Cartlann na Meán

An fada eile a bheidh goile ann d'aontoiseachas an DUP?

Nuair a rinneadh Comhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, gealladh acht Gaeilge a thabhairt isteach taobh istigh de 100 lá. Tá beagnach 500 lá caite ó shin agus tá an DUP ag dul siar ar a bhfocal.
An fada eile a bheidh goile ann d'aontoiseachas an DUP?

Is gearr anois go mbeidh deireadh le seal Arlene Foster mar cheannaire ar an DUP. Bhí na sceana amuigh le tamall, ach bualadh buille maraithe na muice ar deireadh nuair nár chaith sí vóta bealach amháin ná bealach eile i ndíospóireacht in Stormont maidir le cosc a chur ar theiripe tiontaithe do dhaoine aeracha. Ní mó ná sásta a bhí an bráithreachas sa pháirtí leis sin.

Bíonn deiseanna i gcónaí ann le hathrú réimis, ach ó d’fhógair Foster go mbeidh sí ag éirí as, is beag trácht atá déanta ag an DUP féin ná ag na meáin ar an obair a dhéanfaidh an chéad cheannaire eile le dul i ngleic leis na ceisteanna is tábhachtaí a théann i bhfeidhm ar an phobal, mar shampla díothú eacnamaíochta agus sóisialta, maoiniú ceart don NHS agus an éagothroime i gcúrsaí oideachais.

Seachas sin, táthar ag díriú go mór ar Phrótacál Thuaisceart Éireann – prácás de dhéanamh an DUP féin – agus ar cheist eile ar thángthas ar chomhaontú ina leith i bhfad ó shin, is é sin acht Gaeilge.

Fá am lóin Dé Luain – lá fliuch, scamallach, geimhriúil toirní ar a rabhthas ag comóradh bhunú stát Thuaisceart Éireann – bhí a n-ainmneacha curtha chun cinn ag Edwin Poots agus Jeffrey Donaldson. Bhí Paul Givan á lua le ról an Chéad-Aire sa chás go dtoghfaí Poots mar cheannaire ar an pháirtí. Triúr fear, iad uilig ceangailte le toghcheantar Ghleann an Lagáin. Vive la différence!

Is fear é Poots a chreideann gur cruthaíodh an domhan 4,000 bliain ó shin agus gur chóir go mbeadh ar mhná táille a íoc as gearradh Caesarach a fháil. Chuir sé cosc ar dhaoine aeracha fuil a dheonú agus é ina Aire Sláinte. Dúirt sé gurbh é an rud ba mhó a raibh sé bródúil as agus é ina Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta gur éirigh leis “an tAcht Gaeilge a chur sa chré”.

Maidir le ceist na teanga, ar an drochuair tá achan leithscéal faoin spéir ag an DUP le nach gcomhlíonfaidh siad an gealltanas a rinne siad féin anuraidh le Stormont a athbhunú i ndiaidh sáinne a mhair trí bliana. Tá an costas ró-ard, a deir siad. Ní tosaíocht é in aimsir paindéime. Is mionlach amháin a bhainfidh leas as, mar sin ní fiú an tairbhe an trioblóid. Seanscéal agus meirg air.

Tá pobal na Gaeilge ag fanacht 23 bhliain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta le go gcuirfear an teanga chun cinn mar is ceart.

15 bliana atáimid ag fanacht ó síníodh Comhaontú Chill Rìmhinn le go gcuirfidh an Feidhmeannas straitéis don Ghaeilge i bhfeidhm agus le go dtabharfaidh siad acht Gaeilge isteach.

Tá 4 bliana imithe tharainn ó rialaigh an Breitheamh Paul Maguire san Ard-Chúirt in aghaidh an Fheidhmeannais as gan straitéis a thabhairt isteach.

Nuair a rinneadh Comhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, gealladh acht Gaeilge a thabhairt isteach taobh istigh de 100 lá. Tá beagnach 500 lá caite ó shin agus tá an DUP ag dul siar ar a bhfocal.

Is iomaí grúpa atá thíos le polasaithe, dearcthaí diúltacha agus biogóideacht an DUP go ginearálta, mná, an pobal LADT, mionlaigh eitneacha, náisiúntóirí agus cainteoirí Gaeilge ina measc. Má shocraíonn lucht an DUP dul níos faide síos bóthar an antoiseachais agus Poots nó a mhacasamhail a insealbhú mar chomharba Arlene Foster, beidh sé spéisiúil a fheiceáil cad iad na hiarmhairtí a bheas leis sin sa chéad toghchán eile i mí na Bealtaine ar an bhliain seo chugainn (nó roimhe sin má thiteann an tóin as cúrsaí ar an chnoc).

An meallfaidh siad lucht tacaíochta ar ais ón TUV a mhothaigh go raibh an DUP éirithe róbhog faoi stiúir Foster? Más amhlaidh a mheallfaidh, an leor sin mar chúiteamh ar na vótóirí a thréigfidh iad agus a rachaidh le UUP agus Alliance siocair nach bhfuil goile acu don ardleibhéal leatroim níos mó?

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|