Cartlann na Meán

Trí shleá i gcur chun cinn na Gaeilge

I mí Eanáir 2020, nuair a chuaigh an Feidhmeannas ar ais i mbun gnímh i ndiaidh sos trí bliana, shínigh na páirtithe is mó Comhaontú na Ré Nua inar gealladh acht Gaeilge a thabhairt isteach taobh istigh de 6 mhí. Níl dé ann den acht ó shin, áfach.
Trí shleá i gcur chun cinn na Gaeilge

D’eisigh COMEX, Coiste Saineolaithe de chuid Chomhairle na hEorpa, an tuairisc is déanaí acu ar na mallaibh. Bíonn COMEX ag plé le teangacha traidisiúnta na dtíortha sin a bhfuil an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh sínithe acu. Shínigh Rialtas na Ríochta Aontaithe an Chairt fiche bliain ó shin agus bíonn COMEX ag déanamh measúnú ar a gcuid iarrachtaí, agus neamhiarrachtaí, maidir le cur chun cinn seacht dteanga mhionlaigh – an Ghaeilge, Albainis Uladh, Gàidhlig, Albainis, Gaeilge Mhanann, Breatnais agus Coirnis.

Ó thaobh na Gaeilge de, tá trí shleá i dtuairisc nua COMEX – reachtaíocht, straitéis agus oideachas. Mar atá a fhios ag an saol Fódlach, táimid ag fanacht le dlí, le hacht Gaeilge, a chosnóidh cearta s’againn ó bhí 2006 ann, nuair a síníodh Comhaontú Chill Rìmhinn. I mí Eanáir 2020, nuair a chuaigh an Feidhmeannas ar ais i mbun gnímh i ndiaidh sos trí bliana, shínigh na páirtithe is mó Comhaontú na Ré Nua inar gealladh acht Gaeilge a thabhairt isteach taobh istigh de 6 mhí. Níl dé ann den acht ó shin, áfach.

Fiú amháin dá gcuirfí i bhfeidhm amárach ina iomláine an t-acht Gaeilge a comhaontaíodh i mí Eanáir anuraidh, níor leor é, dar le COMEX agus le grúpaí ar an talamh amhail an Dream Dearg, leis an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn mar ba chóir. Níl a dhath ann faoi chomharthaíocht, oideachas ná rochtain ar sheirbhísí poiblí.

Níl an darna suí sa bhuaille againn, áfach, ach glacadh leis mar an chéad chéim i dtreo reachtaíochta cuimsithí. Mura dtabharfar acht Gaeilge isteach gan mhoill, fiú ceann easnamhach, tá an baol ann go mbeidh an cheist thábhachtach seo ina sceilpín gabhair arís eile aimsir an chéad toghcháin eile, atá le reáchtáil i gceann 13 mhí. Idir an dá linn, tá feachtasóirí mar Chonradh na Gaeilge ag cur brú ar na páirtithe an reachtaíocht a achtú chomh luath géar agus is féidir.

Maidir le ceist eile a phléigh COMEX ina dtuairisc, Straitéis don Ghaeilge, seo gealltanas eile a rinneadh le Comhaontú Chill Rìmhinn agus nach bhfuil comhlíonta fós, in ainneoin gur tugadh an cheist os comhair na hArd-Chúirte ceithre bliana ó shin. Rialaigh an Breitheamh Paul Maguire i mí an Mhárta 2017 go raibh teipthe ar an Fheidhmeannas an dualgas atá air de réir an dlí a chomhlíonadh.

Ar an drochuair, níl dul chun cinn déanta ag muintir Chnoc an Anfa maidir leis an Straitéis agus ag tús mhí Aibreáin i mbliana bhris ar fhoighde Chonradh na Gaeilge, an t-eagras a d’iarr an rialú Ard-Chúirte sa chéad dul síos. D’fhógair an Conradh go bhfuil sé de rún acu dul ar ais chun na cúirte mura gcuirfidh an Feidhmeannas an scéal ina cheart taobh istigh de thréimhse 21 lá.

Cúrsaí oideachais an mhórcheist eile ar dhírigh COMEX a n-aird air ina dtuairisc. Dar leis na húdaráis, chuaigh 28 múinteoir breise faoi oiliúint gach bliain ó 2018 go 2021 chun go dtig leo dul i mbun a gcúraimí trí mheán na Gaeilge.

Ní leor é sin, áfach, chun riar ar an éileamh méadaitheach ar mhúinteoirí cáilithe gaelscolaíochta. Tá an t-eagras áitiúil Comhairle na Gaelscolaíochta ag teacht le tuairim na Saineolaithe Eorpacha gur easnamh córasach é an ganntanas múinteoirí agus go bhfuil géarghá le pleanáil straitéiseach fhadtréimhseach le dul i ngleic leis an fhadhb. Idir an dá linn, tá moltaí déanta ag COMEX maidir le réitigh sa ghearrthréimhse, mar shampla sparántachtaí, fostaíocht chinntithe agus bónais airgeadais le tuilleadh múinteoirí a mhealladh isteach in earnáil an Ghaeloideachais.

Mura dtabharfar aghaidh ar an cheist seo, beidh sé tubaisteach do dhaltaí Gaelscoile mar beidh siad ag brath ar mhúinteoirí nach bhfuil a ndóthain Gaeilge acu le go dtapóidh siad an deis bheith dátheangach agus na buntáistí uilig go léir a bhaineann leis an bhua iontach sin a bhreith.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|