Cartlann na Meán

Meas ar chearta páistí, ach cad é faoina gcearta teanga?

Bhí na príomhpháirtithe polaitíochta, an Tánaiste agus an Rúnaí Stáit ag cur tús le cainteanna chun teacht ar réiteach ar an tsáinn ina bhfuilimid le trí bliana anuas ó baineadh an bonn den Fheidhmeannas – agus bhí daltaí ó Choláiste Feirste, Gaelscoil na Móna, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh agus eile ann go glórach, gealgháireach lena chur i gcuimhne dóibh go bhfuil Acht Gaeilge láidir, neamhspleách cearta-bhunaithe de dhíth
Meas ar chearta páistí, ach cad é faoina gcearta teanga?

Bhí grian an gheimhridh íseal sa spéir ag meán lae agus chuir sí cuma dheas ar na dathanna, dearg agus bán, a bhí á gcaitheamh ag an lucht léirsithe thuas ar Chnoc an Anfa Dé Luain.

Bhí na príomhpháirtithe polaitíochta, an Tánaiste agus an Rúnaí Stáit ag cur tús le cainteanna chun teacht ar réiteach ar an tsáinn ina bhfuilimid le trí bliana anuas ó baineadh an bonn den Fheidhmeannas – agus bhí daltaí ó Choláiste Feirste, Gaelscoil na Móna, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh agus eile ann go glórach, gealgháireach lena chur i gcuimhne dóibh go bhfuil Acht Gaeilge láidir, neamhspleách cearta-bhunaithe de dhíth. Chuir a ngártha, a ndrumadóireacht, a n-amhráin Nollag agus cloigín Dhaidí na Nollag féin go mór leis an dea-atmaisféar.

Táthar dóchasach go ndéanfar dul chun cinn ó thaobh an Achta Gaeilge, ach cuireadh i gcuimhne go géar dúinn an tseachtain seo arís eile cad chuige a bhfuil sé de dhíth. Léiríodh arís an easpa measa atá ar an Ghaeilge ag leibhéal an Stáit le foilsiú na straitéise úire maidir le páistí agus daoine óga ag an Roinn Oideachais. Seo straitéis deich mbliana, 2019-2029.

Caithfear a rá go bhfuil na torthaí ar mian leis an Roinn a bhaint amach inmholta. Ina measc tá sláinte mhaith fhisiciúil agus mheabhrach a bheith ag páistí; páistí a bheith slán sábháilte; páistí a bheith in ann taitneamh a bhaint as an súgradh agus as an fhóillíocht. Tá spriocthoradh ann fosta a bhaineann le cearta páistí: “Maireann páistí agus daoine óga i sochaí ina bhfuil meas ar a gcearta.” Ar an drochuair, áfach, ní léir tuiscint a bheith ag an Roinn Oideachais ar an rud is cearta teanga páistí ann.

Is iomaí raic a bhí ann le trí bliana anuas, go háirithe i réimse an oideachais, maidir le cearta teanga. Bhí scannal Líofa ann a chuir bac ar dhaltaí atá faoi mhíbhuntáiste airgeadais freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht. Bhí cinneadh náireach Peter Weir ann i mí Mheithimh 2016 gan maoiniú a bhronnadh ar ghaelscoileanna le haonaid chothaithe a bhunú chun freastal ar na páistí is leochailí.

Rinne an tÚdarás Oideachais cinneadh deireadh a chur le maoiniú na gcumann óige Gaeilge i mBéal Feirste. Tá Gaelscoil an Lonnáin go fóill in adharca leis an Roinn Oideachais chun foirgneamh ceart a fháil agus iad ag brath ar na cúirteanna brú a chur ar an Roinn cinneadh ceart cóir a dhéanamh.

Shílfeá, sa chomhthéacs sin, agus siocair go bhfuil “meas ar a gcearta” luaite go sonrach, go mbeadh bearta daingne ar leith leagtha amach sa Straitéis um Páistí agus Daoine Óga. Ach níl. Níl tagairt ar bith ann don Ghaeilge. Níl tagairt ar bith ann don Ghaeloideachas. Níl ann ach leathanach amháin, i gcáipéis 118 leathanach, ar a bhfuil pictiúir de pháistí ó Bhunscoil Phobal Feirste agus aistriúchán go Gaeilge déanta ar léaráidí a bhaineann leis na spriocthorthaí ginearálta.

Níl rud ar bith sonrach ann faoi na riachtanais shainiúla oideachais, shochúla ná eile atá ag páistí a chaitheann a saol i nGaeilge.

Sa Bhreatain Bheag, tá Clár do Pháistí agus Daoine Óga i bhfeidhm agus tá tagairtí don Bhreatnais fite fuaite in achan ghné de – oideachas, cultúr agus oidhreacht, cúrsaí digiteacha, scileanna infhostaitheachta srl. Ar ndóigh, tá reachtaíocht sa Bhreatain Bheag leis an Bhreatnais a chur chun cinn, agus tá an reachtaíocht sin mar dhúshraith do chláir rialtais, do pholasaithe, do straitéisí agus do phleananna chun seirbhísí Breatnaise a chur ar fáil do lucht a labhartha.

Gan reachtaíocht láidir den chineál chéanna anseo, beidh an cainteoir Gaeilge óg thíos leis. Mar a dúirt Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge agus Glór na Móna oíche Dé Luain ar Twitter,

“Tá daoine óga a roghnaíonn a saol a chaitheamh trí Ghaeilge faoi mhíbhuntáiste anseo sa tuaisceart. Níor chóir go mbeadh baint ar bith ag an naimhdeas ná ag an bhiogóideacht le cáilíocht a saoil. Tá Acht Gaeilge cearta-bhunaithe, mar a gealladh in 2006, tuillte acu.”

Tiocfaidh polasaithe, straitéisí agus seirbhísí láidre – agus caighdeán saoil níos fearr do chách – as acht láidir, neamhspleách cearta-bhunaithe. Sin an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach sin a leithéid a fháil.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|