níos mó áthais ná fearg le mothú ar an Satharn spleodrach sin. Leis an chóras eacnamaíochta agus polaitiúil atá i mbarr réime faoi láthair, tá sé éasca agus intuigthe a bheith éadóchasach faoin todhchaí.

Cuirtear inár luí arís agus arís eile go bhfuil muid fiáin mar speiceas agus go bhfuil córas rialacháin lochtach, teoranta riachtanach chun ord agus eagar a choinneáil ar an saol. Is miotas é sin a chum lucht na cumhachta chun muid a dhíspreagadh agus chun amhras a chothú eadarainn.

Nuair atá cúis againn teacht le chéile ar cheisteanna comónta, nochtann muid ár gcumhacht choitianta agus ár ndaonnacht cheanúil. Mar a dúirt an t-údar iomráiteach Rúiseach, Anton Chekhov, ‘Éireoidh an duine níos fearr ach a chuid dóigheanna a thaispeáint dó’ agus nuair atá deis againn na tréithe is fearr den chine daonna a thaispeáint; dlúthpháirtíocht neamhleithleasach, spreagann sin an mórphobal thart orainn ar bhealach a mbriseann fríd an diúltachas scriosach atá ag tiomáint mórfhórsaí cumhachta an domhain. Is ábhar dóchais é sin dúinn ar fad do na cathanna móra atá os ár gcomhair amach.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|