Cartlann na Meán

An Dream Dearg amuigh ar shráideanna Bhéal Feirste

Chomh maith le pobal na Gaeilge, bhí feachtasóirí cearta daonna agus cearta daoine aeracha a raibh fearg orthu fosta faoin easpa measa a léirigh Stormont do chearta na mban agus na ngrúpaí mionlaigh.
An Dream Dearg amuigh ar shráideanna Bhéal Feirste

Bhí toscaireacht Ghaeilgeoirí as Ard Mhacha páirteach sa léirsiú a d’eagraigh An Dream Dearg ar an Déardaoin seo caite i mBéal Feirste taobh amuigh d’oifigigh an Aire Pobail, Pól Mac Dhuibhinn. Bhí toscairí ann as CAIRDE Teo agus as Gael Linn i measc an scaifte mhaith agadóirí a d’iarr ar an Uasal Mac Dhuibhinn Acht Gaeilge a thabhairt isteach, acht a gealladh mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn sa bhliain 2006.

Chomh maith le pobal na Gaeilge, bhí feachtasóirí cearta daonna agus cearta daoine aeracha a raibh fearg orthu fosta faoin easpa measa a léirigh Stormont do chearta na mban agus na ngrúpaí mionlaigh. Tháinig an léirsiú sna sála ar chinneadh a rinne an Aire i mbéal na Nollag deireadh a chur le maoiniú do scoláireachtaí Gaeilge do pháistí faoi mhíbhuntáiste.

Dúirt Máirtín Mag Aonasa go raibh an ciorrú £50,000 mar chuid den fáth gur éirí sé as a ról mar LeasChéadAire ag Cnoc an Anfa. Is í an tIarAire Carál Ní Chuilín a thug an scéim isteach le go mbeadh 100 duine nó mar sin ábalta freastal ar chúrsa samhraidh i nGaeltacht Thír Chonaill.

Chuir an tAire Pobail Pól Mac Dhuibhinn giolc amach ar an Déardaoin a chur in iúl go raibh sé i ndiaidh “identified the necessary funding to advance” scéim scoláireachta Líofa. Ach bhí lucht an léirsithe a rá nach leor an t-airgead ar thángthas  air arís eile. Agus é ag labhart ar an chlár Evening Extra de chuid an BBC, arsa an tUasal Mac Dhuibhinn: “I was not prepared to allow Sinn Féin to use that £50,000 as a political weapon against us in the upcoming election as a tool to rally their troops, and so I’ve taken that away from them.”

Chuir an eagraíocht Gaeilge CAIRDE Teo fáilte roimh chúlú siar an Aire agus chuir in iúl “go dtaispeánann cinntí mar seo go bhfuil géarghá le hAcht cuimsitheach Gaeilge a thabharfas cosaint do Ghaeilgeoirí de gach aois ó ionsaithe polaitiúla mar seo. Ní bhaineann an teanga le páirtí polaitíochta ar leith agus dála go leor grúpaí eile, tá muid ag obair go dícheallach leis an Ghaeilge a oscailt do gach cuid dár bpobal in Ard Mhacha”.

Mhínigh urlabhra de chuid An Dream Dearg: “Níl pobal na Gaeilge sásta níos mó géilleadh don tsaoránacht den dara grád. Ocht mbliana déag i ndiaidh shiniú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus breis agus deich mbliana ón ghealltanas le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006, tá pobal na Gaeilge Dearg Le Fearg go bhfuil ag teip ar na húdaráis arís agus arís eile ár gcearta a chosaint agus a chur chun tosaigh.”

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|