Cartlann na Meán

Gradam Oireachtais bronnta ar an Dream Dearg

Aitheantas atá ann, ónár lucht tacaíochta ar fud na hÉireann, do gach duine a chuaigh amach ar na sráideanna i mBéal Feirste, i nDoire, ar an Iúr, ar Chnoc an Anfa, in Hillsborough chun a éileamh go gcomhlíonfar an gealltanas a rinneadh i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2006 go dtabharfaidh an rialtas acht Gaeilge isteach.
Gradam Oireachtais bronnta ar an Dream Dearg

Comhghairdeas! Mura bhfuil tú ar an eolas cheana féin, bronnadh gradam ar an Dream Dearg as an fheachtas iontach, spreagúil #AchtAnois ag Oireachtas na Samhna in CityWest i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Thug muid linn an Gradam d’Fheachtas Meán Sóisialta na Bliana, 2019. Nuair a deirim ‘linn’, tá mé ag caint ar na mílte as measc phobal na Gaeilge a rinne gníomhartha den iomaí cineál le trí bliana anuas chun cearta, cothromas agus cóir, agus acht Gaeilge, a éileamh – daltaí, múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí, cúramóirí, oibrithe óige, lucht na n-eagraisí Gaeilge agus eile. Gach seans, a léitheoir, go bhfuil tusa ina measc. Mar sin, comhghairdeas ó chroí leat!

Nuair a bronnadh an lóchrann ag ócáid na gile agus na galántachta oíche dhorcha ag deireadh an fhómhair, is ar gach uile mhac agus iníon mháthar bheo a rinne gníomh ar son a gcearta teanga a bronnadh í. Aitheantas atá ann, ónár lucht tacaíochta ar fud na hÉireann, do gach duine a chuaigh amach ar na sráideanna i mBéal Feirste, i nDoire, ar an Iúr, ar Chnoc an Anfa, in Hillsborough chun a éileamh go gcomhlíonfar an gealltanas a rinneadh i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2006 go dtabharfaidh an rialtas acht Gaeilge isteach.

Seo gradam daoibhse uilig a chuir grianghraif ar Facebook, Twitter, Instagram, Snapchat i dtaca leis an fheachtas nó a rinne ‘is maith liom-áil’ ar phostálacha nó a chraobhscaoil iad ar na hardáin éagsúla.

Is gradam é don uile pháiste, múinteoir agus príomhoide a mhaisigh bhur scoileanna le póstaeir lámhdheanta den fháinne bhán ar chúlra dearg nó a d’eagraigh busanna le daltaí a thabhairt a fhad leis na láithreacha léirsithe. Gradam atá ann fosta do na páistí gaelscoile a thaifead amhrán Nollag dhá bhliain ó shin, ‘Ba mhaith liom Acht na Gaeilge don Nollaig’ a craoladh ar Nuacht TG4.

Gradam atá ann do na ceannairí óige agus do na céadta daltaí a shuigh ar an urlár san fháiltiú in oifigí an Údaráis Oideachais i Sráid an Acadaimh go dtí go bhfuarthas maoiniú na gcumann óige Gaeilge ar ais. Agus ná ligimis i ndearmad na tuismitheoirí, na seantuismitheoirí agus na cúramóirí.

Sibhse a phostáil nascanna chuig ailt agus míreanna teilifíse agus raidió, is daoibhse an gradam seo. Comhartha aitheantais atá ann fosta d’urlabhraithe an fheachtais a chuireann an cás chun cinn go sciliúil, muiníneach ar chláir nuachta agus chúrsaí reatha.

Is é duine de na hurlabhraithe sin, Pádraig Ó Tiarnaigh, atá ag obair le Conradh na Gaeilge, eagras atá ag tacú go mór leis an fheachtas ón chéad lá, a ghlac leis an ghradam ar son an Dreama Dheirg. Is í Katherine Licken, Ard-Rúnaí na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhronn é agus ceol mórga ‘Mise Éire’ le Seán Ó Riada á sheinm sa chúlra. Dúirt Pádraig ón ardán:

“Cé a cheap nuair a baineadh sparánachtaí Líofa ó dhream na gcoláistí samhraidh in 2016 go mbeimis inár seasamh anseo trí bliana ar aghaidh agus feachtas dochreidte ar an fhód againn ó shin. Nílimid ag dul áit ar bith. Gheall muid do phobal na Gaeilge go mion agus go minic go mbeimis ag úsáid na meán sóisialta, fuinneamh ár bpobail féin, chun cearta a bhaint amach don phobal ó thuaidh. Ní ghlacfaimid le sop in áit na scuaibe. Ní chaithfear linn mar shaoránaigh den dara grád a thuilleadh. Agus ní bheadh seo indéanta gan na scórtha agus na céadta de ghníomhaithe nua Gaeilge atá ag teacht chun tosaigh chun seilbh a ghlacadh ar thodhchaí s’againn féin. Ní neart go cur le chéile! Acht anois!”

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|