Cartlann na Meán

"Tionól Dearg: oscailte, daonlathach agus fáilteach"

Cothrom na míosa seo sa bhliain 2006 síníodh Comhaontú Cill Rímhinn inar tugadh gealltanas idirnáisiúnta do chainteoirí Ghaeilge ó thuaidh go gcuirfí Acht Gaeilge agus straitéis teanga i bhfeidhm. 10 mbliana ar aghaidh tá glúin úr de Ghaeil óga beo ar an saol ach tá pobal na Gaeilge fós ag fanacht ar an ghealltanas sin.
"Tionól Dearg: oscailte, daonlathach agus fáilteach"

Mar is eol dúinn ar fad tá na hionsaithe in éadan phobal na Gaeilge agus na teanga féin ag bailiú nirt sna sé chontae ó bhí deireadh an tsamhraidh ann.

Go minic, caitear linn mar a bheadh bagairt ionainn agus síleann na daoine sin atá i gcoinne na Gaeilge gur féidir leo plé linn mar a bheadh saoránaigh den dara grád ionainn; gan chearta, gan aitheantas.

Tá an tAire Oideachais Peter Weir mar shampla ag dul siar ar chinntí ciallmhara ar glacadh leo cheana féin: cuireadh bac ar fhorbairt Ghaelscoileanna agus baineadh acmhainní uathu, cuireadh moill agus bac ar thionscadail chaipitil Ghaeilge, rinneadh ciorruithe doimhne i státchiste na Gaeilge, agus glanadh gach tagairt don teanga sa saol poiblí fríd na rannóga rialtais.

Is léiriú soiléir é seo go bhfuil an ‘Tuaisceart Éireann Nua’ ina theach fuar do phobal na Gaeilge.

Ní mór dúinn ár nguthanna a ardú agus muid féin a eagrú in éadan an leatroim agus imeallaithe stáit seo.

Tá feachtais dhúshlánacha, ghlóracha agus leanúnacha de dhíth chun léiriú do na húdaráis agus na haicmí polaitiúla nach bhfuil muid ag dul áit ar bith agus nach nglacfaidh muid le séanadh ceart a thuilleadh.

10 mbliana atá imithe ó síníodh Comhaontú Cill Rímhinn siar in 2006 nuair a tugadh gealltanas idirnáisiúnta dúinn go mbeadh Acht Gaeilge agus straitéis teanga ann.

Sa 10 mbliana sin tá glúin úr de Ghaeil óga anois i mbun gnímh sa saol ach iad go fóill faoi na míbhuntáistí céanna.

Tá an t-atmaisféar tar éis fuarú in éadan na Gaeilge agus an dréachtchlár rialtais is déanaí ag léiriú nach ann do chainteoirí Gaeilge i súile an stáit.

Tá 18 mbliain caite ó Chomhaontú Aoine an Chéasta agus níor bhog an stát oiread is orlach ar bhonn suntasach ar cheist aitheantas agus chosaint na Gaeilge.

I mbliain seo an chomórtha ar Éirí Amach na Cásca, is léir go bhfuil dualgas orainn seasamh suas go láidir ar son ár gceart is an ‘leasa choitinn’ agus dúshlán na héagóra seo a thabhairt go cumhachtach.

Tá an Tionól Dearg ar ais agus níos deirge agus níos feargaí ná mar a bhí  ariamh.

I mbéal na n-ionsaithe is déanaí, is díograiseoirí agus gníomhairí teanga muid ar fad agus tá ról ar leith le himirt ag gach duine.

Is féidir linn ár ndomhan agus an tsochaí thart timpeall orainn a athrú.

Beidh an tionól seo saor ón pholaitíocht pháirtí agus ó aon smacht eagraíochtúil.

Beidh sé oscailte, daonlathach agus fáilteach. 


Bígí linn agus tóg cara leat.

Gach Gael de dhíth!

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|