Cartlann na Meán

An chéad tvuít i nGaeilge ag comhairle cathrach trí seachtaine as dáta de bharr aighnis

An DUP a chuir i gcoinne na teachtaireachta faoi Halla na Cathrach a bheith glas do 130 bliain Chonradh na Gaeilge ar an 31 Iúil
An chéad tvuít i nGaeilge ag comhairle cathrach trí seachtaine as dáta de bharr aighnis

Bhí an chéad tvuít i nGaeilge a sheol Comhairle Cathrach Bhéal Feiste trí seachtaine as dáta mar gheall ar dhoicheall an DUP.

Bhí an teachtaireacht le cur amach ar Twitter/X ar an 31 Iúil agus Halla na Cathrach faoi sholas glas agus dúghorm in ómós do 130 bliain Chonradh na Gaeilge ach níor tugadh an ‘solas glas’ don tvuít Ghaeilge féin go dtí Dé hAoine seo caite.

Ag cruinniú de Choiste Straitéise Polasaí agus Acmhainní na Comhairle pléadh a bpolasaí teanga agus cumarsáide agus cinneadh sa deireadh go bhféadfaí an teachtaireacht Ghaeilge a chur amach.

An DUP ba chúis leis an moill le foilsiú na teachtaireachta agus iad míshásta faoin scéal,

Ag an gcruinniú Dé hAoine, dúirt Ronan McLaughlin ó Shinn Féin gur iarratas “fíor-réasúnta” a bhí ag Conradh na Gaeilge go gcuirfí teachtaireacht Ghaeilge amach nuair a lasfaí halla na cathrach.

An fhadhb a bhí ann, dar le McLaughlin, nach bhfuil aon pholasaí cinnte ann a cheadódh do na hoifigigh a leithéid de theachtaireacht a chur amach.

“B’éigean an scéal a chur faoi bhráid ceannairí páirtí na ngrúpaí agus ar an drochuair chinn páirtí amháin nó níos mó nach raibh siad ag iarraidh go dtarlódh sé.”

Dúirt comhairleoir an Alliance Michael Long gur dóigh leis féin go raibh gá le polasaí don Ghaeilge agus go raibh sé “áiféiseach” go mbeadh fadhb ag daoine le teachtaireacht i nGaeilge.

Dúirt Ciarán Beattie go raibh scéal chailleach an uafáis déanta de chás na teachtaireachta Gaeilge agus gur seafóid a bhí ann cur i gcoinne a heisiúna.

“Ach caithfimid polasaí a dhearadh anois le cúrsaí a shoiléiriú ionas nach dtarlóidh a leithéid arís,” ar sé. Dúirt Beattie gurb amhlaidh go raibh dochair déanta do chaidreamh na comhairle le grúpaí Gaeilge mar gheall ar an tvuít a bheith curtha amach beagnach trí seachtaine déanach.

Dúirt Sarah Bunting, comhairleoir de chuid an DUP, gur ag an nóiméad deireanach a rinneadh an t-iarratas agus nach raibh dóthain ama acu é a mheas.

Dúirt Frank McCoubrey an DUP go mb’fhearr an teachtaireacht a chur amach i mBéarla ar dtús agus an leagan “sa teanga eile” a bheith thíos faoi.

Níorbh é seo an gnáthchleachtas i gcás mionteangacha, a dúradh leis.

An mhí seo chugainn a fhoilseoidh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a ndréachtpolasaí teanga.

Ar an 31 Iúil 1893 a bunaíodh Conradh na Gaeilge agus soilsíodh Halla na Cathrach mar chuid d’ócáid speisialta a d’eagraigh an Conradh i mBéal Feirste.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|