An litir dhearg
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

Tá sé ráite ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, go bhfuil “sé glan ar mire gur féidiran Ghaeilge a úsáid i gcúirteanna Londan ach nach féidir í a úsáid i gcúirteanna Bhéal Feirste”.
Cuireadh siar sa chúirt i Londain inné cinneadh faoi chás Liam Óg Uí Annaidh, an ball den ghrúpa rap Kneecap a bhfuil cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith.
Ag tús na héisteachta, chuir an Breitheamh Paul Goldspring in iúl do Chúirt Dúiche Westminster go raibh ateangaire ceaptha chun go bhféadfaí an cás a éisteacht i nGaeilge, mar a bhí iarrtha ag Ó hAnnaidh.
Deir Mac Giolla Bhéin go raibh siad “iontach sásta gur éirigh leis an éileamh seirbhís ateangaireachta a chur ar fáil do chás Liam Óig inné, ach go lonraíonn cinneadh an Bhreithimh spotsolas ar an chosc ghníomhach ar úsáid na Gaeilge i gcúirteanna sa bhaile”.
Dúirt Uachtarán an Chonartha, gur “buncheist chearta daonna” is ea é a bheith ábalta tú féin “a chur i láthair agus a chosaint i do theanga dhúchais féin”
“Bhí muid thar a bheith sásta as a bheith ábalta tacú le foireann dlí Liam le cúpla mí anuas ar an cheist seo, agus sásta gur chinn an Breitheamh an Ghaeilge a cheadú mar rogha teanga Liam,” a dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge.
Meastar gurb é seo an chéad uair gur cuireadh ateangaire ar fáil chun cás a éisteacht i nGaeilge i Sasana.
An mhí seo caite, i gCúirt Dúiche Aontroma, sa mBaile Meánach, theip ar fhear a chur ina luí ar Bhreitheamh éisteacht lena chás i nGaeilge mar gur cheap an Breitheamh nár úsáid mhaith a bhí ann ar airgead poiblí.
Tharla sé seo in ainneoin go ndearnadh aisghairm ar Acht um Riar an Cheartais (Éire) 1737, acht a d’fhág nach raibh cead an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna i dTuaisceart Éireann le breis is 300 bliain.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, cé go raibh an cosc imithe nach raibh “aon treoir nua” faoin Ghaeilge “curtha ina áit,” agus gur “faoin Aire agus faoin Fheidhmeannas aon soláthar nua don Ghaeilge a leagan amach”.
“Is féidir le haon Bhreitheamh éisteacht agus ateangaireacht trí Ghaeilge a cheadú, ní léir dúinn anois go ndéanfaidh siad sin gan treoir ón Aire,” a dúirt sé.
Dúirt an Breitheamh Broderick ag am nach raibh “aon cheart ann” go n-éistfí an cás in aon teanga eile seachas an Béarla, mar go raibh an cosantóir ábalta “Béarla a léamh agus a labhairt”.
An cur chuige céanna a bhíonn i gceist i gcúirteanna Shasana ach rinneadh eisceacht d’Ó hAnnaidh inné.
Dúirt Daniel Holder, stiúrthóir an Choiste um Riar an Chirt (CAJ), le Tuairisc go bhfuil sé seanbhunaithe sna dlíthe i leith Chearta an Duine, i gcásanna coiriúla, “go gcaithfidh an Chúirt ateangaire a chur ar fáil mura labhraíonn tú an teanga a bhíonn in úsáid sna himeachtaí cúirte”.
“Sna cúirteanna anseo, áit ina bhfuil cainteoirí Gaeilge atá ina gcainteoirí Béarla chomh maith, tá ceist ann ó thaobh cearta daonna a bhaineann le cead cainte, gan idirdhealú a dhéanamh idir an dhá theanga. Thiocfaidh leat a argóint gur cheart go mbeadh cead ag cainteoirí Gaeilge, Gaeilge a labhairt sna cúirteanna,”,a dúradh.
Dúirt sé “nach ceist theibí í seo,” agus go bhfuil sé “i bhfad níos fusa tú féin a chur in iúl trí mheán na Gaeilge” sa Chúirt má chaitheann tú do shaol trí mheán na Gaeilge.
“Sa dá chás reatha seo i Londain agus i mBaile Meánach, is cinneadh de chuid an Bhreithimh a bhí ann cead a thabhairt do na cosantóirí éisteacht lena gcásanna trí ateangaire Gaeilge, agus go dtí seo tá cinntí difriúla againn,” a dúirt sé.
Dúirt Holder gurb é seo “an chéad uair a chuala sé” gur cheadaigh Breitheamh ateangaire Gaeilge sa Bhreatain agus go bhféadfadh cás Liam Óg Ó hAnnaidh “sampla stairiúil” a leagan síos.
Ag an chás cúirte inné, mhaígh lucht dlí Uí Annaidh gur cúisíodh lá ródhéanach é agus gur chóir an cás a chaitheamh amach dá bharr.
Séanann Ó hAnnaidh go bhfuil aon ní mícheart déanta aige agus deir sé féin agus lucht Kneecap gurb amhlaidh go bhfuil “carnabhal mearbhaill” ar bun chun aird a tharraingt ón gcinedhíothú in Gaza agus stop a chur le daoine labhairt amach faoi.
Beidh an chéad éisteacht eile ar siúl Dé hAoine, an 26 Meán Fómhair.
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.