Cartlann na Meán

Ardú 16% tagtha ar líon na ndaoine le Gaeilge sa Tuaisceart – daonáireamh

De réir na bhfigiúirí, deir 228,617 duine i dTuaisceart Éireann go bhfuil cumas éigin acu sa Ghaeilge acu, bíodh sin í a thuiscint, a labhairt, a léamh nó a scríobh
Ardú 16%  tagtha ar líon na ndaoine le Gaeilge sa Tuaisceart – daonáireamh

Tá ardú 16% tagtha ar líon na ndaoine i dTuaisceart Éireann a deir go bhfuil Gaeilge acu, de réir an daonáirimh is deireanaí.

D’fhoilsigh Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) roinnt staitisticí ó Dhaonáireamh 2021 ar maidin, ina measc figiúirí a thugann léargas ar chumas teanga an phobail ó thuaidh.

De réir na bhfigiúirí, deir 228,617 duine i dTuaisceart Éireann go bhfuil cumas éigin acu sa Ghaeilge, bíodh sin í a thuiscint, a labhairt, a léamh nó a scríobh. Is ionann an 228,617 duine sin agus 12.4% den 1,836,612 duine a raibh cónaí orthu i dTuaisceart Éireann nuair a tugadh faoin nDaonáireamh mí an Mhárta 2021.

184,898 duine a dúirt in 2011 go raibh cumas sa Ghaeilge acu, 10.65% den daonra ag an am. Mar sin tá ardú 43,719 duine tagtha ar líon na ndaoine ó thuaidh a deir go bhfuil Gaeilge acu.

I nDaonáireamh 2021, dúirt 71,872 duine nó 4% den daonra go raibh siad in ann an Ghaeilge a labhairt, a léamh, a scríobh agus a thuiscint.

Dúirt beagnach 40% de na daoine a dúirt go raibh cumas sa Ghaeilge acu nach raibh siad in ann ach an teanga a thuiscint.

Bhí an líon is mó daoine le cumas teanga sa Ghaeilge i gceantar Lár Uladh (20.4%). Is san Aird agus An Dún Thuaidh a bhí an líon is ísle – 3.2%.

Deir 87.6% den daonra ó thuaidh – 1,607,995 duine – nach bhfuil cumas ar bith acu sa Ghaeilge, laghdú ó 89.4% in 2011.

Tugadh léargas ar phríomhtheangacha an daonra freisin sna figiúirí nua.

Deir 6,000 duine i dTuaisceart Éireann – 0.3% den daonra – gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga atá acu. Is é an Béarla príomhtheanga fhormhór mór na ndaoine – 95.4% den daonra nó 1,751,500 duine.

Tá an Pholainnis – 1.1% nó 20,100 duine – agus an Liotuáinis – 0.5% nó 9,000 duine – níos coitianta mar phríomhtheanga ag daoine ó thuaidh ná mar atá an Ghaeilge.

Deir 85,100 duine ar fad, nó 4.6% den daonra, nach é an Béarla an phríomhtheanga atá acu.

Den chéad uair, tugadh cead do dhaoine Daonáireamh 2021 a líonadh as Gaeilge ar líne, deis a thapaigh thart ar 1,300 teaghlach – 0.2% den iomlán.

Maidir leis an Ultais, deir 190,600 nó 10.4% den daonra go bhfuil Ultais éigin acu, ardú ó 8.1% in 2011. 800 teaghlach a líon an daonáireamh trí Ultais.

Léiríonn Daonáireamh 2021 go bhfuil líon níos mó Caitliceach ná Protastúnaigh anois i dTuaisceart Éireann den chéad uair riamh.

Deir 45.7% den daonra gur Caitlicigh iad nó gur tógadh mar Chaitlicigh iad, i gcomparáid le 43.5% a dúirt gur Protastúnaigh iad.

Is í seo an chéad uair ó deineadh an tír a dheighilt go bhfuil níos mó Caitliceach i dTuaisceart Éireann ná Protastúnaigh.

Tugtar le fios i nDaonáireamh 2021 nach bhfuil aon chreideamh ag 17.4% den phobal ó thuaidh, ardú ó 10.1% in 2011.

Léirigh figiúirí a foilsíodh níos luaithe i mbliana go bhfuil an daonra ó thuaidh méadaithe go dtí 1.9m duine, níos mó ná riamh.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|