Cartlann na Meán

Féile agus ardú feasachta

Ar an chéad amharc, bhí Féile Mhic Artúir ar aon dul leis na féilte a thiteann amach i gcoláistí agus in ollscoileanna eile fud fad na hÉireann ag an am seo bliana... Ach bhí cuspóir eile leis an fhéile, dar le hEoghan Ó Garmaile ón Chumann Ghaelach, is é sin próifíl na Gaeilge a ardú ar an champas.
Féile agus ardú feasachta

Is ait an rud é, ach cé go bhfuil an Cumann Gaelach in Ollscoil na Banríona ar an fhód le 114 bliain anuas agus go bhfuil Roinn Ghaeilge agus Léinn Cheiltigh ann le fada an lá, faoi ainmneacha éagsúla, is cosúil nach raibh féile Ghaeilge riamh san institiúid tríú leibhéal go dtí an tseachtain seo caite.

Sin a chreideann lucht an Chumainn Ghaelaigh a d’eagraigh Féile Mhic Artúir, atá ainmnithe as saighdiúr Protastúnach a bhí in arm na Breataine agus a bhunaigh an Cumann Gaelach thiar sa bhliain 1906. Dúirt na heagraitheoirí go raibh spiorad mhuintir Ghaeltacht Bhóthar Seoighe mar inspioráid acu fosta, lena mana ‘Ná habair é, déan é,’ agus bhí Seán Mac Seáin ar na haoichainteoirí ag an fhéile.

Ar an chéad amharc, bhí Féile Mhic Artúir ar aon dul leis na féilte a thiteann amach i gcoláistí agus in ollscoileanna eile fud fad na hÉireann ag an am seo bliana. Bhí cainteanna, díospóireachtaí, ranganna Gaeilge agus ceol agus damhsa ann. Is í an craoltóir aitheanta Lynette Fay a rinne an seoladh agus thug Linda Ervine caint faoi Phrotastúnaigh agus an Ghaeilge. Reáchtáladh imeachtaí sóisialta san oíche, ag normalú na Gaeilge trí chultúr, ceol agus craic. Ach bhí cuspóir eile leis an fhéile, dar le hEoghan Ó Garmaile ón Chumann Ghaelach, is é sin próifíl na Gaeilge a ardú ar an champas.

A fhad is atá údaráis na hollscoile ag tarraingt na gcos maidir le ceist na comharthaíochta dátheangaí, tá mic agus iníonacha léinn ag gníomhú chun feasacht a ardú agus tuilleadh tacaíochta a mhealladh dá gcúis. Dá réir, bhí díospóireacht ann faoi chomharthaíocht dhátheangach le Grian Ní Dhaimhín, Uachtarán Tofa Aontas na Mac Léinn, Richard Garland, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Ciarán Ó Coigligh.

Seachas an fhéile, tá bearta eile idir lámha chun cearta teanga a bhaint amach san ollscoil. “Toghadh an chuimse gníomhaithe teanga ar Aontas na Mac Léinn ar na mallaibh,” arsa Eoghan, “cuid mhaith díobh a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Leoga, is foinse thacaíochta é Aontas na Mac Léinn san ollscoil don Ghaeilge, go háirithe ó bhrúigh an Cumann Gaelach an chomharthaíocht dhátheangach chun cinn i dtoghcháin an Aontais in 2018. Chaill baill an Chumainn an t-am sin, ach chroith an mana simplí s’againn, ‘Cearta teanga, cearta daonna’, talamh na hollscoile agus tá gach Aontas ag tacú le comharthaí Gaeilge ó shin.”

Léiriú maith eile ar an athrú atá ag teacht ar chúrsaí is ea gur toghadh Eibhlín Nic Cormaic ina hOifigeach Gaeilge san Aontas. Fuair sí níos mó vótaí ná aon oifigeach riamh – chaith tuairim is 2,500 duine vóta ar a son. Dúirt Eoghan, “Is maith ann na hoifigigh san Aontas, ach ní ansin a bheidh an chosmhuintir agus gníomhaithe ag bualadh buille ar an leithcheal in aghaidh na Gaeilge. Beidh an Cumann Gaelach ar na sráideanna, ag geataí na hollscoile agus, b’fhéidir, in oifig an Leas-Seansailéara.”

Bunaíodh ciorcal nua léitheoireachta radacaí Gaeilge san ollscoil fosta an mhí seo caite, an Duille Dearg. Dúirt Eoghan,

“Bímid ag teagasc a chéile agus ag foghlaim óna chéile agus muid ag iarraidh cearta teanga a bhaint amach. Ní mic léinn óga gan taithí a bhfuil boic mhóra na hollscoile ag plé leo níos mó, ach grúpa réabhlóideach meáite atá réidh le gníomh díreach a dhéanamh chun na comharthaí dátheangacha a chur in airde ar an champas.”

Dar le hEoghan, tugann an grúpa Protastúnach a bhunaigh an Cumann Gaelach agus muintir Bhóthar Seoighe araon misneach dóibh. “Léiríonn siad dúinn go fóill sa lá atá inniu ann gur le chéile, agus chan scoilte, a bheas bua ag pobal na Gaeilge san ollscoil. Tá an chomrádaíocht seo de dhíth in aghaidh uasaicme na hollscoile atá ag cur in éadan cearta teanga.”

Is gearr go mbeidh cinneadh déanta faoi chomharthaíocht ar an champas. Beidh cruinniú ag Buanchoiste na hollscoile ag deireadh na míosa seo agus tá ceist na comharthaíochta dátheangaí le plé acu. Cuirfear moltaí an Bhuanchoiste faoi bhráid an tSeanaid agus táthar ag súil go ndéanfaidh an Seanad cinneadh faoin cheist go luath i mí Aibreáin.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|