Cartlann na Meán

Údar ‘imní’ é go bhfuil feidhmiú na reachtaíochta teanga ar liosta spriocanna fadtéarmacha Stormont

Pléadh ag an chéad chruinniú de Choiste an Fheidhmeannais nua ó thuaidh an chúis go raibh bunú oifig an choimisinéara teanga ar liosta na ‘spriocanna fadtéarmacha’
Údar ‘imní’ é go bhfuil feidhmiú na reachtaíochta teanga ar liosta spriocanna fadtéarmacha Stormont
Alt ar fáil i mBéarla amháin

Pléadh an mhoill a bhaineann le bunú Oifig an Choimisinéara Gaeilge agus an chúis go bhfuil sé ar cheann de “spriocanna fadtéarmacha” an Fheidhmeannais nua ag cruinniú in Stormont an tseachtain seo.

Ag an chéad chruinniú de Choiste an Fheidhmeannais, cheistigh Carál Ní Chuilín, Sinn Féin, atá ina Leas-Cheann Comhairle san fheidhmeannas nua, Gareth Johnston, Leas-Rúnaí Oifig Thuaisceart Éireann, faoin chúis go raibh bunú oifig an choimisinéara teanga Gaeilge ar liosta “spriocanna fadtéarmacha” an Fheidhmeannais.

Dúirt Johnston go raibh páipéar maidir le bunú oifig an choimisinéara don Ghaeilge á ullmhú ag a oifig le cur faoi bhráid an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire.

Baineann an páipéar chomh maith leis an dá oifig eile atá le bunú faoin reachtaíocht nua – an oifig féiniúlachta agus cultúir agus oifig an Coimisinéara do Thraidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach.

Dúirt Johnston go raibh a oifig ag obair i rith an ama fad is a bhí an feidhmeannas ar scor agus gurb í “an obair phraiticiúil a bhaineann le bunú oifigí stáit” a bhí idir lámha acu.

Mar chuid den obair sin, bhí ‘cur síos’ le déanamh ar phoist nua, bhí liosta le cur le chéile de na cúraimí a bheadh ar na coimisinéirí nua agus bhí “clár oibre” le leagan síos maidir le bunú na n-oifigí.

Dúirt Johnston go mbeadh aighneacht á déanamh “go luath” le cur faoi bhráid na nAirí agus go raibh sé ag súil go ndéanfaí cinneadh go luath i dtaobh cheapadh na gcoimisinéirí.

“Ionas gur féidir linn tabhairt faoi cheapacháin a mbeadh cinneadh le déanamh ag an fheidhmeannas ina leith tá súil againn aighneacht a dhéanamh go luath a léireoidh ‘cá bhfuilimid ina leith seo ar fad’ agus súil againn go ndéanfaidh an aireacht cinntí gan mhoill. Sin rud ar dhíríomar aird air sa tuairisc a bhí againn an chéad lá,” a dúirt Gareth Johnston.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge agus urlabhraí ón Dream Dearg, gur “údar buairimh” é go mbeadh aon rud faoi chur chun cinn na reachtaíochta teanga luaite ar liosta spriocanna fadtéarmacha an Fheidhmeannais.

“Sin ráite, is léir ón méid a dúirt Leas-Rúnaí Oifig Thuaisceart Éireann go bhfuil páipéar réidh le cur faoi bhráid na nAirí agus bheadh muid ag súil go mbeadh na hAirí ag tógáil cinneadh faoin chéad chéim eile, agus ceapadh an choimisinéara gan aon mhoill,” a dúirt Ó Tiarnaigh le Tuairisc.

Clibeanna:

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|